Ceaptar Mo Flynn – Cathaoirleach – Comhairle na nGairmithe Sláinte agus Cúram Sóisialta (CORU)
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Tar éis feachtais de chuid na Seirbhíse um Cheapacháin Phoiblí (PAS), tá Mo Flynn ceaptha ag an Aire Sláinte,T.D., mar Chathaoirleach ar Chomhairle nGairmithe Sláinte agus Cúram Sóisialta (CORU) le héifeacht ó 01 Nollaig 2020 go dtí 30 Samhain 2024.
De réir na dtreoirlínte a bhaineann le Ceapacháin ar Bhoird Stáit, tá sé curtha in iúl ag an Aire do Chathaoirleach an Chomhchoiste Oireachtais um Shláinte go ndearnadh an ceapachán seo. Níl sé ar chumas an Choiste bualadh le Mo Flynn ag an am seo.
Tá taithí 40 bliain ag Mo Flynn ar an gcóras sláinte agus ar chúram sóisialta. Bhí sí ina Príomhfheidhmeannach Grúpa ar an nGrúpa Rehab ó 2015 go dtí Márta 2020, agus ina Príomhfheidhmeannach ar Ospís agus Seirbhísí Cúraim Mhuire ó 2006 go dtí 2014. Tá taithí leathan ag Mo ar chúrsaí a bhaineann le rialachas, le pleanáil straitéiseach, le bainistíocht airgeadais chriticiúil, le forbairt polasaí, le seirbhísí sláinte agus sóisialta, agus le forbairt eagraíochta. Chomh maith le taithí shuntasach ar chathaoirleacht a dhéanamh agus ar bhallraíocht i mboird i réimse leathan d’eagraíochtaí a oibríonn le gairmithe thar mórán disciplíní, tá taithí aici freisin ar bhoird phoiblí mar iar-cheapachán de chuid an Aire ar an Údarás um Fhaisnéis agus Cáilíocht Sláinte, agus mar iar-chomhalta tuata de Chomhairle CORU. Faoi láthair, tá sí ina comhalta ar Choiste Rialachais Institiúid Charthanachta Éireann agus ina iar-uachtarán ar Chumann Geirinteolaíochta na hÉireann. Tá seirbhísí sainchomhairleoireachta á gcur ar fáil ag Mo faoi láthair maidir le tacaíocht rialachais, le forbairt straitéise and le meantóireacht d’fheidhmeannaigh.