Ceapachán Iníon Sinead Fitzgerald ar Chomhairle na nGairmithe Sláinte agus Cúraim Shóisialaigh (CORU)
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ar ainmniú Bord Clárúcháin na Síceolaithe, tá an tAire Sláinte, An tUasal Stephen Donnelly T.D. tar éis an duine seo a leanas a athcheapadh mar bhall de Chomhairle na nGairmithe Sláinte agus Cúraim Shóisialaigh (CORU). Tá an t-athcheapadh seo ón 25 Samhain 2020 go 20 Iúil 2021:
Iníon Sinead Fitzgerald
Chuir Iníon Fitzgerald tús lena gairm bheatha ag iar-Bhord Sláinte an Oirthir agus tá taithí 30 bliain aici ag obair mar Shíceolaí Cliniciúil sa tseirbhís sláinte poiblí. D’fhóin sí mar Phríomh-Shíceolaí Cliniciúil agus Stiúrthóir Cleachtais Chliniciúil ag Clár Oiliúna Dochtúireachta Síceolaíochta Cliniciúla TCD/FSS le 18 mbliana anuas. Measann sí gurb é an t-éacht is mó atá aici sa réimse seo ná cleachtas machnamhach a thabhairt chuig gach gné den chlár oiliúna. Mar chuid dá ról FSS tá freagracht ag Iníon Fitzgerald as 50 oiliúnaí síceolaíochta cliniciúla ar leibhéal dochtúireachta a fhostú agus a bhainistiú, as maoirseacht a dhéanamh ar a bhforbairt phearsanta, ghairmiúil agus chliniciúil.
Cheap an tAire í mar bhall de Chomhairle na nGairmithe Sláinte agus Cúraim Shóisialaigh ar 14 Samhain 2016 mar ionadaí ar ghairm an tsíceolaí. I measc a cáilíochtaí oideachais tá inter alia, MA i Síceolaíocht Chliniciúil ó UCD. Bhí sí ina Ollamh Taca Oinigh ag TCD i 2016.