Fáiltíonn an tAire Donohoe roimh cheapadh Philip Lane ar Bhord Feidhmiúcháin Bhanc Ceannais na hEorpa
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
D'fháiltigh Paschal Donohoe TD, an tAire Airgeadais agus Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe, inniu (Dé hAoine) roimh cheapachán an Ollamh Philip Lane, Gobharnóir Bhanc Ceannais na hÉireann, ar an mBord Feidhmiúcháin ag an mBanc Ceannais Eorpach.
D'eascair an ceapachán ó mholadh ag cruinniú an 12 Feabhra de Chomhairle na nAirí Airgeadais ECOFIN.
Dúirt an tAire Donohue:
“Is cúis mhór áthais dom an Gobharnóir Philip Lane a bheith ceaptha ar an mBord Feidhmiúcháin ag an mBanc Ceannais Eorpach.
Sárfhear eacnamaíochta é Philip agus tá cion tairbhe an-tábhachtach déanta aige le ceithre bliana anuas ina Ghobharnóir dó ar an mBanc Ceannais.
Is tábhachtach gradamúil an post seo agus tá mé cinnte go ndéanfaidh Philip fónamh thar na bearta sa ról nua seo aige leis an ECB. Guím gach rath air.”
CRÍOCH
Nóta don Eagarthóir
Rachaidh an tOllamh Lane i mbun an phoist nua ar an 1 Meitheamh 2019 agus é ag teacht i gcomharbacht ar Peter Praet a dtiocfaidh deireadh lena théarma oifige an 31 Bealtaine. D'aontaigh Comhairle na nAirí Airgeadais ECOFIN ar mholadh foirmeálta leis an gComhairle Eorpach maidir le ceapachán Philip Lane ag cruinniú an 12 Feabhra. Tar éis do Pharlaimint na hEorpa agus don Bhanc Ceannais Eorpach tuairim a chur faoi bhráid, cheap an Chomhairle Eorpach Philip Lane ar an mBord Feidhmiúcháin ag an ECB ag cruinniú an 21-22 Márta.