Cáin dhigiteach á plé ag an Aire Donohoe sa Bhruiséil
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Cruinniú leis an Seansailéir Javid sceidealta do chruinniú deiridh ECOFIN na Ríochta Aontaithe chomh maith
Inniu (Dé Máirt), tabharfaidh an tAire Airgeadais agus Caiteachais Phoiblí & Athchóirithe, Paschal Donohoe, aghaidh ar an mBruiséil chun freastal ar Chomhairle na nGnóthaí Eacnamaíocha agus Airgeadais (ECOFIN).
I rith ECOFIN, beidh deis ag Airí Airgeadais agus Eacnamaíocha Eorpacha roinnt nithe tábhachtacha a phlé cosúil leis an gComhaontú Glas don Eoraip, Seimeastar Eorpach 2020, agus dúshláin chánach atá ag eascairt as digitiú. Déanfaidh an tAire Donohoe ionadaíocht ar sheasamh na hÉireann.
Go sonrach, beidh deis i rith an chruinnithe tuairimí a mhalartú faoi na dúshláin a eascraíonn as digitiú, atá ullmhaithe ag Uachtaránacht na Cróite.
Chomh maith leis sin, beidh cruinniú déthaobhach ag an Aire Donohoe le Seansailéir an Státchiste na Ríochta Aontaithe, Sajid Javid, a bheidh ag freastal ar an gcruinniú, sula bhfágann an Ríocht Aontaithe an tAontas Eorpach ar an 31ú Eanáir 2020.
Bhí an méid seo a leanas le rá ag an Aire Donohoe roimh an gcruinniú:
‘Ba mhaith liom béim a leagan ar an tábhacht a bhaineann leis an obair atá á déanamh ag an OECD maidir leis na dúshláin chánach a eascraíonn as digitiú. Is den tábhacht é go n-éiríonn leis an obair atá ar bun ag OECD cinnteacht a sholáthar chomh fada is a bhaineann leis an gcreat cánach idirnáisiúnta a bheidh ann amach anseo’.
“Glacaim leis go bhfuil tuairimí éagsúla ag na Ballstáit maidir leis na buntáistí a bhaineann le gnéithe éagsúla de thograí OECD, agus sílim gur céim thábhachtach chun dlús a chur faoin obair seo a bheidh i gcruinniú Chreat Ionchuimsitheach OECD ag deireadh na míosa seo. Leanfaidh Éire le ról gníomhach a bheith aici san obair atá ar bun ag OECD agus sna hiarrachtaí atá ar bun guth coiteann AE a fhorbairt.
“Tá áthas orm freisin go mbeidh deis agam bualadh leis an Seansailéir Javid nuair a bheidh mé sa Bhruiséil. Beidh dlúth-theagmháil lenár gcontrapháirteanna sa Ríocht Aontaithe sa tréimhse i ndiaidh dóibh an AE a fhágáil tábhachtach. Amárach beidh deis againn saincheisteanna a bhaineann le Brexit agus leis an gcaidreamh a bheidh eadrainn amach anseo a phlé, ábhar fíorthábhachtach.”
Chomh maith leis sin, déanfaidh an Coimisiún Eorpach cur i láthair faoi ghnéithe geilleagracha agus airgeadais an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip, a seoladh ar an 11 Nollaig 2019, agus ina leagtar amach na chéad chéimeanna le haghaidh na bpríomhpholasaithe agus na bpríomhbheart a bheidh mar bhonn le hastaíochtaí gás ceaptha teasa nialasacha a chinntiú san AE faoin mbliain 2050.
Ag cur leis seo, mar chuid den Seimeastar Eorpach, cuirfidh an Coimisiún an Straitéis Bhliantúil maidir le Fás Inbhuanaithe i láthair freisin, Straitéis a bhfuil sé mar aidhm léi leanúint le béim shuntasach a leagan ar fhás inbhuanaithe agus ag an am céanna saincheisteanna comhshaoil a chur san áireamh. Beidh deis ag na hAirí a dtuairimí maidir leis na nithe seo a mhalartú lena chéile.
Is é seo an chéad uair a bhfuil Comhairle an Aontais Eorpaigh ag an gCróit, agus is é seo an chéad Chomhairle ECOFIN d’Uachtaránacht nua na Cróite a bheidh á reáchtáil.
CRÍOCH
Sonraí Teagmhála:
Deborah Sweeney - Comhairleoir Preasa an Aire Donohoe - 086 858 6878
Aidan Murphy - Preasoifigeach, An Roinn Airgeadais - 085 886 6667