Ceapachán Chathaoirleach Choiste Comhairleach Feistí Leighis an Údaráis Rialála Táirgí Sláinte (HPRA)
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Tá an duine seo a leanas ceaptha ag an Aire Sláinte, Simon Harris T.D., mar Chathaoirleach ar Choiste Comhairleach Feistí Leighis an Údaráis Rialála Táirgí Sláinte (HPRA). Beidh an ceapachán seo bailí don tréimhse ón 26 Bealtaine 2020 go dtí an 31 Nollaig 2024:
An tOllamh Richard Reilly
Is Ollamh le hInnealtóireacht Néarach i gColáiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath, é an tOllamh Reilly.
Is comhcheapachán é seo idir Scoil an Leighis agus Scoil na hInnealtóireachta. Tá sé
ag obair mar Phríomhthaighdeoir in Ionad na Tríonóide um Innealtóireacht Bithleighis (TCBE) agus mar Phríomhthaighdeoir in Institiúid Néareolaíochta Choláiste na Tríonóide (TCIN). Áirítear i measc a réimsí taighde, innealtóireacht néarach chliniciúil atá bunaithe ar phróiseáil comharthaí sonraí leictrifiseolaíocha, néar-íomháithe agus bithfhuaimiúla chun modhanna
cainníochtúla a fhorbairt chun feidhm néarach agus paitfhiseolaíocht bhunúsach próiseáil chéadfach agus chognaíoch a thuiscint.
Is ball é d’Acadamh Ríoga na hÉireann mar aon le Comhalta den Chomhghuaillíocht Eorpach le haghaidh Innealtóireacht & Eolaíocht Leighis agus Bitheolaíochta agus Comhalta d’Acadamh Ríoga an Leighis in Éirinn. Bhronn Acadamh Ríoga an Leighis in Éirinn Bonn Haughton air in 2013. In 2004, bronnadh Gradam Fulbright SAM air as comhoibriú taighde dírithe ar chomhtháthú ilchéadfach in Institiúid Nathan Kline um Thaighde Síciatrach, Nua-Eabhrac. Bhronn Coláiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath, céim Baitsiléir Innealtóireachta san Innealtóireacht Leictreonach, MEngSc agus PhD san Innealtóireacht Bithleighis air.