Athcheapacháin chuig Comhairle na nDochtúirí Leighis
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Tá an tAire Sláinte Stephen Donnelly T.D., tar éis na daoine seo a leanas a athcheapadh mar chomhaltaí de Chomhairle na nDochtúirí Leighis.
Ian Drennan
Is é Ian Príomhfheidhmeannach an Údaráis Fhorfheidhmithe Chorparáidigh. Bhí sé ina Stiúrthóir um Fhorfheidhmiú Corparáideach roimhe sin. Chomh maith leis sin, is iar-Phríomhfheidhmeannach é ar Údarás Maoirseachta Iniúchta & Cuntasaíochta na hÉireann agus iar-Iniúchóir in Oifig an Ardreachtaire Cuntas agus Ciste. Is céimí é de chuid an Choláiste Ollscoile Baile Átha Cliath (UCD), Scoil Ghnó Smurfit agus Óstaí an Rí. Chomh maith leis sin, is Comhalta é de Chomhlachas na gCuntasóirí Deimhnithe Cairte agus d’Institiúid na gCuntasóirí Deimhnithe Poiblí in Éirinn.
Is ón 1ú Meitheamh 2023 go dtí an 31úBealtaine 2028 a dhéantar an ceapachán seo.
An tUasal John Gleeson
Is aturnae é John Gleeson agus go dtí gur éirigh sé as an gcleachtas gairmiúil in 2018, bhí sé ina Chomhpháirtí agus ina Cheann ar an bhfoireann Cúram Sláinte i Mason Hayes agus Curran Solicitors, ag speisialú i réimsí an dlí leighis agus na dlíthíochta cosanta leighis. Chomah maith leis sin, is ball é an tUasal Gleeson de Chomhairle Fiaclóireachta na hÉireann. Bhí an tUasal Gleeson ina bhall den Choiste Comhairleach Náisiúnta Scagthástála ó 2019 go 2022, ina bhall de Bhord Ospidéal an Choim ó 2013 go 2022 agus ina Chathaoirleach ar an mBord ó 2014 go 2021 agus ina Chathaoirleach ar an bhFóram um Chúram Sláinte Deonach ó 2016 go 2021
Paul Harkin
Tá sé ina Stiúrthóir ar Fhorbairt Straitéiseach ag Scoil an Leighis UCD, post atá aige ó 2006. Is céimí Gnó agus Eolaíochta é, agus tá 16 bliana de thaithí aige ar T&F sa tionscal cógaisíochta agus 20 bliain de thaithí sa saol acadúil. Ag Scoil an Leighis i gColáiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath, tá sé freagrach as forbairt straitéise agus pleanáil straitéiseach, tionscnaimh mhóra athraithe, forbairt clár nua agus bainistíocht caidrimh le páirtithe leasmhara. Roimh a ról reatha, bhí Paul ina Bhainisteoir Clár & Oibríochtaí ag Ionad Leighis Mhóilíneach Bhaile Átha Cliath, ina Stiúrthóir Comhlach do Phleanáil Straitéiseach Gnó ag Elan Corporation, ina Cheannaire ar Eolaíocht Anailíseach ag Elan Biotechnology Research agus Ceannaire Foirne Taighde ag Glaxo Group Research. Tá BSc san Eolaíocht Anailíseach ag Paul ó Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath agus Máistreacht i Riarachán Gnó ó Scoil Chéimithe Smurfit UCD.
Is ón 1ú Meitheamh 2023 go dtí an 31ú Bealtaine 2026 na ceapacháin seo.