Ceapacháin chuig Bord Clárúcháin na nOibrithe Cúraim Shóisialaigh
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Tar éis feachtais ón tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí, tá na comhaltaí seo a leanas ceaptha ag an Aire Sláinte Stephen Donnelly T.D., ar Bhord Clárúcháin na nOibrithe Cúraim Shóisialaigh le héifeacht ón 1ú meitheamh 2023 go dtí 26ú Márta 2027.
Emmett Tuite
Is é Emmet Tuite an stiúrthóir clár do chláir Chúram Sóisialta Feidhmeach ar Champas Bhaile Bhlainséir in Ollscoil Teicneolaíochta Bhaile Átha Cliath. Múineann sé modúil thar raon réimsí, lena n-áirítear; cleachtas gairmiúil, úsáid substaintí, modhanna taighde agus ullmhú socrúcháin. D’fheidhmigh sé freisin mar scrúdaitheoir seachtrach ar roinnt clár cúraim shóisialta le blianta beaga anuas tá Emmet ina chomhalta boird de Social Care Ireland faoi láthair. Tá iliomad alt scríofa aige freisin le foilsiú agus chuir sé i láthair go rialta ag comhdhálacha Éireannacha agus idirnáisiúnta.
Audrey Reddington
Is oibrí cáilithe cúraim shóisialta í Audrey Reddington ó 2004 i leith, tar éis di a bheith ag obair le daoine fásta faoi mhíchumas, tithe cónaithe príomhshrutha, aonad cúraim slán agus le Enable Ireland i seirbhísí faoisimh le leanaí le 14 bliana anuas. Bhí sí ina bainisteoir in 2016 agus in 2019 rinne sí dhá theach a bhainistiú; ceann do leanaí agus an ceann eile do dhaoine fásta faoi mhíchumas. Tá a paisean i seirbhísí leanaí agus seo an áit a bhfuil sí fós. D’oibrigh Audrey go deonach le grúpa oibre CORU in 2015/2016 chun clárúchán a fhorbairt d’oibrithe cúraim shóisialta agus d’oibrigh sí le CORU freisin chun athbhreithniú a dhéanamh ar chúrsaí coláistí ionchasacha d’oibrithe cúraim shóisialta. In 2015, thug sí faoi chéim i teiripe fhisiciúil agus ról an bhainisteora faoisimh ina post lánaimseartha á ghlacadh aici freisin, agus mar sin tá an ilghnéitheacht ina cuid fola ach tá cothromaíocht ríthábhachtach.
Darren Crowe
D'oibrigh Darren Crowe i seirbhísí cúraim shóisialta go náisiúnta ar feadh níos mó ná 15 bliana, go háirithe i réimse an easpa dídine. Tá MA i gCúram Sóisialta ag Darren ón Institiúid Teicneolaíochta, Trá Lí (Ollscoil Teicneolaíochta na Mumhan anois). Tá seirbhísí á mbainistiú aige ar fud na tíre lena n-áirítear seirbhísí cónaithe agus pobalbhunaithe, le NOVAS agus le Cumann Naomh Uinseann de Pól. Tá spéis ar leith ag Darren i bhforbairt bhreise Chúram Sóisialta leis an earnáil dheonach, agus go háirithe seirbhísí do dhaoine gan dídean.
Michelle Long
Is gairmí cúraim shóisialta le taithí í Michelle Long le breis agus 25 bliain léirithe ag obair i róil éagsúla bainistíochta cúraim shóisialta i lár agus sinsearach. Tá dea-theist ag Michelle maidir le torthaí ardchaighdeáin a bhaint amach d'úsáideoirí seirbhíse. D’oibrigh sí thar eagraíochtaí poiblí agus príobháideacha cúraim shóisialta i gceannas ar fhoirne agus ag forbairt foirne san earnáil chúraim shóisialta.Cháiligh sí le dioplóma i Staidéar Sóisialta Feidhmeach i gcúram sóisialta sular bhain sí dioplóma i mbainistíocht seirbhísí sláinte agus MA i gceannaireacht agus i mbainistíocht.