Ceapachán chuig an mBord Árachais Sláinte Shaorálaigh
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Tar éis feachtais ar Poistphoiblí, agus le ceadú ó Bhanc Ceannais na hÉireann, tá an Dr Catherine Motherway ceaptha ag an Aire Sláinte Stephen Donnelly mar chomhalta den Bhord Árachais Sláinte Shaorálaigh le héifeacht ón 2 Nollaig 2024 go dtí an 1 Nollaig 2029.
Tá an Dr. Motherway ag obair in earnáil an chúraim sláinte le breis agus tríocha bliain anuas, agus speisialtóireacht aici san ainéistéiseolaíocht agus sa leigheas dianchúraim. Oibríonn sí go páirtaimseartha anois le Deonú agus Trasphlandú Orgán Éireann, í ag tacú le deonú orgán ag cur an deonaithe sin chun cinn. Tá sí ina comhalta freisin den Choiste Náisiúnta ATLS (Advanced Trauma Life Support) agus déanann sí ionadaíocht ar Chumann Dianchúraim na hÉireann (ICSI) ar an mBord Comhairleach Náisiúnta um Orgán agus Trasphlandú agus ar Choiste Iniúchtana hOifige Náisiúnta um Iniúchadh Cliniciúil ar Aonaid Dianchúraim.
Bhain sí cáilíocht amach ó Choláiste na hOllscoile, Corcaigh in 1985 agus fuair sí oiliúint san ainéistéiseolaíocht in 1996 Ina dhiaidh sin, thaistil sí go dtí an Astráil chun dul faoi oiliúint bhreise sa leigheas dianchúraim, agus rinneadh Comhalta de Choláiste an Leighis Dianchúraim san Astráil di.
D’fhill sí ar Éirinn i 1999 mar ainéistéiseolaí comhairleach a raibh spéis aici sa leigheas dianchúraim in Ospidéal na hOllscoile, Luimneach (UHL). Bhí sí ina Ceannaire Cliniciúil i nDeonú Orgán ag UHL agus tá spéis ar leith aici sa leigheas dianchúraim, san ainéistéise oftalmach, sa leigheas fuilaistriúcháin agus san oiliúint. Bhí sí ina comhalta de Chomhairle Choláiste Ainéistéiseolaithe na hÉireann agus is iar-Chathaoirleach ar an gCoiste Oiliúna Náisiúnta í. Bhí sí ina hUachtarán ar an ICSI roimhe seo agus, sa ról sin, bhí baint aici ar an leibhéal náisiúnta leis an bhfreagairt dianchúraim ar an bpaindéim COVID-19.