Ceapacháin chuig Comhairle na nGairmithe Sláinte agus Cúraim Shóisialaigh (CORU)
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ar ainmniú Bhord Clárúcháin na nOibrithe Sóisialta, cheap an tAire Sláinte, An tUasal Stephen Donnelly T.D. an duine seo a leanas mar bhall de Chomhairle na nGairmithe Sláinte agus Cúraim Shóisialaigh (CORU). Tá an ceapachán seo ó 5 Samhain 2020 go 4 Lúnasa 2022:
Iníon Gabrielle Fitzpatrick
Tá Iníon Gabrielle Fitzpatrick ag obair mar Oibrí Sóisialta Cáilithe Gairmiúil le breis agus 22 bliain i réimsí na meabhairshláinte, altramú agus uchtú, obair shóisialta leighis, andúil agus CAMHS. D’oibrigh sí freisin mar Oibrí Pobail/Oibrí Tionscadail le breis agus 7 mbliana i réimsí sláinte na mban, andúil óige, obair óige agus cúram cónaithe do leanaí (lena n-áirítear Aonad Slándála Bhaile Uí Dhúda). Tá baint aici le hobair abhcóideachta leanúnach i réimsí cearta daonna, ceartas sóisialta, easpa dídine agus tithíocht agus gach gné de riachtanais na gcliant/an teaghlaigh i réimse na Meabhairshláinte d’Aosaigh.
Cháiligh Gabrielle; ó Choláiste na hOllscoile, Baile Átha Claith le Céim Bhaitsiléara Onórach san Eolaíocht Shóisialta i 1983; ó Ollscoil na Banríona i mBéal Feirste le Máistreacht san Obair Shóisialta i 1988 agus ó Choláiste na Tríonóide Baile Átha Cliath le Dioplóma Iarchéime i Staidéar Andúile i 1999. Mar chuid den Chlár Cliniciúil Náisiúnta EIP (Síceóis Idirghabhála Luath) d’éirigh le Gabrielle oiliúint mar Theiripeoir Iompraíochta Teaghlaigh a chríochnú le déanaí.
Faoi láthair tá Gabrielle ina ball de Choiste Garimiúil Náisiúnta Oibrithe Sóisialta FORSA. Roimhe seo bhí sí ina ball de Chumann Oibrithe Sóisialta na hÉireann (IASW) agus dá nGrúpa Sainspéise (SIG), Oibrithe Sóisialta i Meabhairshláinte d’Aosaigh (SWAMH). Mar Chomhalta Fochoiste CPD SWAMH bhí baint aici le heagrú Comhdhála a tionóladh in Aibreán 2018 dar teideal “Idirghabhálacha Síceasóisialta in Obair Shóisialta - Ag Cur ár Scileanna Teiripeacha Chun Cinn”, a tionóladh in Ospidéal Síciatrach Naomh Pádraig, Baile Átha Cliath 8.
Tá Gabrielle ina ball (‘Ag gabháil don Chleachtas’) de Bhord Clárúcháin na nOibrithe Sóisialta CORU ó Mheán Fómhair 2018. Tá sí ag obair mar Oibrí Sóisialta Meabhairshláinte d’Aosaigh i Seirbhísí Meabhairshláinte Shligigh/Liatroma le 14 bliana anuas bunaithe i Sligeach.