Ceapachán chuig Bord Clárúcháin na Síceolaithe
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ag teacht sna sála ar fheachtas ar reáchtáil an tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí é, rinne Simon Harris TD, an tAire Sláinte, an duine seo a leanas a cheapadh mar chomhalta neamhghairmiúil de Bhord Clárúcháin na Síceolaithe ón 20 Nollaig 2019 go dtí an 20 Iúil 2021:
Kathleen Vickers Uas.
Tá Kathleen ag obair i réimse an chúraim shóisialaigh le lear blianta anuas, ar lena linn a chuaigh sí ó chúram díreach a sholáthar go hobair ag leibhéal na foirne ardbhainistíochta. Tá sí féinfhostaithe faoi láthair, agus í ag tabhairt faisnéise, comhairle agus tacaíochta do ghníomhaireachtaí maidir le bainistíocht daoine, le bainistíocht athruithe, le meastóireachtaí agus athbhreithnithe agus le forbairt beartais. Is imscrúdaitheoir áit oibre creidiúnaithe í Kathleen freisin.
Le linn an chéad róil bhainistíochta a bhí aici, rud a bhí aici i gComhairle Náisiúnta na hÉireann do na Daill, bhí an eagraíocht ag aistriú ó shamhail charthanais thraidisiúnta seirbhíse chuig samhail seirbhíse a bheadh gairmiúil, dírithe ar an duine agus éifeachtach. Mar bhall den fhoireann bhainistíochta náisiúnta, ghlac sí páirt sa phróiseas straitéiseach ag leibhéal náisiúnta agus ag leibhéal réigiúnach araon, á chinntiú go nglacfadh gach geallsealbhóir páirt sa phróiseas agus go ndéanfaí cumarsáid éifeachtach leo.
Sa bhliain 2009, ghlac Kathleen le ról ardbhainistíochta le Cheshire Ireland. Mar bhall den fhoireann ardbhainistíochta, bhí baint aici le forbairt straitéise agus beartais. De bharr an aistrithe ó sheirbhísí institiúidithe traidisiúnta chuig seirbhísí pobalbhunaithe aonair agus de bharr na timpeallachta rialála a bhí ag teacht chun cinn, bhí Kathleen in ann tuilleadh taithí luachmhaire a ghnóthú ar bhainistíocht athruithe.
Ó thús a gairme i leith, tá Kathleen ag coinneáil spéis i seirbhísí a fheabhsú. Chuaigh sí isteach san fhoireann bhainistíochta ar dtús chun dul i bhfeidhm ar athruithe laistigh d’eagraíochtaí. Tá an-eolas aici ar réimse an rialachais chorparáidigh agus tuigeann sí go hiomlán cé chomh tábhachtach is atá bord atá oilte, gafa agus éifeachtach. Mar chuid dá hobair athbhreithniúcháin, tugann Kathleen tacaíocht do ghníomhaireachtaí maidir le rialachas boird, á chinntiú go bhfuil straitéis shoiléir acu le haghaidh inbhuanaitheachta agus go bhfuil siad ag cloí leis an gCód Rialachais do Charthanais, leis an reachtaíocht ábhartha agus leis an mbeartas poiblí.
Anuas air sin, ceapadh Kathleen chuig bord Rehab Group le déanaí mar iontaobhaí deonach.