Ceapachán chuig Comhairle na nDochtúirí Leighis
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ar a chomhthoghadh ag Comhairle na nDochtúirí Leighis, cheap an tAire Sláinte, an tUasal Stephen Donnelly TD, an duine seo a leanas mar bhall de Chomhairle na nDochtúirí Leighis le héifeacht ón 3 Samhain 2020 go 31 Bealtaine 2023:
An Dr Michael McGloin
Bhain an Dr McGloin céim amach in Ollscoil Náisiúnta na hÉireann i nGaillimh i 1978 agus ina dhiaidh sin chuaigh sé i mbun a chuid oiliúna liachta in Ospidéal Portiuncula, Béal Átha na Sluaighe ag rothlú trí leigheas ginearálta, péidiatraice, síciatracht, cnáimhseachas & gínéiceolaíocht thar na 5 bliana ina dhiaidh sin. Ina dhiaidh seo, tar éis dó fónamh mar Chláraitheoir i bpéidiatraice & néareolaíocht in Ospidéal Mhuire Lourdes, Droichead Átha, bhog an Dr McGloin isteach i gCleachtadh Ginearálta i meán-iarthar na hÉireann sular bhunaigh sé Cleachtadh Ginearálta leis an Dr Bridget Keane in Baile Átha an Rí, Gaillimh.
Tá an cleachtas ag feidhmiú faoi láthair ó Chúram Príomhúil Bhaile Átha an Rí le cúig chomhpháirtí agus beirt Chláraitheoir GP - duine ó Chlár Oiliúna GP na Gaillimhe (an Iarthair) agus Béal Átha na Sluaighe (Lár Tíre). Faoi láthair tá an Dr McGloin ina Chathaoirleach ar Choiste Stiúrtha Chlár Oiliúna an Iarthair
Bhí spéis riamh ag an Dr McGloin i bhforbairt pobail agus mar dhéagóir bhí sé i gceannas ar ghrúpa a thóg cúirt leadóige agus a d’fhorbair páirc sacair ina shráidbhaile. Bhunaigh siad grúpa drámaíochta freisin ag leathnú halla an pharóiste chun amharclann bheag a bhunú. Tá na clubanna sin go léir fós ann.
Faoi láthair is é an Dr McGloin stiúrthóir Chór Pobail Chill Tulach, chomh maith le tacú leis an eaglais áitiúil, bíonn cúig nó sé ceolchoirm charthanachta ar siúl gach bliain chun tacú le heagraíochtaí áitiúla.
Tá baint ag an Dr McGloin le Bord Iontaobhas Oilithreachta na hÉireann (IPT) le 15 bliain agus d’fhóin sé ar an mBord chomh maith. Thug an IPT breis agus 500 leanbh faoi mhíchumas go Lourdes um Cháisc agus d’eagraigh sé “seachtainí cairdeas” - laethanta saoire faoisimh seachtaine do dhaoine óga a reáchtáil ag oibrithe deonacha. Chun an obair seo a éascú, tógadh dhá theach saoire saintógtha i nDroichead an Chláirín, Co. na Gaillimhe agus Cill Ruáin, Co. Loch Garman.
Tá spéis ag an Dr McGloin sa spórt agus fuair sé oiliúint i Míochaine Spóirt. Ba é an dochtúir foirne é d’Fhoireann Iomána na Gaillimhe ó 1987-2010.
Tá an Dr McGloin ag obair le Comhairle na nDochtúirí Leighis le 10 mbliana anuas. Toghadh é chuig an gCoiste Réamhimeachtaí i dtosach agus d’oibrigh sé leis an ngrúpa seo ar feadh timpeall ocht mbliana. Tá an Dr McGloin ina bhall den Choiste um Fheidhmiúlacht chun Cleachtadh faoi láthair.