Cuireann an tAire Donohoe tús le bunú Chiste Lá na Báistí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Feabhsaíonn an Ciste athléimneacht gheilleagar na hÉireann a thuilleadh agus neartaíonn sé airgeadas poiblí
Chuir an tAire Airgeadais agus Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe, Paschal Donohoe T.D., tús inniu (Déardaoin) leis an Acht um Barrachas Náisiúnta (Cúlchiste le haghaidh Teagmhais Eisceachtúla), 2019. Bunaítear leis an tosach feidhme seo Cúlchiste an Bharrachais Náisiúnta (Teagmhais Eisceachtúla), ar a dtugtar 'Ciste Lá na Báistí' go coitianta.
Ar thosach feidhme an Achta inniu, dúirt an tAire Donohoe:
'Tagann bunú Chiste Lá na Báistí mar thoradh ar bhlianta oibre' agus comhlíonann sé tiomantas lárnach sa Chlár Comhpháirtíochta don Rialtas. Tá an Rialtas ag pleanáil do thodhchaí fhadtéarmach na tíre trí athléimneacht gheilleagar na hÉireann agus airgeadas
poiblí a fheabhsú do shuaití eacnamaíocha amach anseo agus trí airgeadas poiblí a neartú'.
“De bhun thosach feidhme an lae inniu, eiseoidh mé treoracha go luath chuig an NTMA chun €1.5 billiún a aistriú ó Chiste Infheistíochta Straitéisí d’Éirinnn (ISIF) chun an Ciste a shíolú. Shínigh mé an tOrdú Tarmligthe riachtanach freisin le haghaidh Ghníomhaireacht Bainistíochta an Chisteáin Náisiúnta (NTMA) chun infheistíocht an Chiste a bhainistiú ar mo shon.
“Gníomh eile de chuid an Rialtais is ea bunú an Chiste seo a ullmhaíonn muid do thorthaí féideartha na Breatimeachta. Sa chás go bhfuil an tionchar eacnamaíoch a bhaineann leis an mBreatimeacht mí-eagraithe níos mó ná mar a bhíothas ag súil leis is féidir na cistí a aistríodh chuig Ciste Lá na Báistí a úsáid chun tionchar na Breatimeachta a mhaolú.
“Mar sin féin, tá áthas orm, in ainneoin na neamhchinnteachta a bhaineann leis an mBreatimeacht, go bhfuil dea-bhail eacnamaíoch na hÉireann i ndiaidh deis luachmhar a thabhairt don Rialtas ní hamháin aghaidh a thabhairt ar éifeachtaí na ndúshlán a d'fhéadfadh a bheith romhainn, ach foláir stuama a dhéanamh chun tionchar na rioscaí a d'fhéadfadh teacht chun cinn sna blianta atá le teacht a mhaolú.
CRÍOCH
Nóta d'Eagarthóirí:
Is é cuspóir Chiste Lá na Báistí ná suaití tromchúiseacha eacnamaíocha, de bhreis ar ghnáthluaineachtaí an timthrialla eacnamaíoch, a mhaolú. I bhfianaise dothuarthacht na n-imeachtaí sin, ní leagann an tAcht lena mbunaítear an Ciste amach imeachtaí sonracha as a dtiocfadh a n-íostarraingt.
Beidh íostarraingt an Chiste mar chinneadh don Aire agus don Rialtas an lá tar éis don Roinn Airgeadais measúnú a dhéanamh. Má aontaíonn an Rialtas an Ciste a íostarraingt, lorgóidh an tAire rún ó Dháil Éireann ag údarú íostarraingt airgid chuig an Státchiste.
Cinntíonn an próiseas seo go mbeidh Dáil Éireann rannpháirteach go hiomlán in aon chinntí amach anseo maidir le híostarraingt, agus go mbeidh cinntí maidir le caiteachas an airgid faoi réir nósanna imeachta caiteachais vótáilte.
Tá an cúlchiste teagmhasach sa bhliainréise beartaithe le haghaidh imeachtaí nach féidir a thuar go réasúnach, mar shampla, atarlú an ghalair crúibe is béil
, nó imeachtaí éagsúla drochaimsire.
Tá sé i gceist go n-úsáidfear Ciste Lá na Báistí mar ionstraim sainchuspóra chun aghaidh a thabhairt ar imeachtaí tromchúiseacha gan choinne, seachas ar na gnáthluaineachtaí sa timthriall eacnamaíoch. Dhéanfadh an cur chuige seo é a ailíniú le creat reatha rialacha fioscacha an AE faoi fhorálacha an Chomhshocruithe Cobhsaíochta agus Fáis