Ceapacháin chuig Bord Clárúcháin na dTeiripeoirí Saothair
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
John Hanily, Uasal
Is Príomhoifigeach Sláinte Comhshaoil i bhFeidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte i Ros Comáin é John Hanily. Tá an-taithí aige mar Ghairmí Sláinte Comhshaoil agus é i ndiaidh 40 bliain a chaitheamh i bhFeidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte, 34 bliain den tréimhse sin san Ardbhainistíocht. I measc a réimsí taithí, tá Cigireacht, Rialáil, Comhlíonadh agus Forfheidhmiú Rialaithe Bia, Rialú Tobac, Réamhscoileanna, Tithe Altranais, feidhmeanna Comhshaoil/Údaráis Áitiúil, agus Cláir Shamplála Bia agus Uisce.
Chaith sé tamall mar chomhalta agus bainisteoir ar Fhoireann na Seirbhíse Sláinte Comhshaoil, foireann atá freagrach as Creidiúnú an Údaráis um Chaighdeáin Náisiúnta na hÉireann - Córas Bainistíochta Cáilíochta um Rialú Bia sa tSeirbhís Sláinte Comhshaoil. Bhí sé ina chomhalta freisin den ‘Ghrúpa Náisiúnta Monatóireachta Uisce Óil’ de chuid na Roinne Comhshaoil & Rialtais Áitiúil.
Rosemary Smyth, Uasal
Tá an-taithí ag Rosemary Smyth de bheith ag obair san earnáil cúraim sláinte, agus an mheabhairshláinte ina speisialtóireacht aici. Ba Stiúrthóir í roimhe seo ar an gCoimisiún Meabhair-Shláinte, an t-údarás rialála ar sheirbhísí meabhairshláinte in Éirinn. Bhí sí freagrach as na saoráidí uile meabhairshláinte d’othair chónaitheacha a chlárú, monatóireacht a dhéanamh ar an gcomhlíonadh le hoibleagáidí reachtúla agus ar fhorbairt caighdeán, rialacha agus cód cleachtais i gcás idirghabhálacha sonracha i gcomhréir leis an reachtaíocht. Tá sí tar éis cur le forbairt réimse beartas, caighdeán agus treoirlínte náisiúnta. Tá Rosemary ina Cathaoirleach faoi láthair ar an tSeirbhís Náisiúnta Abhcóideachta, agus chomh maith leis sin, tá sí i mbun a céad téarma 3 bliana ar Bhord an Ghrúpa Rehab.
Dawn Johnston, Uasal
Is ceannaire gairmiúil cúraim sláinte í Dawn Johnston a bhfuil an-taithí aici agus an-chuid bainte amach aici i gcleachtas an Chnáimhseachais, i réimse an tseachadta seirbhíse, i réimse an rialachais agus, le déanaí, sa réimse Rialála sa Ríocht Aontaithe agus in Éirinn.
Chuir Dawn a hOiliúint Altranais i gcrích i mBaile Átha Cliath agus rinne sí a hoiliúint cnáimhseachais in Surrey sa Ríocht Aontaithe. Chaith sí roinnt blianta ag obair i réimse shláinte na mban i láithreacha ospidéil agus i láithreacha pobail. Thosaigh sí ag obair ansin i réimse na bainistíochta agus bhí sí ina Bainisteoir Ginearálta/Stiúrthóir ar Sheirbhísí Máithreachais agus Leanaí ar Bhord Bainistíochta Ospidéil Mhóir i Londain. Tháinig sí ar ais go hÉirinn in 2014 chun tabhairt faoi ról mar Stiúrthóir Grúpa Cnáimhseachais in Iarthar na hÉireann.
Ceapadh í mar Chomhalta ar Bhord Altranais agus Cnáimhseachais na hÉireann in 2015 chun ionadaíocht a dhéanamh ar Stiúrthóirí Altranais agus Cnáimhseachais i bhFeidhmeannacht na Seirbhíse Slainte, ach d’éirigh sí as an ról sin in 2017 nuair a ceapadh í mar bhall foirne de chuid Bhord Altranais agus Cnáimhseachais na hÉireann mar Stiúrthóir an Chnáimhseachais.
Chaith Dawn 8 mbliana ina Painéalaí um Fheidhmiúlacht chun Cleachtadh leis an gComhairle Altranais agus Cnáimhseachais (RA) agus chabhraigh sí freisin leis an gCoimisiún um Chúram Sláinte (RA) agus le Cigireacht Sláinte na Breataine Bige agus athbhreithnithe á dhéanamh ar sheirbhísí.
Eilish Macklin, Uasal
Bhain Eilish Macklin cáilíocht amach mar Altra Ginearálta Cláraithe i mí Dheireadh Fómhair 1977 in Ospidéal Altnagelvin i nDoire, Tuaisceart Éireann. Ina dhiaidh sin, d’oibrigh Eilish mar altra san Afraic Theas, i Leitir Ceanainn, i mBéal Feirste, san Araib Shádach agus i Londain. D’fhill sí ar Éirinn i mí Eanáir 1985 agus d’oibrigh sí in Ospidéal na Mí (Ospidéal Thamhlachta anois) agus in Ospidéal Richmonds sular aistrigh sí go hOspidéal Beaumont in 1987. D’oibrigh sí i ról na Siúrach i gCeannas ar an Aonad Dianchúraim Néaramháinliachta agus mar Stiúrthóir Cúnta Altranais Gníomhach in Ospidéal Beaumont.
Ceapadh í ina Stiúrthóir Cúnta Altranais san Ospidéal Náisiúnta Athshlánúcháin, Dún Laoghaire in 1997 agus ina Stiúrthóir Altranais in 1999. D’fhan sí sa ról sin go dtí gur imigh sí ar scor i mí Bealtaine 2016.
Bhí Eilish Macklin ina comhalta den Choiste Feidhmiúcháin, den Choiste Eitic agus den Choiste Sláinteachais le linn a tréimhse mar Stiúrthóir Altranais. Stiúir sí ó thaobh an altranais agus í ar an bhFoireann Tionscadail don Ospidéal Náisiúnta Athshlánúcháin nua atá ar an bhfód ó mhí an Mheithimh 2020. Chaith Eilish tréimhse ar Bhord an Ospidéil ó 1997 go dtí 2016, ag cur comhairle ar an mBord maidir le saincheisteanna altranais amhail foireann altranais a earcú agus a choinneáil, agus rialú infhabhtuithe.
Agus í ina Stiúrthóir Altranais, bhí Eilish freagrach as 100 Altra Ginearálta Cláraithe agus 80 Cúntóir Cúraim Sláinte, ag cinntiú go raibh ardchaighdeán cúraim á chur ar fáil d’othair agus dá dteaghlaigh i ndiaidh gortuithe dromlaigh agus gortuithe inchinne, strócanna agus teascadh. Bhí dlúthchaidreamh aici mar chomhalta den fhoireann idirdhisciplíneach le Teiripeoirí Saothair, Fisiteiripeoirí, Teiripeoirí Urlabhra, Oibrithe Sóisialta, Síceolaithe agus Diaitéitigh.
Ó thaobh na hacadúlachta, tá Dioplómaí san Altranas ó Choláiste Ríoga na Máinlianna agus Cúrsa Bainistíochta ó Choláiste Náisiúnta na hÉireann ag Eilish.
Tá sí ina comhalta de Bhord Clárúcháin na dTeiripeoirí Saothair ó mhí Feabhra 2019. Ceapadh an athuair í chuig Bord Bainistíochta an Ospidéil Náisiúnta Athshlánúcháin i mí Eanáir 2020.