Ceapacháin ar Bhord na Comhairle Náisiúnta Haemaifilia
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Tá an tAire Sláinte, an tUasal Stephen Donnelly TD tar éis Mary Kavanagh Uasal agus an tUasal Liam Morris a cheapadh ar Bhord na Comhairle Náisiúnta Haemaifilia ón 5 Lúnasa 2020 go dtí an 4 Lúnasa 2023
Is í Mary Kavanagh Uasal an tAltraspeisialtóir Cliniciúil ag Sláinte Leanaí Éireann i gCromghlinn. Cháiligh sí mar altra ginearálta d'aosaigh i 1996 agus mar altra leanaí i 1997. Tá sí ag obair mar Altraspeisialtóir Cliniciúil ó 2001. Ceapadh í mar Chathaoirleach nua ar Choiste Altraí Chumann Eorpach na Haemaifilia agus na Neamhord Gaolmhar (EAHD).
Is é an tUasal Liam Morris Príomhoifigeach don Aonad Polasaí Pleanála um Trasphlandú Fola & Orgán agus don tSeirbhís Ospidéil Géarmhíochaine sa Roinn Sláinte. D'oibrigh sé do roinnt Ranna Rialtais, Gníomhaireachtaí Stáit agus Eagraíochtaí Idirnáisiúnta.