Dhá athcheapachán ar Bhord Chlárlann Náisiúnta Ailse na hÉireann
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
An tUasal Eamon Morris
Is feidhmeannach sinsearach an-chumasach é Eamonn a bhfuil os cionn 33 bliain de thaithí aige lena n-áirítear 22 bliain ag fónamh mar chomhalta boird i gcomhlachtaí teoranta poiblí agus príobháideacha araon. Tar éis dó réitigh bogearraí & seirbhísí a sholáthar ar fud na RA, na hÉireann, agus réigiún an Aigéin Chiúin agus na hÁise, tá bainistíocht déanta ag Éamonn ar athrú, riosca, airgeadas, idirbheartaíocht tráchtála, cumarsáid, forbairt straitéise, rialachas corparáideach agus, an rud is tábhachtaí, daoine. Tugann sé taithí fhairsing ghairmiúil leis i ndearbhú cáilíochta agus i mbainistíocht eagraíochtúil chomh maith le bainistíocht sonraí, lena n-áirítear comhroinnt sonraí agus cosaint sonraí. Ina theannta sin, thug a chuid oibre le príomhpháirtithe leasmhara san earnáil na sláinte eolas maith dó ar an earnáil seo agus tá tuiscint críochnúil aige ar thimpeallacht na hearnála poiblí.
Dr Robert O'Connor
Tá an Dr. Robert O’Connor ina Cheann Taighde do Chumann Ailse na hÉireann. Is eolaí é an Dr. O’Connor de réir cúlra agus is é an sainréimse atá aige ná tuiscint ar leigheasanna ailse agus conas a oibríonn siad. Bhain sé a dhochtúireacht amach i 1995 agus bhí sé ina léachtóir agus ina thaighdeoir ailse in Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath go dtí 2015 nuair a tháinig sé i gceannas an ról mar Cheann Taighde do Chumann Ailse na hÉireann. Sa ról seo tá sé i gceannas ar chur i bhfeidhm straitéis taighde an charthanais sa chuid thábhachtach seo dá sprioc chun toradh a fheabhsú do dhaoine a bhfuil tionchar ag ailse orthu. Príomhfhócas na straitéise sin is ea a chinntiú go bhfuil othair ag croílár an taighde ailse in Éirinn. Tá sé paiseanta faoi fhíricí na heolaíochta agus na sláinte a chur in iúl chun cabhrú leo siúd a bhfuil tionchar ag ailse orthu na cinntí is fearr a dhéanamh dóibh féin agus a ndaoine muinteartha.