Beirt chomhalta tofa ceaptha ar an mBord Clárúcháin Optúil:
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Tá na daoine seo a leanas ceaptha ag an Aire Sláinte, Stephen Donnelly, T.D., mar chomhaltaí den Bhord Clárúcháin Optúil, ar a dtoghadh ag cláraithe na gairme ainmnithe le héifeacht ón 16ú Feabhra 2023 go dtí an 10ú Feabhra 2027
Chláraigh Jill mar Radharceolaí Urghnaimh i 2004 trí Chianfhoghlaim ABDO agus tá déchlárú aici le CORU i TÉ agus GOC sa RA. Tá an-taithí aici i suíomhanna cleachtais neamhspleácha agus iolracha. Tá baint ghníomhach ag Jill le hoideachas, oiliúint agus cur chun cinn na gairme. Tá an dara téarma á dhéanamh ag Jill faoi láthair mar ionadaí Cleachtóir Optúil Urghnaimh ar Choiste um Fheidhmiúlacht chun Cleachtadh – Iompar Gairmiúil CORU. Roimh an gceapachán sin, bhí sí ina hionadaí cleachtóirí DO ar phainéal athbhreithnithe oideachais CORU a rinne maoirseacht ar aitheantas don chúrsa Urghnaimh Oftalmach a thairgeann ITBÁC faoi Acht na Radharceolaithe. Roimhe seo bhí sí ina teagascóir don Chúrsa Cianfhoglama Optúil Urghnaimh ABDO agus bhí sí ina scrúdaitheoir do chúrsaí tacaíochta optúla WCSM. Tá neart seisiún CPD scríofa, seachadta agus éascaithe aici do ghairmigh Optúla agus Éisteolaíochta. Faoi láthair tá baint aice le teagasc don Teastas BTEX leibhéal 4 san Urghnamh Optúil mar chonair chun cinn i dtreo dioplóma Urghnaimh ABDO; agus mar mheantóir do mhic léinn TUD DO ar socrúchán. Ba mhaith le Jill cur chuige leanúnach ildisciplíneach a fheiceáil madir le cúram othar agus forbairt ar raon feidhme an chleachtais Optaiméadraithe agus Radharceolaithe Urghnaimh.
Rugadh Johnpaul mar an cúigiú leanbh le baincéir agus ardmháistreás bunscoile i mí Lúnasa 1985 i mbailecheantar gual-mhianadóireachta sa Stát Enugu, a bhí in oirthear na Nigéire ag an am sin, agus d’fhás Johnpaul aníos i dteach ina raibh dianiomaíocht oideachais chun dul i gcion ar athair dícheallach agus ardmháistreás bunscoile. Bhí dúil mhór aige i gcónaí san eolaíocht mar dhalta, theastaigh uaidh a bheith ina dhochtúir leighis ach, ar ámharaí an tsaoil, fuair sé áit ar chúrsa chun staidéar a dhéanamh ar optaiméadracht san ollscoil faoi úinéireacht an stáit, Ollscoil Stáit Abia i 2002. Bhain sé céim amach tar éis 6 bliana, tar éis dó céim Dhochtúireachta san Optaiméadracht a chríochnú. Chuaigh Johnpaul ar aghaidh chun an taithí intéirneachta éigeantach bliana agus seirbhís náisiúnta cór óige bliana a dhéanamh sa Nigéir. Bhog sé go dtí an Araib Shádach i bhfómhar na bliana 2011 agus chleacht sé optaiméadracht go dtí lár na bliana 2016 nuair a bhog sé go hÉirinn chun staidéar breise a dhéanamh ar Shláinte Poiblí, ag roghnú cur chun cinn sláinte agus beartais mar phríomhábhar le céim Mháistreachta ó COC i gCorcaigh. Cuimsíonn a thaithí oibre roimhe seo Radharceolaithe Specsavers i Sord, Co. Bhaile Átha Cliath. I 2021, rinne Johnpaul comhpháirtíocht le Specsavers Bhéal an Átha tar éis sraith oiliúna a chríochnú lena n-áirítear dioplóma i leibhéal 3 (ILM3) agus cúrsaí conair stiúrthóireachta. I 2022, d’fhág sé an post stiúrthóireachta oftalmach i Specsavers agus chláraigh sé a chomhlacht teoranta féin Odigbo Ltd