Tar éis ainmniúcháin ó Bhord Ospidéal Thamhlachta, tá an duine seo a leanas ceaptha ag an Aire Sláinte, Stephen Donnelly T.D., mar bhall de Bhord Ospidéal Thamhlachta le héifeacht ón 21 Feabhra 2022 go dtí an 20 Feabhra 2025.
Mike Beary
Feidhmíonn Mike Beary mar Bhainisteoir Tíre do Sheirbhísí Gréasáin Amazon (AWS) Éire agus mar cheannaire Acmhainní Daonna do AWS ar fud na hEorpa, an Mheánoirthir agus na hAfraice. Mar bhainisteoir tíre, treoraíonn sé cinnteoireacht infheistíochta don chomhlacht in Éirinn, agus le déanaí d’fhógair sé 1,000 post ardoilte a ardóidh líon na bhfostaithe in Amazon go breis agus 5,000 faoi 2022.
I 2017, tar éis 25 bliain i Stáit Aontaithe Mheiriceá, d’aistrigh Mike ó Seattle ar ais go Baile Átha Cliath chun cabhrú le fás AWS in Éirinn a bhrú chun cinn. Ba é Baile Átha Cliath an chéad shuíomh lasmuigh de na Stáit Aontaithe inar sheol AWS Réigiún Bonneagair agus tá sé ar cheann de na suíomhanna innealtóireachta is mó atá acu ar fud an domhain anois le breis agus 2,500 ball foirne. Chuaigh Mike isteach in Amazon i Seattle i 2012. Bhí sé ina bhall lárnach d’fhoireann cheannaireachta Margadh Amazon, áit a raibh sé ina Stiúrthóir AD domhanda, agus bhí sé freagrach as fás tapaidh na heagraíochta sin a éascú ar feadh breis agus ceithre bliana.
Sular thosaigh sé le Amazon, bhí róil cheannaireachta shinsearacha AD ag Mike le Táirgí Tomhaltóra Disney – rannán de Chomhlacht Walt Disney.
Tá Baitsiléir san Eolaíocht Shóisialta ag Mike ó Choláiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath agus Máistreacht san Obair Shóisialta ó Ollscoil Pittsburgh. Roinneann sé féin agus a fhear céile a gcuid ama idir Baile Átha Cliath, Seattle agus Cósta Lárnach Chalifornia.
Tá Mike ina bhall de Bhord IBEC.