Athcheapachán chuig bord an Bhoird Taighde Sláinte
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Tá an tAire Sláinte Stephen Donnelly T.D., tar éis an tOllamh Tom Fahey a athcheapadh ar an mBord Taighde Sláinte le héifeacht ón 18ú Eanáir 2023 go dtí an 17ú Eanáir 2026.
Is Ollamh le Cleachtadh Ginearálta é Tom Fahey i Scoil Leighis RCSI, Baile Átha Cliath, agus is Príomh-Imscrúdaitheoir é ar ionad an HRB do Thaighde Cúraim Phríomhúil.
Céimí 1986 de chuid Choláiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath, fuair sé oiliúint i gCleachtadh Ginearálta agus i Leigheas Sláinte Poiblí sa Ríocht Aontaithe. Bhí poist acadúla aige i scoileanna leighis Oxford (Léachtóir), Bristol (Léachtóir Sinsearach) agus Dundee (Ollamh). Is iad na hábhair spéise taighde atá aige ná leigheas fianaisebhunaithe, sábháilteacht drugaí, éagsúlacht cleachtais leighis agus cúram cuí.