Ceapacháin ar Bhord Clárúcháin na Radagrafaithe
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Deirdre O’Keeffe
Tá taithí os cionn 30 bliain ag Deirdre ag obair i seirbhís na Sláinte agus tá sí fostaithe faoi láthair mar Bhainisteoir Ginearálta i bhFeidhmeannas na Seirbhíse Sláinte (FSS). I ndiaidh di tosú ar a gairme mar altra agus ag bogadh isteach sa bhainistíocht deich mbliana ina dhiaidh sin, fuair Deirdre taithí fhairsing i róil bhainisteora shinsearaigh, i réimsí mar an rialachas cliniciúil, an gcáilíocht, an sábháilteacht agus an riosca agus í ag treorú athrú suntasach náisiúnta go rathúil.
Tá gairmscéal thar bharr bainte amach aici atá dírithe ar chláir oibre um fheabhsú na cáilíochta agus na sábháilteachta a chur i bhfeidhm ar leibhéil áitiúil, réigiúnach agus náisiúnta, chomh maith le taithí ar leith aici maidir le bainistíocht na feidhmíochta agus bainistíocht na ngeallsealbhóirí thar réimse fairsing mór-thionscadal.
Tá máistreacht bainte amach ag Deirdre i mBainistíocht na Seirbhíse Sláinte chomh maith le Ard-Dioplóma i gCeannaireacht agus Cáilíocht i gColáiste Ríoga na Lianna. Bronnadh roinnt teastais uirthi lena n-áirítear 3 cinn i bhFeabhsú na Cáilíochta agus Cúraim na Sláinte.
David Delaney
Is Eacnamaí é David, a d’oibrigh san earnáil phoiblí i Roinn an Taoisigh agus i bhFiontar Éireann. Ina dhiaidh sin chuaigh David ag obair san earnáil cógaisíochta ar fud na hEorpa le GlaxoSmithKline agus Viatris, agus in earnáil seirbhísí an airgeadais le NCR Corporation, ar fud na hEorpa, an Mheánoirthir, na hAfraice agus na hÁise.
Faoi láthair tá David ina Cheannasaí um Bheartas agus Rochtain Margaidh in Iar-thuaisceart na Eorpa le Viatris, agus tá sé ina Chathaoirleach ar Chumann Trádáil Cógaisíochta in Éirinn, Cógais d’Éirinn. Tá David ina Chomhalta Boird chomh maith de Chumann Trádáil Cógaisíochta na hEorpa, Cógais don Eoraip, agus is Comhalta Boird é freisin den Eagraíocht um Fhíorú na gCógas in Éirinn.
Carmel Breaden
Bhain Carmel cáilíocht amach mar Altra Ginearálta Cláraithe sa bhliain 1974. Ansin chríochnaigh sí céim Baitsiléir Ealaíon (BA) sa tSíceolaíocht i gColáiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath (COBÁC) sa bhliain 1977 agus céim Máistir Eolaíóchta (MSc) sa tSíceolaíocht in Ollscoil na Banríona, Béal Feirste sa bhliain 1979Tá stór 38 mbliain den eolas, de na scileanna agus den taithí aici óna cuid oibre thar raon fairsing na Síceolaíochta Cliniciúla ar gach leibhéal i seirbhís sláinte na hÉireann. Bhí Carmel freagrach as bunú, forbairt, bainistíocht agus rialachas Roinn na Síceolaíochta i bhFeidhmeannas na Seirbhíse Sláinte (FSS).
Ba príomh-Bhainisteoir Síceolaí an FSS, Eagraíocht Cúram Sláinte an Phobail 8, í Carmel d'Oiliúnaithe Dochtúireachta na Síceolaí Cliniciúla i gCOBÁC agus is maoirseoir cliniciúil creidiúnaithe í chomh maith. Ghlac sí páirt i gCreidiúnú na gCúrsaí Dochtúireachta sa tSíceolaíocht Chliniciúil i gCOBÁC agus in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh (OÉG). Chomh maith lena cuid oibre san FSS, d’fhreastail Carmel ar go leor grúpaí um rialachas ildisciplíneach, lena n-áirítear Meabhairshláinte na Leanaí agus na Déagóirí, Meabhairshláinte na Aosach, an Príomhchúram, Luath-Idirghabháil agus Foirne Aois Scoile maidir le Míchumas agus, Coiste Eitice Lár na Tíre agus Meithil Oibre maidir le Acmhainní Daonna san FSS.
Bhí sí ina ball de Ghrúpa Ceannasaí Seirbhísí Siceolaíochta na hÉireann (HPSI) agus bhí sí ina comhúdar (2015-2016) den Ghrúpa Athbhreithnithe Náisiúnta de chuid an FSS/AD a bhí ag socrú Critéir na hIncháilitheachta maidir le Síceolaithe a Earcú don FSS. Bhí sí ina ball freisin den Ghrúpa Forfheidhmithe (2016) um na Critéir Incháilitheachta atá le cur i bhfeidhm san FSS. D'éirigh Carmel as a post mar Phríomh-Bhainisteoir Síceolaí san FSS sa bhliain 2017. Oibríonn sí mar Shíceolaí Cliniciúil agus déanann sí obair ar leith thar ceann an FSS. Is Síceolaí Cairte í Carmel agus is Comhalta Comhlach de Chumann Síceolaíochta na hÉireann í chomh maith.