Ceapacháin Bernadette Costello Uasal, an Uasail Tony McNamara, Ms Lynsey Perdisatt agus an tOllamh Michael Rigby mar bhaill den Údarás um Fhaisnéis agus Cáilíocht Sláinte (HIQA)
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Tar éis feachtais de chuid na Seirbhíse um Cheapacháin Phoiblí (PAS), cheap an tAire Sláinte Bernadette Costello Uasal mar bhall den Údarás um Fhaisnéis agus Cáilíocht Sláinte le héifeacht ón 28 Feabhra 2020 go dtí an 27 Feabhra 2025. Cheadaigh an tAire Harris an ceapachán seo an 2 Meán Fómhair 2019.
Bernadette Costello Uasal
Chuir Bernadette Costello tús lena slí bheatha ghairmiúil mar chuntasóir faoi oiliúint le PwC agus tá taithí fhairsing aici ar rialachas corparáideach agus réimsí gaolmhara, bainistíocht riosca agus cuntasaíocht. Is iar-Stiúrthóir Iniúchóireachta Inmheánaí & Bainistíocht Riosca, Ollscoil Náisiúnta na hÉireann, Gaillimh í Bernadette Costello.
D’fhóin sí ar roinnt comhlachtaí lena n-áirítear Bord agus Coiste Iniúchóireachta an Chiste Náisiúnta um Cheannach Cóireála, Coiste Dearbhaithe Cáilíochta agus Riosca na Gníomhaireachta Leanaí agus Teaghlaigh (Tulsa), Coiste Iniúchta Ghrúpa Cúraim Sláinte Saolta, Comhairle Chuntasóirí Cairte na hÉireann agus Coiste Iniúchóireachta (Cathaoirleach) agus Bord Teicneoirí Cuntasaíochta na hÉireann (Cathaoirleach).
Faoi láthair tá sí ina ball den Bhord agus ina Cathaoirleach ar Choiste Iniúchta agus Riosca Champas Coinneála Leanaí Bhaile an Oibricigh; Bord agus Coiste Airgeadais Oideachas agus Oiliúint na Gaillimhe agus Ros Comáin; agus Coiste Iniúchta & Riosca Chuan na Gaillimhe.
Is Stiúrthóir Cairte agus Cuntasóir Cairte í Bernadette agus tá Baitsiléir Tráchtála agus Ard-Dioplóma san Oideachas aici ó Ollscoil Náisiúnta na hÉireann, Gaillimh.
Ag teacht sna sála ar fheachtas de chuid na Seirbhíse um Cheapacháin Phoiblí, rinne Simon Harris TD, an tAire Sláinte, an tUas. Tony McNamara, Lynsey Perdisatt Uas. agus an tOllamh Michael Rigby a cheapadh mar chomhaltaí den Údarás um Fhaisnéis agus Cáilíocht Sláinte le héifeacht ón 2 Meán Fómhair 2019 go dtí an 1 Meán Fómhair 2024.
An tUas. Tony McNamara
Chaith Tony McNamara 27 mbliana mar phríomhoifigeach feidhmiúcháin ar Ospidéal Ollscoile Chorcaí go dtí gur éirigh sé as an bpost i mí an Mheithimh 2019.
Chomh maith leis sin, d’fhóin Tony ar roinnt comhlachtaí comhairleacha agus comhairleachta náisiúnta don Roinn Sláinte, lenar áiríodh Grúpa na Straitéise Náisiúnta Chardashoithíche sa bhliain 1998 agus Comhairle na nOspidéal sa bhliain 2004. Bhí sé ina chomhalta boird de Bhord Sheirbhís Fuilaistriúcháin na hÉireann, den Údarás um Shábháilteacht ar Bhóithre agus den Údarás Árachais Sláinte.
Tá Tony i gceannas ar a ghnólacht féin anois, mar atá Insight Management Consultancy.
Lynsey Perdisatt Uas.
Tá Lynsey Perdisatt, B.A., PgDip (Staidéar Gnó), M.B.S. (Straitéisí Acmhainní Daonna) ina gairmí sinsearach acmhainní daonna. Tá obair déanta aici san earnáil phríobháideach agus san earnáil phoiblí araon, ar lena linn a ghnóthaigh sí taithí shuntasach ar chaidreamh fostaithe, ar chaidreamh tionsclaíoch agus ar bhainistíocht athruithe.
Sular ceapadh í mar Stiúrthóir Acmhainní Daonna agus Athruithe leis an Údarás Rialála Táirgí Sláinte, bhí sí ar an mBainisteoir Acmhainní Daonna leis an Údarás Rialála Táirgí Sláinte/le Bord Leigheasra na hÉireann. Roimhe sin, bhí sí ina Comhpháirtí Sinsearach Gnó Acmhainní Daonna do Arnotts PLC. Ina ról reatha mar Stiúrthóir Acmhainní Daonna agus Athruithe, tá freagracht ar Lynsey as an straitéis Acmhainní Daonna agus Athruithe a fhorbairt agus a sholáthar, as réitigh acmhainní daonna a dhearadh agus a chur chun feidhme agus as bainistiú éifeachtach a dhéanamh ar thionscadail athruithe a éascaíonn an fháil ar acmhainní daonna, úsáid éifeachtach na n-acmhainní daonna agus rannpháirtíocht na n-acmhainní daonna laistigh den Údarás Rialála Táirgí Sláinte.
Tá Lynsey ina ball den Institiúid Chairte um Fhorbairt Pearsanra, tá sí ina hidirghabhálaí ionad oibre cáilithe trí Institiúid Idirghabhálaithe na hÉireann agus tá sí ina ball painéil de Sheirbhís Idirghabhála na Státseirbhíse agus na Seirbhíse Poiblí. Chomh maith leis sin, tá Ard-Dámhachtain Leibhéal 7 ag Lynsey i nDearadh agus Forbairt Eagraíochta, tá sí ina Gairmí Deimhnithe ICAGILE i dTallann Ghasta agus tá sí ina cóiste coinbhleachta cáilithe.
An tOllamh Michael Rigby
Tá taithí fhairsing ag Michael Rigby ar fhorbairt agus soláthar seirbhís sláinte agus ar thaighde a dhéanamh ar bheartas agus bainistíocht sláinte. Ar na réimsí spéise ar leith atá aige tá seirbhísí coisctheacha, sláinte leanaí, meabhairshláinte, agus cúram comhtháite.
Bhí poist ollaimh ag an Oll. Rigby sa Ríocht Aontaithe, in Éirinn agus sa tSualainn. Thug sé faoi thionscadail i gcomhar leis an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte, leis an gCoimisiún Eorpach, leis an Eagraíocht um Chomhar agus Fhorbairt Eacnamaíochta agus le Fondúireacht Eolaíochta na hEorpa. Tá an-saothar foilsithe aige i réimse an bheartais agus taighde sláinte. Tá eagarthóireacht/comheagarthóireacht déanta aige ar roinnt leabhar, a bhfuil leabhair ar Fhaisnéisíocht Fhianaisebhunaithe Sláinte agus ar Chúram Sláinte Príomhúil do Leanaí san Eoraip ar na cinn is déanaí díobh. Anuas air sin, tá sé ina bhall den Uainchlár Saineolaithe a ceapadh chun tacú le Grúpa Comhairleach Teicniúil nua na hEagraíochta Domhanda Sláinte um Shláinte Dhigiteach.