Athcheapacháin do Chumann Haemaifilia na hÉireann:
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Tá an Dr. Cleona Dugann athcheaptha ag an Aire Sláinte, Stephen Donnelly. do Chumann Haemaifilia na hÉireann héifeacht ón 4u Meán Fómhair 2024 go 3ú Meán Fómhair 2027.
Rugadh an Dr. Cleona Dugann sna Stáit Aontaithe agus tógadh i mBaile Átha Cliath í. Bhog a teaghlach go Corcaigh, an áit ina fuair sí a cuid scolaíocht. D’fhreastal sí ar Choláiste na hOllscoile, Corcaigh, agus rinne sí staidéar ar leigheas. Nuair a bhí an céim bainte amach aici, rinne sí a saintraenáíl bunúsach i mBaile Átha Cliath agus i Londain. D’fhill sí ar Bhaile Átha Cliatha chun saintraenáil níos airde a dhéanamh i Haemaiteolaíocht (Cliniciúil agus Saotharlann) agus bronnadh ballraíocht den Choláiste Ríoga na bPaiteolaithe i 1997, agus Comhaltacht i 2005. Bronnadh Comhaltacht de dhámh paiteolaíochta di, i gColáiste Ríoga na bPaiteolaithe i 2000. Oibríonn sí mar Haemaiteolaí Comhairleach le spéis áirithe i Haemastáis agus Trombóis ag Ospidéal Ollscoil Chorcaí agus Colásite na hOllscoile, Corcaigh leis an bhfreagracht as chúram do dhaoine le hAimhréire Fuilteacha Oidhreachtúla ag an Ionad Cúraim Cuimsitheach i gCorcaigh. Tá an post sin aici ó 2010.