Rinne Simon Harris TD, an tAire Sláinte, na daoine seo a leanas a cheapadh/a athcheapadh mar chomhaltaí de Bhord Ospidéal San Séamas
Mar dhuine a d’oibrigh mar Phríomhoifigeach Feidhmiúcháin ar Ospidéal Ollscoile Fiaclóireachta Bhaile Átha Cliath ar feadh geall le 20 bliain (go dtí an bhliain 2011), tá taithí ag Brian ar phleanáil straitéiseach, forbairt agus cur chun feidhme; ar bhonneagar fisiciúil a phleanáil agus a fhorbairt; ar bhainistiú oibríochtúil a dhéanamh ar sheirbhís ospidéil, lena n-áirítear acmhainní daonna, airgeadas, agus rialachas corparáideach; ar sheirbhísí d’othair; agus ar chórais TFC a phleanáil agus a chur chun feidhme. Sa phost sin, bhí air idirghníomhú leis an Roinn Sláinte, leis an Roinn Oideachais, le Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte, le hOllscoileanna, le Gníomhaireachtaí Reachtúla agus le hospidéil eile.
Thar na blianta, ghnóthaigh Brian na scileanna a theastaíonn chun idirchaidreamh a dhéanamh le comhghleacaithe ar Bhoird éagsúla i réimse na sláinte agus i réimse an oideachais chun seirbhísí a phleanáil agus a sholáthar trí chathaoirleacht a dhéanamh ar choistí Boird, amhail airgeadas, iniúchóireacht, oideachais agus taighde, nó trí pháirt a ghlacadh iontu.
D’fhóin Brian ar Bhoird éagsúla roimhe seo. Faoi láthair, tá sé ina chomhalta de Bhord Ospís Mhuire Mháthair agus Seirbhísí Cúraim, Crois Araild agus an Charraig Dhubh. Athcheaptar Brian don tréimhse ón 24 Aibreán 2019 go dtí an 23 Aibreán 2025 ar ainmniú a fháil ó Chathaoirleach Bhord Ospidéal San Séamas.
Cuntasóir Cairte – Sainchomhairleoir Airgeadais agus Gnó
Bhí Martin ina Stiúrthóir Seirbhísí Corparáideacha agus ina Cheann Airgeadais Chorparáidigh (1988-2004) in Ernst & Young Chartered Accountants.
Is é réimse an airgeadais príomhréimse saineolais Martin. Baineann a phríomhscileanna le réimse an airgeadais, go háirithe i réimse na gcumasc agus na n-éadálacha, le hairgeadas, le straitéis chorparáideach agus le forbairt gnó.
D’oibrigh Martin mar shainchomhairleoir i bhformhór na n-earnálacha gnó in Éirinn. Bhí baint aige le pleanáil, agus le pleanáil airgeadais go háirithe, in eagraíochtaí éagsúla maidir le mórchaiteachas caipitil, le héadálacha agus le hathstruchtúrú – de bhreis ar ghnáthbhuiséadú bliantúil agus ar ghnáthphleanáil bhliantúil.
Athcheaptar Martin don tréimhse ón 28 Márta 2019 go dtí an 27 Márta 2025.
Agus céimeanna BA agus MSc (Bainistíocht) ina sheilbh aige, bhí Michael Gleeson ina Rúnaí don Choláiste agus ina Stiúrthóir Tionscnamh Straitéiseach i gColáiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath, ó 1990 go 2008 agus ó 2008 go 2011 faoi seach.
Tá raon leathan taithí aige i Rialachas Corparáideach, i bPleanáil Straitéiseach, i mBainistíocht Riosca agus in Idirghabháil.
Tá sé ina Chathaoirleach ar Bhord Iontaobhaithe Institiúid Oideachais Marino agus ar Bhord Fondúireachta Chumann Ríoga Bhaile Átha Cliath. Tá sé ina chomhalta de Bhord Iontaobhas Ghlas Naíon, ina Ghobharnóir Scoile agus ina Iontaobhaí Pinsean freisin.
Agus í féinfhostaithe, tá Catherine ina hinfheisteoir maoine, ina forbróir maoine agus ina bainisteoir sócmhainní maoine. D’oibrigh sí i seirbhísí airgeadais i mBaile Átha Cliath suas go dtí an bhliain 2005, áit ar ghabh sí go príomha d’iasachtú tráchtála le Banc Angla-Éireannach agus le KBC araon. Tá taithí shuntasach aici ar idirbhearta maoine ar mhórscála a struchtúrú agus a idirbheartú.
D’fhóin sí mar stiúrthóir neamhfheidhmiúcháin le Gníomhaireacht Forbartha Dugthailte Bhaile Átha Cliath ó mhí an Mheithimh 2007 go dtí an bhliain 2012 agus bhí sí ina comhalta den choiste Iniúchóireachta, Airgeadais agus Riosca agus ina cathaoirleach ar an gcoiste Ealaíon agus Cultúir.
Chuaigh sí le bord na Fondúireachta Pobail d’Éirinn mar stiúrthóir neamhfheidhmiúcháin sa bhliain 2017. Tá an Fhondúireacht ar cheann de na heagraíochtaí daonchairdiúla is mó in Éirinn. Éascaíonn sí carthanacht straitéiseach trí sheirbhísí síntiúsóra a sholáthar agus infheistíonn sí ar ais sa phobal. Cistíonn an Fhondúireacht tionscadail lena dtéitear i ngleic leis na fadhbanna atá ann ina lán réimsí – an t-oideachas, leanaí agus an óige, an easpa dídine agus an foréigean baile ina measc.
Tá sí ina stiúrthóir ar “Follow Your Dream Company Limited by Guarantee”, ar carthanas é atá lonnaithe i gCluain Dolcáin agus a thacaíonn le leanaí a gcuid uaillmhianta agus spriocanna a bhaint amach. Tá sí ag fónamh mar rúnaí cuideachta ó bunaíodh an carthanas sa bhliain 1999.
Bhain sí céim bhaitsiléara sa Tráchtáil amach ón gColáiste Ollscoile, Baile Átha Cliath, sa bhliain 1988. Cháiligh sí mar chuntasóir deimhnithe (ACCA) ina dhiaidh sin sa bhliain 1992. Chuir sí an Deimhniú agus an Dioplóma i dTreorú Cuideachta i gcrích sa bhliain 2017 faoin gclár Stiúrthóirí Cairte de chuid Institiúid na Stiúrthóirí, agus é mar aidhm aici dul i mbun roinnt post neamhfheidhmiúcháin ansin.
Bíonn sí an-ghníomhach ina pobal áitiúil agus sealbhaíonn sí roinnt post in eagraíochtaí deonacha agus spóirt. Creideann sí go bhfuil freagracht orainn go léir an comhar a íoc leis an bpobal nuair is féidir linn.