Ceapacháin chuig Bord Forbartha an Ospidéil Náisiúnta Phéidiatraigh
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ag teacht sna sála ar fheachtas de chuid na Seirbhíse um Cheapacháin Phoiblí, rinne Simon Harris TD, an tAire Sláinte, John McGowan agus Michael Shelly a cheapadh chuig Bord Forbartha an Ospidéil Náisiúnta Phéidiatraigh. Mairfidh na ceapacháin don tréimhse ón 20 Feabhra 2020 go dtí an 19 Feabhra 2025.
An tUas. John McGowan
Tá John ina shainchomhairleoir agus ina stiúrthóir ag a bhfuil taithí ar mhórthionscadail chaipitil a sholáthar ar fud an domhain. Go mall sna hochtóidí, ghníomhaigh John mar stiúrthóir tionscadail le Jacobs ar thionscadal Fab10 de chuid Intel i Léim an Bhradáin.
D’earcaigh Intel é ina dhiaidh sin, áit ar oibrigh sé i róil éagsúla amhail mar bhainisteoir saoráidí campais, mar Leas-Uachtarán (ar TMG), mar Bhainisteoir Ginearálta ar champas Léim an Bhradáin agus mar Stiúrthóir Seirbhísí Corparáideacha ina dhiaidh sin. Agus é ag obair mar Stiúrthóir Seirbhísí Corparáideacha, bhí freagracht ar John as na mórthionscadail chaipitil uile ar domhan de chuid Intel a sholáthar, rud lenar bhain caiteachas bliantúil os cionn $2 billiún.
Ar an taithí eile atá aige tá róil mar Stiúrthóir Bainistíochta in Michael McNamara Construction agus mar shainchomhairleoir agus mar stiúrthóir neamhfheidhmiúcháin i gcuideachtaí éagsúla, lena n-áirítear DPS Engineering, áit ar dhírigh sé ar dtús ar choigeartú méide i margadh laghdaithe don fhoirgníocht agus níos déanaí fós ar éagsúlú margaí, agus leas á bhaint as an méadú suntasach atá tagtha ar infheistíocht caipitil corparáidí ilnáisiúnta le ceithre bliana anuas.
Tá John ina Innealtóir Cairte agus ina iar-Uachtarán ar Innealtóirí Éireann (’06/’07) agus ar Acadamh Innealtóireachta na hÉireann (’14/’15).
An tUas. Michael Shelly
Tá Michael ina Innealtóir Cairte agus ina Stiúrthóir Cairte ag a bhfuil taithí 45 bliana sa tionscal foirgníochta in Éirinn agus i dtíortha eile. Cháiligh Michael mar innealtóir ó Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, agus chuir sé céim M.Sc. i Struchtúir Innealtóireachta i gcrích i gColáiste na Tríonóide ina dhiaidh sin.
Chaith sé an chuid is mó dá shaol oibre le PM Group, cuideachta sainchomhairleoirí idirnáisiúnta innealtóireachta agus bainistíochta tionscadail atá lonnaithe in Éirinn. D’oibrigh sé mar bhainisteoir tionscadail agus mar stiúrthóir tionscadail ar thionscadail éagsúla i roinnt mhaith earnálacha agus áiteanna. Tá obair déanta aige i lear áiteanna ar domhan agus chomhlíon sé ról tábhachtach i bhforbairt idirnáisiúnta PM Group. Bhí Michael ina Stiúrthóir Feidhmiúcháin ar PM Group ar feadh 18 mbliana. Tá sé ag fónamh faoi láthair mar Chathaoirleach ar Tobin Consulting Engineers.