Ceapachán chuig an gCoiste Comhairleach um Leigheasanna Daonna
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ar ainmniúchán an Údaráis Rialála Táirgí Sláinte, cheap an tAire Sláinte an tUasal Stephen Donnelly TD, an Dr. Paul Gallagher mar bhall den Choiste Comhairleach um Leigheasanna Daonna. Maireann an ceapachán seo ó 24 Lúnasa 2020 go 31 Nollaig 2020.
An Dr. Paul Gallagher MB BCh BAO PhD FRCPI
Lia Comhairleach i Leigheas Geiriatrach & Leigheas Inmheánach Ginearálta Ospidéal Ollscoil Chorcaí & Léachtóir Sinsearach, Scoil an Leighis, Coláiste na hOllscoile, Corcaigh.
Is céimí de chuid Choláiste Ríoga na Máinleá in Éirinn an Dr. Paul Gallagher. Ceapadh é mar Lia Comhairleach i Leigheas Geiriatrach agus Inmheánach Ginearálta chuig Ospidéal Ollscoil Chorcaí in 2011. Is Léachtóir Sinsearach in Oideachas Cliniciúil é i Scoil an Leighis, COC, agus tá sé ina bhall den Dámh sa Roinn Cógaseolaíochta Chliniciúil agus Teiripice, COC. Ó 2016 i leith, tá an Dr. Gallagher ina Stiúrthóir Speisialtachta Náisiúnta ar an gClár Oiliúna Ard-Speisialtóra i Leigheas Geiriatrach i gColáiste Ríoga Lianna na hÉireann. Tá oiliúint fho-speisialtachta curtha i gcrích aige sa Chógaseolaíocht Chliniciúil agus Teiripic chomh maith le Comhaltacht i Leigheas Strócanna in Ospidéal Addenbrooke, Cambridge, an Ríocht Aontaithe.
D’fhoilsigh an Dr. Gallagher go leor páipéar taighde bunaidh, alt athbhreithnithe agus caibidlí leabhar maidir le húsáid iomchuí cógais i measc daoine fásta níos sine. Bhí sé ina phríomh-imscrúdaitheoir ar Iniúchadh Náisiúnta na hÉireann ar chúram Néaltraithe in ospidéil ghéarmhíochaine 2014 agus 2019 agus tá sé ina chomh-imscrúdaitheoir ar SENATOR, clár taighde ilionad maoinithe ag EU-FP7 maidir le barrfheabhsú ordú oideas i measc daoine scothaosta.