Nuacht
Ceapachán chuig an gComhairle Chomhairlitheach ar Heipitíteas C
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
D’athcheap an tAire Sláinte, Stephen Donnelly T.D., an Cathaoirleach Ger Kane Uas. chuig an gComhairle Chomhairlitheach ar Heipitíteas C le héifeacht ón 21 Nollaig 2022 go dtí an 20 Nollaig 2025.
Ger Kane Uas.
Tá Ger ag obair le daoine a bhfuil Heipitíteas C orthu le níos mó ná 20 bliain anuas, ag gníomhú di i róil éagsúla i bhFeidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte, lena n-áirítear sna róil mar Oifigeach Leasa Pobail, mar Bhainisteoir Cúraim Phríomhúil (Baile Átha Cliath Thiar) agus mar Bhainisteoir um Chuimsiú Sóisialta. Tá sí ina Comhordaitheoir Náisiúnta ar sheirbhísí Heipitíteas C ó bhí an bhliain 2015 ann.