Ceapacháin chuig an gComhairle um Ghairmithe Sláinte agus Cúraim Shóisialaigh (CORU)
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ag teacht sna sála ar fheachtas de chuid na Seirbhíse um Cheapacháin Phoiblí, rinne Simon Harris TD, an tAire Sláinte, na comhaltaí neamhghairmiúla seo a leanas a cheapadh chuig an gComhairle um Ghairmithe Sláinte agus Cúraim Shóisialaigh le héifeacht ón 24 Samhain 2019 go dtí an 20 Márta 2023:
An Dr Mary Tumelty
Tá an Dr Tumelty ina hacadóir lánaimseartha i Scoil an Dlí i gColáiste na hOllscoile, Corcaigh. Tá PhD agus Baitsiléir Dlí ó Ollscoil Luimnigh ag an Dr Tumelty. I measc a réimsí spéise taighde tá an dlí leighis, an eitic leighis, sábháilteacht othar agus réiteach malartach díospóide.
Tá dea-theist taighde idirdhisciplínigh uirthi sna réimsí seo a leanas: an dlí leighis, an eitic leighis, an dlí torta agus réiteach malartach díospóide, lena n-áirítear foilsitheoireacht, cistiú taighde a mhealladh agus idirchaidreamh a dhéanamh le geallsealbhóirí. Tá an Dr Tumelty ina scrúdaitheoir seachtrach do lear cúrsaí acadúla freisin, lena n-áirítear cúrsaí i réimse an dlí sláinte agus i réimse na heitice.
Chuir an Dr Tumelty ardchúrsa in idirghabháil i gcrích i Scoil Dlí Harvard, áit ar díríodh ar straitéisí agus uirlisí a bhfuil mar aidhm leo teacht ar chomhaontú, cásanna casta a bhainistiú agus easaontuithe a réiteach.
An tUas. Barry Downes
Tá Barry ina fheidhmeannach sinsearach a bhfuil raon leathan taithí idirnáisiúnta agus ilchultúrtha aige. I measc na speisialtachtaí atá ag Brian tá bainistíocht oibríochtaí agus treorú a dhéanamh ar fhoirne trasfheidhme chun cuspóirí corparáideacha a chomhlíonadh. Tá taithí fhairsing aige ar na réimsí seo: bainistíocht oibríochtaí, bunathrú eagraíochta chun feabhais, forbairt tionscadal, rannpháirteachas le fostaithe, caidreamh le cliaint, agus idirbheartaíocht conarthaí a stiúradh.
I láthair na huaire, tá Brian ar an bPríomhoifigeach Feidhmiúcháin ar Affidea Ireland. D’oibrigh sé roimhe seo i róil bhainistíochta sinsearaí oibríochtaí i roinnt tionscail dhifriúla. Tá taithí ag Brian mar Stiúrthóir Teicniúil Díolachán agus ar Bhainistíocht Gléasra freisin. Ar na cáilíochtaí acadúla atá aige tá Céim Baitsiléara in Innealtóireacht Mheicniúil ó Institiúid Teicneolaíochta Átha Cliath, Sráid Bolton, agus Céim Máistreachta i Riarachán Gnó ó Scoil Ghnó an Choláiste Impiriúil, Londain.
Rinne Simon Harris TD, an tAire Sláinte, an comhalta neamhghairmiúil seo a leanas a athcheapadh chuig an gComhairle um Ghairmithe Sláinte agus Cúraim Shóisialaigh le héifeacht ón 24 Samhain 2019 go dtí an 20 Márta 2023:
An Dr Carmel Smith
Tá an Dr Smith ina Léachtóir sa Scoil Ghnó agus Daonnachtaí in Institiúid Teicneolaíochta Cheatharlach. Chomh maith leis sin, tá sí ina Comhlach Taighde san Ionad Taighde Leanaí i gColáiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath. Bhronn Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath, PhD i Síceolaíocht uirthi. Baineann a réimsí spéise agus a foilseacháin go príomha le réimse na leanaí agus le réimse na hóige.
D’oibrigh an Dr Smith roimhe seo mar oibrí sóisialach agus mar oifigeach promhaidh i Londain, i mBéal Feirste agus i mBaile Átha Cliath. D’oibrigh sí mar Dhuine Neamhspleách agus mar Imscrúdaitheoir Gearán d’Údaráis Áitiúla i Sasana agus sa Bhreatain Bheag.
Tá méid suntasach eolais agus taithí ag an Dr Smith ar athbhreithnithe institiúideacha agus dearbhú cáilíochta a dhéanamh san earnáil ardoideachais. Ghníomhaigh sí mar Bhall den Phainéal agus mar Chathaoirleach ar Athbhreithnithe Cláir agus Institiúideacha ar institiúidí tríú leibhéal thar ceann Dhearbhú Cáilíochta agus Cáilíochtaí Éireann.