Ceapacháin chuig Bord Clárúcháin na nDiaitéiteach
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ag teacht sna sála ar a dtoghadh ag cláraithe de chuid na gairme, rinne Simon Harris TD, an tAire Sláinte, na daoine seo a leanas a cheapadh mar chomhaltaí gairmiúla de Bhord Clárúcháin na nDiaitéiteach le héifeacht ón 20 Feabhra 2020 go dtí an 13 Feabhra 2024:
Claire Browne Uas.
Cháiligh Claire mar Dhiaitéiteach ó Choláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath/Institiúid Teicneolaíochta Bhaile Átha Cliath sa bhliain 2002. Thosaigh sí a gairm in Ospidéal San Séamas. D’oibrigh sí i roinnt réimsí cliniciúla sular ghlac sí le post an Bhainisteora Diaitéiteach ansin sa bhliain 2007.
Chuir sí céim MA i mBainistíocht Cúram Sláinte i gcrích sa bhliain 2012. Idir an bhliain 2014 agus an bhliain 2015, d’oibrigh Claire mar Bhainisteoir Cláir don Chlár Cliniciúil Náisiúnta um Péidiatraic agus Nua-naíocht, áit ar ghlac sí páirt lárnach sna samhlacha náisiúnta cúraim don Phéidiatraic agus don Nua-naíocht a fhorbairt.
D’aistrigh Claire chuig Ospidéal Shráid Temple i mí Dheireadh Fómhair 2015 chun tabhairt faoi phost an Bhainisteora Diaitéiteach i gCeannas III. Sa bhliain 2016, chuir sí Dioplóma i bhFeabhsú Cáilíochta agus Ceannaireacht i gCúram Sláinte i gcrích i gColáiste Ríoga Lianna na hÉireann.
Ón mbliain 2019 i leith, tá Claire ar Threoraí Imeasctha na nGairmithe Cúram Sláinte agus Cúraim Shóisialaigh laistigh de phleanáil Shláinte Leanaí Éireann le haghaidh oscailt an ospidéil nua do leanaí agus seirbhísí na nGairmithe Cúram Sláinte agus Cúraim Shóisialaigh ó na trí ospidéal do leanaí atá ann cheana a thabhairt le chéile.
An Dr Annemarie Bennett
Bhain an Dr Bennett céim Céadonóracha amach sa chlár BSc i gCothú an Duine agus Diaitéitic sa bhliain 2011. Is cúrsa é atá á reáchtáil ag Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath, i gcomhpháirt le hOllscoil Teicneolaíochta Bhaile Átha Cliath. Chuir sí PhD i gcrích sa bhliain 2016 agus ghlac sí lena post reatha mar Ollamh Cúnta le Diaitéitic i gColáiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath, sa bhliain 2017.
Tá sí ag obair i dteagasc tríú leibhéal ón mbliain 2012 i leith, ag obair di i gColáiste na Tríonóide, in Ollscoil Teicneolaíochta Bhaile Átha Cliath agus in Institiúid Teicneolaíochta Bhaile Átha Luain. Mar chuid dá ról reatha, déanann sí maoirseacht ar fhorbairt an oideachais chleachtais ar an gclár fochéime i gCothú an Duine agus Diaitéitic. Mar thoradh air sin, cuireadh feabhas suntasach ar dhearadh agus bainistíocht an oideachais chleachtais fochéime i ndiaitéitic, agus tá sí ag glacadh páirt faoi láthair i dtionscadal taighde náisiúnta chun tomhais cháilíochta a chinneadh in oideachas cleachtais i measc na ngairmithe sláinte comhghaolmhara uile.
Anuas ar an méid atá sí ag cur le hoideachas cleachtais, tá sí ag glacadh páirt ghníomhach i staidéir thaighde a dhearadh, a fhorbairt agus a chur chun feidhme ar bhonn leanúnach, go háirithe le lánúineacha torracha, le naíonáin, le leanaí ar aois scoile agus le hothair ailse éasafagaí. D’oibrigh sí i gcomhar le hÚdarás Sábháilteachta Bia na hÉireann freisin chun beartais agus doiciméid a tháirgeadh lena n-aistrítear beartais ina gcomhairle dhiaitéiteach inrochtana do ghnólachtaí bia agus do ghairmithe sláinte ar leibhéal náisiúnta.