Ceapachán an Dochtúir Sharon Sheehan ar Bhord Sheirbhís Fuilaistriúcháin na hÉireann Dr.Sharon Sheehan
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Tá an Dochtúir Sharon Sheehan ceaptha ag an Aire Sláinte, Stephen Donnelly T.D. ar Bhord Fuilaistriúcháin na hÉireann ar feadh tréimhse trí bliana ón 5ú Deireadh Fómhair 2020 go dtí an 4ú Deireadh Fómhair 2023
Beathaisnéis don Dochtúir Sharon Sheehan
Is Cnáimhseoir agus Gínéiceolaí í an Dochtúir Sharon Rachel Sheehan in Ospidéal Ollscoile an Choim do Mhná agus do Naíonáin. Bhain an Dochtúir Sheehan céim amach ó Scoil an Leighis i UCD i 1998. Ón am sin, d’oibrigh sí in Ospidéal Máithreachais Réigiúnach Luimnigh, Ospidéal Náisiúnta Máithreachais, Ospidéal an Rotunda, Ospidéal Ollscoile an Choim do Mhná agus do Naíonáin agus Ospidéal St Michael’s, Bristol.
Bá í an Dochtúir Sheehan an chéad Mháistir baineann d’Ospidéal Ollscoile an Choim do Mhná agus do Naíonáin agus bhí sí sa phost sin ó 2013 go dtí deireadh 2019. Ba í a fócas mar Mháistir ná sábháilteacht othar a fheabhsú agus tógáil ar an straitéis fhadtéarmach don ospidéal.
Tá an Dochtúir Sheehan ina comhalta de Choláiste Ríoga na Lianna in Éirinn agus Coláiste Ríoga na gCnáimhseoirí agus na Gínéiceolaithe R.A. Tá sí ina Cathaoirleach de Ghrúpa Athbhreithnithe Rialachais Institiúid na gCnáimhseoirí agus na Gínéiceolaithe, Coláiste Ríoga na Lianna in Éirinn.
Bhí an Dochtúir Sheehan ina comhalta de Ghrúpa Stiúrtha na Straitéise Máithreachais Náisiúnta a tháirg an chéad Straitéis Mháithreachais in Éirinn – “Ag Cruthú Todhchaí Níos Fearr Le Chéile: Straitéis Náisiúnta Máithreachais 2016-2026”