Ceapadh an Dr Jack Nagle chuig an gCoimisiún Meabhair-Shláinte
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Rinne Jim Daly TD, an tAire Stáit le freagracht speisialta as Meabhairshláinte agus Daoine Scothaosta, an Dr Jack Nagle a cheapadh chuig an gCoimisiún Meabhair-Shláinte. Rinneadh an ceapachán tar éis feachtas a reáchtáil an tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí chun an folúntas a líonadh. Mairfidh an ceapachán don tréimhse ón 17 Nollaig 2019 go dtí an 4 Aibreán 2022.
An Dr Jack Nagle
Ghnóthaigh Jack an-chuid taithí oibre idirnáisiúnta san earnáil sláinte thar thréimhse 30 bliain, ar lena linn a ghnóthaigh sé taithí 15 bliana an ceann ar obair i gcóras sláinte.
Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte in Éirinn agus i gcóras sláinte na Seirbhíse Náisiúnta Sláinte i Sasana.
Ina cháil mar bhunaitheoir agus mar Phríomhoifigeach Feidhmiúcháin ar Alpha Healthcare, soláthraíonn Jack seirbhísí comhairleachta gnó. Tá saineolas ar leith aige orthu seo:
Tá tacaíocht pleanála straitéisí tugtha ag Jack don Choimisiún Meabhair-Shláinte, do Chomhairle na nDochtúirí Leighis agus don ghrúpa um Shláinte Ghnéis agus Toircheas Géarchéime.
Tá sé ag soláthar pleanáil agus bainistíocht airgeadais d’eagraíochtaí cúram sláinte sa Ríocht Aontaithe agus in Éirinn le breis agus 15 bliana anuas.
Tá sé ag obair leis an bhfoireann Sláintecare sa Roinn Sláinte faoi láthair chun plean gníomhaíochta a chur le chéile le haghaidh an clár Sláintecare a chur chun feidhme.
Ceapadh Jack chuig Bord an Chiste Náisiúnta um Cheannach Cóireála i mí Feabhra 2014 agus ceapadh é le haghaidh téarma eile i mí Feabhra 2017.