Ceapacháin ar Bhord an Chiste Náisiúnta um Cheannach Cóireála (BCNCC)
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Tá na daoine seo a leanas athcheaptha ag an Aire Sláinte, an tUasal Simon Harris T.D., ar Bhord an Chiste Náisiúnta um Cheannach Cóireála. Beidh na ceapacháin seo i bhfeidhm ón 25 Bealtaine 2020 go dtí an 24 Bealtaine 2023.
Anne Stewart, Uasal
Tá breis is 25 bliain taithí ag Anne i réimse an tSoláthair. Roimhe seo bhí róil Feidhmeannaigh Sinsearaigh aici i réimse an tSoláthair ag leibhéal Domhanda agus Náisiúnta i roinnt tionscal cosúil le leictreonaic, bia, plaistic, bogearraí & teileachumarsáid. Tá neart taithí aici ar fhoinsiú, próisis tairisceana, idirbheartaíocht agus conraitheoireacht. I láthair na huaire, tá sí ag obair mar Stiúrthóir Soláthar Grúpa & Slabhra Soláthair ag Eir. Rinne Anne staidéar ar Cheannach agus ar bhainistíocht Ábhar in Institiúid Teicneolaíochta Bhaile Átha Cliath.
Patricia Byron, Uasal
Tá blianta fada caite ag Patricia Byron ag obair mar fheidhmeannach sinsearach san earnáil Árachais agus seirbhísí gaolmhara airgeadais, agus i láthair na huaire is comhalta í de Choimisiún Bhanc Ceannais na hÉireann. Ba í an chéad POF ar an mBord Measúnaithe Díobhálacha Pearsanta (PIAB). Le linn di a bheith ag feidhmiú mar Chathaoirleach ar Bhiúró Mótar-Árachóirí na hÉireann threoraigh sí clár athchóirithe, a bhí dírithe ar chlaochlú agus ar éifeachtacht gnó. Le linn di a bheith ag feidhmiú mar Chathaoirleach ar Chumann Phríomhfheidhmeannaigh na gComhlachtaí Stáit, ghlac sí páirt ghníomhach i roinnt tionscnamh leathan a bhí dírithe ar athchóiriú na hearnála poiblí. Ó d’fhág sí PIAB in 2015, threoraigh sí clár um Athbhreithniú Straitéiseach ag Suirbhéirí Cairte na hÉireann. D'fhreastail Patricia ar Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath, is Árachóir Cairte í, agus ba í an chéad bhean a ainmníodh mar Uachtarán na hInstitiúide Árachais.