Athcheapacháin ar Bhord Clárúcháin na nEolaithe Míochaine:
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Le cead ón Aire Fiontar, Trádála agus Fostaíochta, tá na baill a leanas athcheaptha ag an Aire Sláinte, Stephen Donnelly T.D., ar Bhord Clárúcháin na nEolaithe Míochaine le héifeacht ó 9 Samhain 2022 go dtí 8 Samhain 2026.
Is páirtí bainistíochta í Karen Watret ag Aturnaetha Doyle agus tá saineolas aici ar an Dlí Cúram Sláinte, go háirithe an dithíocht i gcúrsaí cosaint mhíochaine, na rialacháin maidir le cosaint sonraí, eitic mhíochaine, bainistíocht riosca agus faillí ghairmiúil. Déanann sí ionadaíocht ar son Comhlachtaí Stáit, ospidéal agus gairmithe míochaine sna Cúirteanna go léir agus i mBinsí. Tá BSc ag Karen sa mhicribhitheolaíocht mar aon le PhD san Imdhíoneolaíocht. Bhí sí ina comhalta taighde iardhochtúireachta san Imdhíoneolaíocht HIV/AIDS. Tá taithí mórán blianta aici sa taighde agus san fhorbairt, agus sa diagnóisic saotharlann in ospidéil agus sa tionscal Bith-theicneolaíochta araon. Sa bhliain 2018 ceapadh Karen mar Chathaoirleach ar na Foirne Athbhreithnithe ar an Oideachas agus an Oiliúint de chuid CORU, agus faoi láthair tá sí ar an gCoiste um Eitic Thaighde Chliniciúil de chuid na nOspidéal Oiliúna i gCorcaigh. Ceapadh í mar bhall de Bhord Clárúcháin na nEolaithe Míochaine sa bhliain 2021.
Bhain Eamonn céim BSc (Onóracha) i nGeolaíocht amach as an gColáiste Ollscoile, Baile Átha Cliath. Ghnóthaigh sé céim MSc i gCosaint an Chomhshaoil agus Dioplóma i Riarachán Poiblí ina dhiaidh sin. D’oibrigh Eamonn ar dtús do chuideachtaí taiscéalaíochta mianraí agus mianadóireachta i Meiriceá Thuaidh. Sna 1980í, chuir sé cuideachta comhairleachta mianraí ar bun agus d’oibrigh sé mar gheolaí mianraí ar fud cúig mhór-roinn. Sa bhliain 1995, chuaigh sé isteach san fhoireann acadóirí i Roinn na hEolaíochta Comhshaoil san Institiúid Teicneolaíochta, Sligeach. De bhreis ar a dhualgais léachtóireachta, bhí baint aige le leas mac léinn agus le staidéir Chianfhoghlama agus bhí sé ina chomhalta den Chomhairle Acadúil. Ball bunaithe de Chumann na hÉireann um Gheolaíocht Eacnamaíoch is ea Eamonn. Chomh maith leis sin, tá sé ina Bhall Gairmiúil d’Institiúid Geolaithe na hÉireann agus ina bhall de Chónaidhm Eorpach na nGeolaithe. D’fhóin sé ar bhord an Údaráis um Ard-Oideachas agus ar bhord roinnt cuideachtaí poiblí agus carthanúla. Ceapadh é mar stiúrthóir um Leas an Phobail agus tá spéis ar leith aige sa rialachas corparáideach. Cé go bhfuil sé ar scor anois,
tá Eamonn ag foilsiú ábhar ar a réimsí spéise taighde, ag labhairt fúthu agus á gcothabháil. Tá siad dírithe ar oideachas poiblí ar thairbhí na geolaíochta, ar an soláthar inbhuanaithe amhábhar agus ar na gnéithe dearfacha de riandúile, go háirithe miotail, i gcorp an duine.