Ceapachán le Bord Clárúcháin na bhFisiteiripeoirí.
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Rinne an tAire Sláinte, Simon Harris T.D., an duine seo a leanas a athcheapadh mar bhall neamhghairmiúil de Bhord Clárúcháin na bhFisiteiripeoirí. Mairfidh an ceapachán seo ón 17 Meitheamh 2020 go dtí an 19 Bealtaine 2024.
An tUasal Fearghal Grimes
Bainisteoir Ginearálta é an tUasal Grimes faoi láthair ag Ospidéal Ollscoile Chiarraí i ndiaidh dó glacadh leis an bpost i Meán Fómhair 2017 i ndiaidh seacht mbliana a chaitheamh mar Phríomhfheidhmeannach ag Ospidéal Naomh Eoin, Luimneach.
Tá taithí de bhreis ar 30 bliain ag an Uasal Grimes ar oibriú san earnáil chúram sláinte in go leor earnálacha agus tíortha agus tá breis agus deich mbliana caite anois aige ar ospidéil dheonacha agus FSS a bhainistiú. D’oibrigh sé i dtosach mar fhisiteiripeoir agus d’aistrigh sé ansin isteach i limistéar na cáilíochta agus an chreidiúnaithe sular thug sé aghaidh ar bhainistíocht ospidéil.
Díol ar leith spéise don Uasal Grimes é cáilíocht agus sábháilteacht agus rialachas ospidéil. Chaith sé téarmaí mar Uachtarán Chumann na hÉireann um Cháilíocht agus Shábháilteacht sa Chúram Sláinte (CÉCSCS) agus mar Chathaoirleach ar Chumann Príomhfheidhmeannaigh Ospidéil na hÉireann.
Chríochnaigh an tUasal Grimes a dara Máistreacht in 2017 agus staidéar á dhéanamh aige an babhta seo ar ‘Ceannaireacht Feidhmiúcháin’, agus tá súil aige an taithí fhorleathan ghairmiúil ar chúram sláinte a thabhairt a fhad leis an mBord lena chinntiú go gcuirtear seirbhísí sábháilte ar fáil d’othair agus dea-chleachtas ar fáil do ghairmithe