Seolann OPW E-iris ráithiúil ‘Cúrsaí OPW'
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
An raibh a fhios agat go bhfuil tionchar ag Oifig na nOibreacha Poiblí (OPW) ar ghnéithe éagsúla den saol ar fud Éireann? Cuirimid bearta i bhfeidhm chun an saol in Éirinn a fheabhsú agus a neartú; mar shampla, réadmhaoine rialtais a bhainistiú agus cosaint in aghaidh tuilte a sholáthar do phobail ar fud na tíre, imeasc iliomad saothair eile.
In 2021, agus sinn ag druidim le comóradh 190 bliain ó bunaíodh OPW, táimid ag tapú deise chun léargas a thabhairt ar an réimse seirbhísí luachmhara nuálaíocha a chuireann OPW ar fáil do phobail ar fud na tíre.
Tugann an E-iris nua ráithiúil ‘Cúrsaí OPW’ léargas luachmhar ar an saothar agus ar na tionscadail atá ar bun againn agus freisin ar na dúshláin atá romhainn. Tá ‘Cursai OPW’ suite ar ardán foilsithe digiteach Issuu; féadfar é a fheiceáil ar an nasc seo a leanas: https://issuu.com/obair/docs/opw_matters_spring_2021
Foilsíonn ‘Cúrsaí OPW’ réimse leathan altanna smaointeacha, léargais bhunúsacha agus íomhánna inspioráideacha. Creidimid go mbeidh an E-iris seo thar a bheith luachmhar do réimse leathan lucht féachana san earnáil phoiblí, chomh maith le páirtithe leasmhara san earnáil phríobháideach agus don phobal i gcoitinne. Féadfaidh sé a bheith úsáideach freisin do chéimithe atá ag lorg gairmí beatha i réimsí mar ailtireacht, bithéagsúlacht, innealtóireacht, oidhreacht, ealaíon agus mórán eile, agus dóibh siúd gur mian leo róil ghairmiúla a leanúint ins na réimsí seo. Earcaíonn OPW fostaithe trí PublicJobs.ie – an Príomh-Shuíomh Gréasáin um Earcaíocht Earnála Poiblí in Éirinn.