Léirithe Spéise ar Comhlacht Saineolaithe Éireann um Fhluairídí agus Sláinte
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Cuireann an tAire Sláinte fáilte roimh léirithe spéise ó iarrthóirí atá cáilithe go cuí chun dhá fholúntas a líonadh ar Chomhlacht Saineolaithe Éireann um Fhluairídí agus Sláinte.
Saineolas sonrach ag teastáil i gceachtar de na réimsí seo a leanas:
Cáilíochtaí acadúla láidre agus/nó cúlra taighde agus/nó saineolas i bhfeidhmiú taighde i réimsí na hÉiceathocsaineachta agus/nó na hEipidéimeolaíochta Feidhmí.
Dearadh agus léirmhíniú staidéir taighde le saineolas/léargas ar leith ar dhearadh le haghaidh idirghabhálacha casta. Áireofar leis seo saineolas/léargas in athbhreithnithe córasacha agus i meit-anailís.
Tá téarma oifige an Chomhlachta Saineolaithe le dul in éag an 31 Deireadh Fómhair 2022.
Féach an Leabhrán Faisnéise le haghaidh sonraí iomlána.