Ceapacháin do Bhoird Chlárúcháin na Comhairle um Ghairmithe Sláinte agus Cúraim Shóisialaigh (CORU)
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Gerard Gray, Uasal, ón 14 Feabhra 2021 go dtí an 13 Feabhra 2025
Rugadh an tUasal Gray i gCathair Ard Mhaca, áit ar chónaigh sé sula ndeachaigh sé go hOllscoil Learphoill chun staidéar a dhéanamh ar an eacnamaíocht. Bhain sé cáilíocht amach mar chuntasóir leis an gCuideachta Gluaisteán Ford tar éis dul ag obair leo agus é ina chéimí faoi oiliúint. Chaith sé breis agus 35 bliana ag obair i róil shinsearacha airgeadais agus straitéise le heagraíochtaí idirnáisiúnta gormshlise amhail Ford, PwC, Courtaulds agus Pilkington.
D’oibrigh an tUasal Gray ar fud an domhain mhóir, san Eoraip agus san Áise go háirithe, agus chaith sé 4 bliana ina chónaí sna Stáit Aontaithe. Chaith sé an 15 bliana deireanacha i mbun ról mar Stiúrthóir Neamhfheidhmiúcháin i roinnt eagraíochtaí seachbhrabúsacha sna hearnálacha sláinte, cúraim shóisialta agus tithíochta. Faoi láthair, is scáthchathaoirleach agus duine de na stiúrthóirí i gCoillte é, is duine de na stiúrthóirí ar an nGrúpa Ospidéal Oirthear na hÉireann é agus ar Sheirbhís Náisiúnta Sláinte Learphoill é, agus le 6 bliana anuas tá sé ina Chathaoirleach ar Ghrúpa Tithíochta mór atá lonnaithe sa Ríocht Aontaithe.
Peadar Ward, Uasal, ón 18 Samhain 2020 go dtí an 13 Feabhra 2024
Tá Peadar Ward ina Phríomhoifigeach Feidhmiúcháin ar Ord Mhálta Éireann. Tá taithí aige san earnáil phoiblí agus san earnáil leathstáit, agus san earnáil cúraim sláinte neamhbhrabúsach freisin. Roimh a cheapachán mar POF ar Ord Mhálta, bhí roinnt ról sinsearach aige san eagraíocht, lena n-áirítear Stiúrthóir Náisiúnta an Chóir Otharcharranna, agus mar stiúrthóir agus iontaobhaí ar an gcarthanas freisin.
Tar éis thart ar 40 bliain caite a chaitheamh ina Státseirbhíseach, tá taithí nach beag ag Peadar ó thaobh beartas a dhréachtú agus a chur chun feidhme ar fud réimse disciplíní. Rinne sé maoirsiú ar roinnt tionscadal um Bainistíocht Athruithe, lena n-áirítear lucht saothair 50+ duine a aistriú ó Roinn na Mara go comhlacht tráchtála leathstáit. Rinne sé bainistíocht tionscadail freisin ar údarás stáit nua a bhunú san earnáil mhuirí.
Bhain sé MA amach sa Chaidreamh Tionsclaíoch ó Ollscoil Keele agus rinne sé roinnt léachtóireachta sa Bhainistíocht Athruithe ar chúrsa MBA na hOllscoile Oscailte. Is idirghabhálaí creidiúnaithe é a bhfuil taithí aige san idirghabháil sa láthair oibre.
Tá an-chuid taithí aige sa rialachas agus tá tréimhsí caite aige ina stiúrthóir, ina chathaoirleach agus ina iontaobhaí carthanais ar roinnt bord carthanais agus eagraíochtaí neamhrialtasacha (ENRanna). Is Iar-Uachtarán é ar Fhoras Muirí na hÉireann agus is duine de stiúrthóirí an Fhorais faoi láthair é.
Evelyn Cawley, Uasal, ceaptha le ceadú an Aire Fiontraíochta, Trádála agus Fostaíochta ón 14 Feabhra 2021 go dtí an 13 Feabhra 2025
Tá taithí agus eolas Evelyn Cawley, idir thaithí agus eolas praiticiúil agus thaithí agus eolas acadúil, an-oiriúnach chun tacaíocht a thabhairt agus caighdeáin ghairmiúla á leagan amach chun seirbhís ardcháilíochta luach ar airgead a sholáthar don phobal. Tá sé léirithe ag Evelyn arís is arís eile go bhfuil sí tiomanta do sholáthar seirbhíse phoiblí agus don oiliúint ghairmiúil.
D’oibrigh sí in go leor réimsí éagsúla ag leibhéal an bheartais agus ag an leibhéal oibríochtúil araon, amhail an t-oideachas, an obair shóisialta agus an fhorbairt phobail, agus sna hearnálacha meabhairshláinte agus míchumais le déanaí. Tríd an taithí atá aici mar chomhalta boird san earnáil phríobháideach agus san earnáil dheonach, tá an-tuiscint aici ar eagraíochtaí éagsúla. Tá taithí leathan aici freisin i réimsí rialáilte; agus tá taithí pearsanta aici ar na riachtanais bainistíochta agus chuntasachta arna n-éileamh ag an Stát chun a chinntiú go gcomhlíontar agus go gcloítear le rialachas corparáideach agus freagracht shóisialta.
Christoper O’Hara, Uasal, ceaptha le ceadú an Aire Fiontraíochta, Trádála agus Fostaíochta ón 18 Samhain 2020 go dtí an 13 Feabhra 2024
Chaith Christopher O’Hara breis agus 30 bliain ag obair i bhFeidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte. In 2010, d’éirigh sé as chun a ghnó Acmhainní Daonna féin a thosú, HRworks Ltd. Le linn an ama a chaith sé ag obair i FSS, d’oibrigh an tUasal O’Hara mar Stiúrthóir Acmhainní Daonna in Ospidéil Ollscoile na Gaillimhe, mar Oifigeach Pearsanra i mBord Sláinte an Iarthair agus mar Phríomhoifigeach sa Lárionad Iontrála Naisiúnta um Ábhar Altraí.
Tá BA bainte amach aige san Oiliúint/Oideachas ó Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, agus is Comhalta é den Institiúid Chairte um Phearsanra agus Forbairt (CIPD). Chuir sé an Clár um Fhorbairt Eagraíochta in Institúid Páirc Roffey sa Ríocht Aontaithe i gcrích freisin.
Chaith an tUasal O’Hara seal ina Chathaoirleach ar CIPD Réigiúin an Iarthair agus is iar-chomhalta é de Choiste Náisiúnta CIPD na hÉireann. Tá sé ina chomhalta anois de Choiste CIPD Réigiún an Iarthair agus de Ghrúpa Stiúrtha Feidhmiúcháin Skillnet na Gaillimhe.
Déanann sé obair dheonach leis an gCarthanas Simon na Gaillimhe agus leis an Tionscadal Carthanachta Afracach um Baile Átha an Rí/Simanjiro na Tansáine. Is comhalta é de Phainéal Araíonachta Chumann Peile na hÉireann. Baineann an tUasal O’Hara sult as na spóirt uile agus tá an-chuid taistil déanta aige ar fud an domhain.
Ian Boyle Harper, Uasal, ceaptha le ceadú an Aire Fiomtraíochta, Trádála agus Fostaíochta ón 18 Samhain 2020 go dtí an 20 Iúil 2023
Is abhcóide cleachtach é an tUasal Boyle Harper, a bhfuil go leor taithí aige i réimse dlí an rialachais, an dlí phoiblí, dlí an riaracháin agus an dlí tráchtála. Tá bunchéim sa dlí bainte amach aige ón gColáiste Ollscoile, Baile Átha Cliath, agus céim máistir ó Scoil Dlí Harvard. Múineann Ian freisin ar an gcúrsa céime d’Abhcódí i gCumann Onórach Ostaí an Rí.
Colm O’Leary, Uasal, ceaptha le ceadú an Aire Fiontraíochta, Trádála agus Fostaíochta ón 18 Samhain 2020 go dtí an 8 Samhain 2024
Tá an tUasal O’Leary ag obair ag an leibhéal bainistíochta sa rialáil ghairmiúil le breis agus 15 bliana le triúir rialtóirí in Éirinn. Bhí ról ríthábhachtach aige ó thaobh Chlár na Múinteoirí in Éirinn a bhunú agus rinne sé maoirsiú ar chlárú breis agus 150,000 gairmí sláinte agus oideachais go dtí seo.
Agus taithí nach beag aige sa dlí corparáideach, sa dlí rialála agus ó thaobh riosca agus coinbhleacht leasa a bhainistiú, rinne Colm go leor cur i láthair os comhair bord agus coistí reachtúla gan áireamh agus tá maoirsiú déanta aige ar dhréachtú roinnt ionstraimí reachtúla agus ar leasuithe ar an mbunreachtaíocht.
D’oibrigh an tUasal O’Leary mar léachtóir san oideachas do mhúinteoirí agus mar stiúrthóir TFC, agus tá cáilíochtaí bainte amach aige san Oideachas, sa Bhainistíocht, san Eolaíocht Ríomhaireachta agus sa Dlí Rialála Gairme. Tabharfaidh sé faoin ról mar Stiúrthóir Rialála Bhord Altranais agus Cnáimhseachais na hÉireann go luath.
Caitriona Bradley, Uasal, ceaptha le ceadú an Aire Fiontraíochta, Trádála agus Fostaíochta ón 18 Samhain 2020 go dtí an 24 Feabhra 2023
Thosaigh Caitriona Bradley amach ag obair mar chógaiseoir pobail agus tá sí ina ceannaire faoi láthair ar Fhorbairt Ghairmiúil Leanúnach do chógaiseoirí, mar Stiúrthóir Feidhmiúcháin Institiúid Cógaisíochta na hÉireann thar ceann an rialtóra cógaisíochta (Cumann Cógaiseoirí na hÉireann).
Tá Institiúid Cógaisíochta na hÉireann lonnaithe i gColáiste Ríoga na Máinlianna, áit a n-oibríonn Caitriona le comhghleacaithe ar fud na Ceannaireachta Míochaine, Altranais, Cógaisíochta, Fisiteiripe, Síceolaíochta agus Cúraim Sláinte chun tacú le foghlaim iarchéime do ghairmithe cúraim sláinte. Tá sí tiomanta amach is amach do chúram duinelárnach a sholáthar. Cuireann a réimse cáilíochtaí sa chógaisíocht, sa staidéar dlí, sa fheabhsú cáilíochta agus sa chóitseáil lena réimse leathan scileanna agus taithí.
I bhfianaise a gairmréime a chuimsíonn réimse an ghnó, an saol acadúil, rialáil ghairmiúil agus ceannaireacht, tá réimse leathan taithí agus saineolas ar a toil ag Caitriona. Tá taithí saoil aici mar thuismitheoir, mar bhean chéile, mar iníon, mar chara, mar shiblín, mar othar agus mar chúramóir, agus mar sin, tá tuiscint rímhaith aici ar riachtanais an duine, an teaghlaigh agus an phobail. Tá sí tiomanta don dea-rialachas freisin agus is comhalta í den Bhord Bainistíochta ina bunscoil áitiúil. Tapaíonn sí gach deis cur leis an tsochaí ag an leibhéal áitiúil agus ag an leibhéal náisiúnta, agus tá sí tiomanta do rath Chomhairle agus Fheidhmeannas na Comhairle um Ghairmithe Sláinte agus Cúraim Shóisialaigh (CORU) a bhaint amach