Tar éis Feachtas de chuid na Seirbhíse um Cheapacháin Phoiblí, tá na baill a leanas ceaptha ag an Aire Sláinte, Stephen Donnelly T.D., ar an mBord Taighde Sláinte.
An Dr Leonora Bishop
Is Stiúrthóir Neamhfheidhmiúcháin de Debra Éireann í an Dr Leonora Bishop. Is carthanacht í Debra Éireann a thacaíonn le hothair, a bhfuil an galar neamhchoitianta, epidermolysis bullosa, acu, agus lena dteaghlaigh. Tá sí ina Stiúrthóir Neamhfheidhmiúcháin freisin den Institiúid Deirmeolaíochta Charles, sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath. Tá os cionn 20 bliain de thaithí ag Leonora in earnáil na n-eolaíochtaí beatha, agus roimhe sin d’oibrigh sí le gnólachtaí nua-thionscanta, le hinstitiúidí acadúla agus le gníomaireachtaí Rialtais, lena n-áirítear GFT Éireann, áit a raibh sí freagrach as na gníomhaíocthaí Taighde, Forbairt & Nuálaíocht laistigh den eagraíocht a chur chun cinn. Ina measc bunaíodh an Institiúid Náisiúnta Taighde agus Oiliúint Bithphróiseála, infheistíocht €55m chun tacú leis an tionscal bithchógaisíochta in Éirinn, agus leagadh amach an múnla le haghaidh mórthionscadal taighde comhoibríoch idir an tionscal agus institiúidí tríú leibhéal. Mar thoradh air seo, rinne BMS, GSK, Beckman Coulter, Smith&Nephew infheistíochtaí de €61m san iomlán. Faoi láthair, tá sí ag obair mar shainchomhairleoir do HiTech Health a chuireann seirbhísí géinteiripe agus teiripe cille ar fáil, agus cuireann sé ar chumas na gcomhlachtaí cógaisíochta táirgí a sheoladh agus a sholáthar. Is céimní í de Coláiste na hOllscoile, Corcaigh (BSc) agus den University of New South Wales, an Astráil (PhD). Ta taighde iar-dhochtúireachta déanta ag an Dr Bishop ag Cancer Research UK agus bhí post mar léachtóir aici ag Imperial College, Londain.
Mairfidh an ceapachán seo ó 8 Samhain 2022 go dtí 7 Samhain 2027.
An Dr. Sarah Barry
Bhí an Dr Sarah Barry, PhD ina Stiúrthóir ar an Ionad Polasaí Sláinte agus Bainistíochta, Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath agus ina Stiúrthóir ar an gclár SPHeRE, arna maoiniú ag an mBord Taighde Sláinte agus a dhéanann taighde ar dhaonra, ar pholasaí agus ar sheirbhísí sláinte. Bhí sí i gceannas mar Stiúrthóir ar an MSc i mBainistíocht Seirbhísí Sláinte i gColáiste na Tríonóide ar feadh os cionn 5 bliain. I measc na réimsí taighde ata aici, áirítear an t-athrú i gcórais chasta, polasaí a chur i bhfeidhm agus an cúram a sheachadadh go comhtháite. Ta cláir athraithe comhordaithe ag Sarah thar lear agus in Éirinn agus bhí sí ina léachtóir cuartaíochta ag Institiúid Diagachta agus Fealsúnachta Bhaile an Mhuilinn, i gColáiste Gnó IBAT i mBaile Átha Cliath, i Scoil Bainistíochta Iarchéime ag an gColáiste Ríoga na Máinliá in Éirinn, agus in Ollscoil Teicneolaíochta na Mumhan. Bhí Sarah ina ball ar an bhfoireann i gColáiste na Tríonóide a d’oibrigh leis an gCoiste Uilepháirtí de chuid an Oireachtais ar Thodhchaí an Chúraim Sláinte in Éirinn áit ar oibrigh sí ar an Tuarascáil Sláintecare a fhorbairt agus ar mholtaí a dhéanamh. Tá sí fós ag obair ar chur i bhfeidhm Sláintecare trí taighde agus measúnacht a dhéanamh le Clár Náisiúnta na hÉireann um Chúram Comhtháite do Sheanóirí, in Oifig Náisiúnta Straitéise don Chúram Príomhúil agus Pobail, san Ionad Seirbhísí Éifeachtacha agus mar bhall den Ghrúpa Stiúrtha den Fhondúireacht Idirnáisiúnta um Chúram Comhtháite in Éirinn, agus ar Choiste Feidhmiúcháin agus Seachadta an Bhoird FSS.
Mairfidh an ceapachán seo ó 11 Samhain 2022 go dtí 10 Nollaig 2027.