Ceapachán ar Bhord Clárúcháin Teiripeoirí Saothair
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Tá an tAire Sláinte, an tUasal Stephen Donnelly TD, le toiliú an Aire Gnó, Fiontar agus Nuálaíochta, tar éis an duine seo a leanas a athcheapadh mar bhall neamhghairmiúil de Bhord Clárúcháin Teiripeoirí Saothair ó 3 Meán Fómhair 2020 go 13 Feabhra 2024:
Ann Sheehan Uas
Tá Ann Sheehan ina Bainisteoir Sinsearach Gnó, Comhairleoir Margaíochta & Díolacháin Réiteach Custaiméirí ó 2002. Roimhe sin, d’oibrigh sí ar feadh 12 bliana mar Fheidhmeannach Sinsearach Margaíochta/Díolacháin le Shannon Aerospace/Lufthansa. D'oibrigh sí freisin leis An mBord Altranais áit ar fhóin sí mar bhall den bhord ar feadh seacht mbliana i dteannta a bheith ar roinnt dá choistí. Faoi láthair tá sí ina ball de Choiste Réamhimeachtaí an chomhlachta sin agus tá sí ina ball Comhairle de Chumann Cógaiseoirí na hÉireann ó 2015 i leith.
Tá Ann Sheehan ag staidéar go páirtaimseartha faoi láthair le haghaidh céim sa síceolaíocht. Déanann sí obair dheonach freisin mar Ionadaí Abhcóideachta SAGE a chuireann tacaíocht agus seirbhís ar fáil do dhaoine scothaosta. Chomh maith leis sin in 2017, ceapadh ina Stiúrthóir í ar Cuan Counselling atá lonnaithe i nDaingean Uí Chúis Co. Ciarraí.
Tá an tAire Sláinte, an tUasal Stephen Donnelly TD, le toiliú an Aire Gnó, Fiontar agus Nuálaíochta, tar éis an duine seo a leanas a athcheapadh mar bhall neamhghairmiúil de Bhord Clárúcháin na bhFisiteiripeoirí ó 3 Meán Fómhair 2020 go 19 Bealtaine 2024:
Ruth Maher Uas
Ceapadh Ruth Maher Uasal mar Stiúrthóir Tionscadal Straitéiseach agus Claochlaithe, Ollscoil Luimnigh in 2017. Is Altra Ginearálta Cláraithe agus Altra Leanaí Cláraithe í Ruth agus tá MSc aici i Néareolaíocht Chliniciúil ó Ollscoil Surrey.
Tar éis di cáiliú mar Altra, d’oibrigh sí i mBaile Átha Cliath sular aistrigh sí go Londain áit ar oibrigh sí in Ospidéal Náisiúnta Queen Square agus Ospidéal Great Ormond Street áit a raibh roinnt post aici i suíomhanna cliniciúla agus riaracháin.
D’fhill Ms Maher ar ais go hÉirinn i 1999 chun post a ghlacadh mar chéad Chomhordaitheoir Forbartha Cleachtais Altranais na hÉireann i bPéidiatraic agus ina dhiaidh sin bhog sí isteach i róil a bhaineann le cáilíocht, rialáil agus sábháilteacht othar go háitiúil, ar leibhéal an ospidéil, agus go náisiúnta d’Fheidhmeannacht Sheirbhís Sláinte na hÉireann. Le linn na tréimhse seo d’fhóin Ms Maher ar roinnt Coistí agus grúpaí oibre náisiúnta, de chuid na Roinne Sláinte, bhí sí ina hOifigeach Tionscadail don Chomhairle Náisiúnta Altranais agus Cnáimhseachais agus ina Cathaoirleach gníomhach ar Ghrúpa Athbhreithnithe um Oideachas Altraí Péidiatraice na Roinne Sláinte.
Bhí Ms Maher ina ball freisin de Choiste Eitice Taighde Aitheanta ar feadh ocht mbliana. Bhí poist dáimhe taca aici freisin i Scoil Altranais agus Cnáimhseachais Choláiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath agus san Institiúid Ceannaireachta i gColáiste Ríoga na Máinleá in Éirinn agus measann sí go bhfuil a cumas caidrimh a thógáil agus comhoibriú le comhghleacaithe ríthábhachtach chun cuspóirí corparáideacha a bhaint amach.
Tá an tAire Sláinte, an tUasal Stephen Donnelly TD, le toiliú an Aire Gnó, Fiontar agus Nuálaíochta, tar éis an duine seo a leanas a athcheapadh mar bhall neamhghairmiúil den Bhord Clárúcháin Síceolaithe ó 3 Meán Fómhair 2020 go 20 Iúil 2023:
Niall Byrne
Is é an tUasal Niall Byrne Cláraitheoir agus Príomhoifigeach Chumann Cógaiseoirí na hÉireannn (PSI) arb é an comhlacht reachtúil atá freagrach as cógaiseoirí agus cógaslanna in Éirinn a rialáil. Roimhe seo, d’oibrigh sé ag leibhéal sinsearach leis an tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí agus leis an Údarás um Fhaisnéis agus Cáilíocht Sláinte. Tá taithí fhairsing aige ar rialachas laistigh den earnáil reachtúil agus d’fhóin sé freisin mar stiúrthóir agus mar iontaobhaí carthanais ar roinnt comhlachtaí deonacha. Tá cáilíochtaí tríú leibhéal aige i riarachán poiblí, rialachas agus eitic.
Tá an tAire Sláinte, an tUasal Stephen Donnelly TD, tar éis an duine seo a leanas a athcheapadh mar bhall neamhghairmiúil den Bhord Clárúcháin Síceolaithe ó 3 Meán Fómhair 2020 go 20 Iúil 2023:
An tUasal Paul Longmore
Oibrí sóisialta agus síciteiripeoir sistéamach é an tUasal Paul Longmore a bhfuil taithí fhairsing aige i réimse na meabhairshláinte ar fud raon suíomhanna, earnálacha agus róil. Tá sé ag fónamh faoi láthair mar Stiúrthóir Cliniciúil ar Jigsaw, eagraíocht san earnáil dheonach atá maoinithe go príomha ag Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS) a sholáthraíonn seirbhísí meabhairshláinte ar leibhéal cúraim phríomhúil do dhaoine óga 12-25 bliana d’aois. D'oibrigh sé roimhe seo mar oibrí sóisialta meabhairshláinte sinsearach le Seirbhísí Meabhairshláinte Leanaí agus Déagóirí (CAMHS) Mater/FSS. Tá léachtaí tugtha ag an Uasal Longmore ar chláir oiliúna ar leibhéal iarchéime i Síciteiripe agus Obair Shóisialta i gColáiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath agus i gColáiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath. Tá oiliúint bhainistíochta cúram sláinte curtha i gcrích aige freisin le Coláiste Ríoga na Máinleá in Éirinn.
Tá an tAire Sláinte, an tUasal Stephen Donnelly TD, tar éis na daoine seo a leanas a athcheapadh mar bhaill neamhghairmiúla den Bhord Clárúcháin Síceolaithe ó 3 Meán Fómhair 2020 go 20 Iúil 2023:
Edel Moloney Uas
Is Síceolaí cairte í an Edel Moloney Uasal le Cumann Síceolaithe Éireann agus tá sí ina ball dá rannán Síceolaithe Oibre agus Eagrúcháin (DWOP). Tá MSc aici i Síceolaíocht Eagrúcháin agus MSc i mBainistíocht.
Is í an tUasal Moloney an Bainisteoir Athraithe agus Forbartha i Speedpak, fiontar sóisialta a bhain duaiseanna amach le dhá ghnóthas tráchtála, a sholáthraíonn taithí oibre agus oiliúint do dhaoine atá dífhostaithe go fadtéarmach a chónaíonn i bpobail faoi mhíbhuntáiste a mbíonn eisiamh sóisialta ag cur isteach orthu. Roimhe seo bhí sí ina ball d’Fhoireann Bainistíochta Sinsearaí Chomhpháirtíocht Thuaisceart Bhaile Átha Cliath. Tá taithí shuntasach ag Ms Moloney freisin de bheith obair san earnáil airgeadais in Éirinn agus sa Ríocht Aontaithe áit a ndearna sí speisialtóireacht ar chomhairle agus oiliúint a sholáthar do chliaint chorparáideacha maidir le saincheisteanna dlí agus comhlíonta.
Bhí baint ghníomhach ag Ms Moloney le heagraíochtaí pobail agus reachtúla éagsúla. Faoi láthair tá sí ina leaschathaoirleach ar Bhord Sheirbhís Chomhairleoireachta Thuaisceart Bhaile Átha Cliath. I taithí ar Bhoird aici roimhe seo lena n-áirítear cathaoirleach ar Bhord Ionad Oiliúna Pobail Discovery i nDarndál; ball de Bhord Breastcheck agus ina dhiaidh sin Bord na Seirbhíse Náisiúnta Scagthástála Ailse agus ina dhiaidh sin bhí sí ina ball den Choiste Iniúchóireachta agus ina cathaoirleach ar Choiste Rialachais an Bhoird. D'oibrigh Ms Moloney ar feadh roinnt blianta mar idirghabhálaí deonach le Dlí agus Idirghabháil an Chomhphobail sa Chúlóg agus faoi láthair tá sí ina hIontaobhaí ar Scéimeanna Pinsin Pobal ina bhfuil 60 scéim cuideachta aonair.
An tUasal Kieran Woods
Chuaigh an tUasal Kieran Woods ar scor ó Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS) in 2016 tar éis a bheith ag obair mar shíceolaí cliniciúil ar feadh tríocha cúig bliana. Bronnadh a cháilíocht ghairmiúil síceolaíochta cliniciúla air ó Chumann Síceolaíochta na Breataine. I measc a cháilíochtaí acadúla tá MA i Síceolaíocht ó Choláiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath agus cáilíocht Bainistíochta Cúraim Sláinte ón Foras Riaracháin. Ar chríochnú a chuid oiliúna, d’oibrigh an tUasal Woods do Bhord Sláinte an Oirthir mar a bhí ag an am ar feadh naoi mbliana.
D'oibrigh sé i dtosach i seirbhísí meabhairshláinte do dhaoine fásta sular bhog sé go dtí an tSeirbhís Meabhairshláinte Leanaí agus Déagóirí i gCill Dara. Ceapadh an tUasal Woods ina Phríomh-Bhainisteoir Síceolaíochta ar Sheirbhís Síceolaíochta Dhún na nGall FSS ina dhiaidh sin. Le linn na tréimhse sin, bhí sé ina bhainisteoir ar Sheirbhís Méala Dhún na nGall agus COSC agus ghníomhaigh sé sa ról Bainisteoir Ginearálta Sheirbhísí Cúraim Phríomhúil FSS Dhún na nGall. D’fhóin sé ar Bhord Cláir Ollscoil na hÉireann Gaillimh don Dochtúireacht i Síceolaíocht Chliniciúil ar feadh blianta fada agus bhí sé ina chathaoirleach freisin ar Cheannasaithe Sheirbhísí Síceolaíochta na hÉireann. Bhí an tUasal Woods ina bhall de choistí agus de ghrúpaí oibre éagsúla ar leibhéal náisiúnta, réigiúnach agus áitiúil.