Ceapacháin ar Bhord Clárúcháin na gComhairleoirí agus na Síciteiripeoirí:
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Tá an tAire Sláinte, Stephen Donnelly, T.D., tar éis na baill seo a leanas de Bhord Clárúcháin na gComhairleoirí agus na Síciteiripeoirí a athcheapadh le héifeacht ón 25 Feabhra 2023 go dtí an 24 Feabhra 2027.
Síciteiripeoir atá ag cleachtadh a ghairme, scríbhneoir agus Stiúrthóir ar LifeChange Psychotherapy and Counselling i mBaile Átha Cliatha is ea Brian Gillen. Tá sé ina bhall de Chomhairle na hÉireann um Shíciteiripe (ICP) agus de Chumann na hÉireann um Shíciteiripe Dhaonnaíoch & Chomhtháite (IAHIP), cumann ar scríobh sé tuarascáil pleanála straitéisí ar a shon roimhe seo. Tá taithí shuntasach aige ar an earnáil phoiblí agus phríobháideach araon. Bhíodh sé ina Phríomhoifigeach Feidhmiúcháin ar Glanpower Teo., comhlacht fuinnimh ghlais, agus ina Stiúrthóir Idirnáisiúnta ar Workplace Options, soláthraí domhanda seirbhisí cuidithe agus comhairleoireachta d’fhostaithe. Ina bhall de Chomhairle Cathrach Bhaile Cliath idir 2004 agus 2007 dó, chuir sé comhairle ar fáil i dtaca leis an nGrúpa um Bheartas Corparáideach agus le Plean Corparáide Bhaile Átha Cliath, agus rinne sé cathaoirleacht ar an nGrúpa um Bheartas Straitéiseach i leith na nEalaíon, an Chultúir & na Fóillíochta, a cheap plean straitéiseach cúig bliana le haghaidh Baile Átha Cliath. I ngach ról boird a bhí aige go dtí seo, chuaigh sé i mbun próiseas ullmhúcháin agus pleanála dian agus cáiréiseach faoi mar a rinne sé cúram den chuimsiú agus den chruthaitheacht le spriocanna agus le torthaí cothroma inoibrithe a bhaint amach. Ar cháilíochtaí acadúla Bhriain tá MA le Síciteiripe, Dioplóma Iarchéime le Caidreamh Poiblí, céim BA le Socheolaíocht agus le Béarla agus Baccalauréat le Fealsúnacht. Mar iar-Íosánach agus iarmhúinteoir meánscoile tá Ard-Dioplóma le hOideachas aige chomh maith.
Tá Iníon Jordan, ag obair mar shíciteiripeoir le 12 bhliain anuas. Cáilíodh in 2010 í tráth ar bhronn Institiúid Náisiúnta Comhairleoireachta agus Síciteirpe na hÉireann (NCPII) Máistreacht le Comhairleoireacht agus le Síciteiripe air agus tá cáilíocht iarchéime sa Teiripe Chognaíochta agus Iompraíochta agus sa Chúram Cliniciúil aici chomh maith. Sula raibh Iníon Jordan ag obair mar shíciteiripeoir, d’oibrigh sé mar bhall sinsearach den fhoireann náisiúnta chomhordaithe in POBAL, a raibh de chúram uirthi cláir rialtais agus AE a bhaineann le cuimsiú sóisialta a fhorbairt agus a chur i bhfeidhm. Sa ról sin di bhí sí ina ball de chúig bhord réigiúnacha déag a bhunaigh an Rialtas, lena n-áirítear PAUL Partnership Limerick, Tralee Area Partnership and West Limerick Resources. Tá cáilíocht mhúinteoireachta ag Iníon Jordan freisin agus d’oibrigh sí i róil a bhaineann le forbairt oideachais thar lear. Tá cleachtadh príobháideach á fheidhmiú aici faoi láthair, mar a mbaineann sí leas as an taithí atá aici ar a bheith ag obair mar shíciteirpeoir i réimse pobal imeallaithe, le teaghlaigh a ndeachaigh mí-úsáid substaintí i bhfeidhm orthu agus le dídeanaithe baile. Ceapadh Iníon Jordan ar Bord Comhairleoireachta agus Síciteiripe CORU in 2018 agus ceapadh ar Comhairle CORU í ina dhiaidh sin in 2020.
Síceolaí Cairte agus Comhairleoir agus Cúramóir arna Chreidiúnú ag Cumann na hÉireann um Chomhairleoireacht agus um Shíciteiripe is ea Rachel Mooney. Tá staidéar déanta aici ar an tSíciteiripe Luaile Chéadfach chomh maith. Tá MBA le Bainistíocht Cúraim Sláinte ón Smurfit Business School. Tá fud na Eorpa siúlta aici mar gheall ar a cuid oibre agus tá gafa chomh fada leis an Iosrael aici nuair a chomheagraigh sí Comhdháil Dhomhanda in Iarúsailéim in 2000 agus í ag obair le ICAS International. Tá spéis faoi leith aici sa tráma forbarthach agus sa tionchar a bhíonn ag éispéiris agus ag eachtraí trámacha sa luathshaol ar roghanna a dhéanann daoine agus iad fásta. Ba í Rachel an Stiúrthóir ar Sheirbhís Comhairleoireachta Náisiúnta Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte sa Chósta Thoir go ndeachaigh sí ar scor Deireadh Fómhair, 2022. Chomhoibrigh sí le Stiúrthóirí Comhairleoireachta i ngach Ceantar Cúraim Sláinte Phoiblí de chuid Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte le cinnte a dhéanamh de go raibh na caighdeáin cleachtais ab airde á leanúint agus go raibh seirbhís sheasmhach á cur ar fáil ar fud na tíre.
Bainisteoir Sinsearach le Ernst & Young is ea an Dr Gillian O’Brien. Roimhe sin, bhí róil éagsúla aici le Jigsaw: An Lárionad Náisiúnta le haghaidh Mheabhairshláinte na hÓige. In 2014, ceapadh sa ról mar atá Stiúrthóir Cliniciúil í agus bhí sí freagrach as caighdeán agus as sábháilteacht líonra Jigsaw de sheirbhísí meabhairshláinte don óige a bhí ag dul i méid ar fud na tíre.
Oileadh Gillian ina síceolaí cliniciúil ar dtús; rinne sí a bunchéim le síceolaíocht i gColáiste Tríonóide, Baile Átha Cliath agus a cuid oiliúna dochtúireachta in Ollscoil na Banríona, Béal Feirste. Chomh maith leis sin, tá Dioplóma Gairmiúil le Ceannaireacht Chliniciúil ó Choláiste Ríoga na Máinliá in Éirinn in Éirinn ag Gillian. Sular oibrigh sí le Jigsaw, d’oibrigh Gillian i réimse éagsúil suíomhanna i dtaca le meabhairshláinte leanaí agus déagóirí i mBaile Átha Cliath, i dTuaisceart Éireann agus i Meiriceá Láir.
Rinne an tAire Sláinte an daoine seo a leanas a ainmniú agus a cheapadh le toiliú an Aire Fiontar, Trádála agus Fostaíochta.
Cháiligh Patrick Benson ina Altra Síciatrach in 1969 i mBaile Átha Cliath, rinne sé oiliúint fochéime san Altranas Ginearálta i Londain agus cháiligh sé mar Theagascóir Cliniciúil é. Is Iniúchóir Cáilíochta oilte de chuid Eagraíocht Idirnáisiúnta na gCaighdeán é chomh maith. Bhí sé ina Stiúrthóir Cunta ar an Altranas i Maigh Eo agus Sligeach agus ceapadh ina Stiúrthóir ar Altranas le haghaidh Sheirbhís Meabhairshláinte Shligigh/Liatroma/Dhún na nGall Theas in 1985. Rinne sé Oiliúint Forbartha Bainistíochta in Institiúid an Riaracháin Phoiblí i mBaile Átha Cliath ar gach gné den Bhainistíocht Athruithe, Caidreamh Tionsclaíoch, Nósanna Imeachta Idirbheartaíochta agus Iniúchta. Ina Stiúrthóir ar Altranas dó, bhí sé freagra as athrú ó bhonn a dhéanamh ar sheirbhísí meabhairshláinte sa réigiún agus thug sé isteach múnla den Teiripe Chognaíochta agus Iompraíochta, Comhairleoireacht Andúile, Teiripe Chórasach Teaghlaigh agus Altranas Meabhairshláinte Poiblí agus rochtain dhíreach ag Dochtúirí Ginearálta atá á dtreorú ag altraí. Threoraigh sé athrú mór ar sheirbhísí ó mhúla atá bunaithe ar ospidéal go múnla soláthair lán foirne atá dírithe ar an bpobal. I gcaitheamh na tréimse ar chaith sé ina Uachtarán Náisiúnta ar Bhainisteoirí Altraí Meabhairshláinte, chuir sé ceannaireacht ar fáil agus ba údar athraithe é i dtaca le soláthar seirbhísí comhtháite pobail. Chomh maith leis sin, ghlac sé páirt i bhforbairt clár oideachais sa tríú leibhéal agus rinne sé cinnte de gur baineadh caighdeáin amach chun go ndéanfaí creidiúnú iomlán ar a leithéid de chláir. Thug sé ugach d’altraí agus do dhaoine i réimsí eile deiseanna iarchéime a thapú agus ba é an chéad seirbhís in Éirinn ina raibh altra síciatrach cláraithe mar oideasóir altra. I gcaitheamh a ghairmréime, bhí sé go láidir ar son cearta othar agus ina oifigeach gearán don tseirbhís dó ba é an cuspóir a bhí roimhe deimhin a dhéanamh de go ndeachthas i ngleic le dúshláin a bhí ag daoine agus gur baineadh torthaí dearfacha amach le haghaidh gach duine a bhí i gceist.
Ba mar phoitigéir pobail a chuir an Dr Caitríona Bradley tús lena gairm agus tá sí i gceannas ar rialú a dhéanamh ar CPD le haghaidh poitigéirí faoi láthair, agus í ina Stiúrthóir Feidhmiúcháin ar Institiúid Cógaisíochta na hÉireann (IIOP) ar son an rialtóra chógaisíochta mar atá Cumann Cógaisíochta na hÉireann (PSI). Tá Institiúid Cógaisíochta na hÉireann lonnaithe i gColáiste Ríoga na Máinliá in Éirinn, mar a n-oibríonn Caitríona i gcomhar le comhghleacaithe sa Leigheas, san Altranas, sa Chógaisíocht, san Fhisiteiripe, sa tSíceolaíocht agus sa Cheannaireacht Cúraim Sláinte le tacú leis an bhfoghlaim iarchéime le haghaidh daoine gairmiúla. Tá sí an-tiomanta do chúram atá dírithe ar an duine a chur ar fáil. Mar gheall ar a cuid cáilíochta sa chógaisíocht, i léann an dlí, san fheabhsú caighdeáin agus sa chóitseáil, tá réimse leathan cumais agus eolais aici. Mar gheall ar ghairmréim Chaitríona, lena n-áirítear an gnó, an léann, an rialú gairmiúil agus an cheannaireacht ghairmiúil, tá sí in ann tarraingt ar réimse leathan taithí agus saineolais. Mar gheall ar a taithí saoil, mar thuismitheoir, bean chéile, iníon, cara, deirfiúr, othar agus cúramóir, tá léargas saibhir aici ar riachtanais daoine, teaghlaigh agus pobail. Tá sí tiomanta don dea-rialachas agus tá sí ina ball boird den bhunscoil áitiúil. Cuireann sí fáilte roimh dheiseanna le cion a dhéanamh don tsochaí ar bhonn áitiúil agus náisiúnta agus tá sí tiomanta do rath do Chomhairle agus do Choiste Feidhmiúcháin CORU.