Ceapacháin chuig Bord Shláinte Leanaí Éireann
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Con Cronin
Tá an tUasal Cronin ag éirí as a chúraimí mar chomhalta de Bhoird Ospidéal Mhuire na Leanaí, Cromghlinn (OLCHC), Cathaoirleach Avison Young, Comhairleoir Réadmhaoine agus Gnólacht Suirbhéireachta Cairte, agus mar Chathaoirleach ar Choiste um Chleachtadh Ginearálta Chumann na Suirbhéirí Cairte in Éirinn. Is iar-uachtarán é ar Rámhaíocht Éireann (2013-2016), an comhlacht uile-Éireann atá freagrach as rámhaíocht a rialú agus a chur chun cinn.
Mary Cryan
Iar-chomhalta fostóra den Chúirt Oibreachais í Mary Cryan, Uasal, post a bhí aici le haghaidh sé bliana go dtí Deireadh Fómhair 2016. Bhronn Coláiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath céim san Eolaíocht Shóisialta uirthi, agus thosaigh siad ag obair mar Fheidhmeannach Caidrimh Thionsclaíoch le IBEC, áit a ndearna sí ionadaíocht ar fhostóirí in idirbheartaíochtaí díreacha le ceardchumainn agus ag fóraim tríú páirtí. Don chuid is mó dá saol oibre, is ag obair do Ghrúpa Brown Thomas a bhí sí, mar Stiúrthóir Acmhainní Daonna i ndeireadh na dála, agus bhí sí freagrach as gach gné de na feidhmeanna Acmhainní Daonna agus Caidrimh Thionsclaíoch. I rith a saoil oibre, bhí Mary Cryan ainmnithe ina comhalta ar roinnt bord, lena n-áirítear an Ghníomhaireacht um Chomhionannas Fostaíochta, Institiúid Teicneolaíochta Bhaile Átha Cliath agus an tÚdarás Náisiúnta Cearta Fostaíochta.
An tOllamh Martin Elliott
Tá na ceapacháin seo a leanas luaite le hainm an Ollaimh Elliott faoi láthair: Máinlia Comhairleach Péidiatrach Cardatóracsach, Ospidéal do Leanaí Shráid Ormond (GOSH), 1985 - faoi láthair (2 lá sa tseachtain faoi láthair), Ollamh le Máinliacht Chardatóracsach, Coláiste na hOllscoile Londan, 2004 - faoi láthair, Ollamh le Fisic, Coláiste Gresham, Londain, 2014-2018. Ánra, Coláiste Gresham, Londain 2018 – Faoi láthair. Príomhoifigeach Leighis, Allocate Software Ltd, 2017- faoi láthair (1.5 lá sa mhí féilire). Stiúrthóir Neamhfheidhmiúcháin, Ospidéal Ríoga Marsden NHS FT, Londain, 2017- faoi láthair (2 lá sa mhí féilire), Comhairleoir Sinsearach, PA Consulting Ltd, ó Nollaig 2018 (2 lá sa mhí féilire), Comhalta Binse (https://chinatribunal.com) ó 2018 i mbun imscrúdaithe ar dheonú orgán faoi bhrú sa tSín.
Chabhraigh an tOllamh Elliott le go leor foirne a bhunú, go háirithe foirne atá ag díriú ar thrasphlandú tóracsach (bhí sé i gceannas ar an bhfoireann seo idir 2000 - 2010) agus ECMO ag GOSH. Bhunaigh sé an tSeirbhís Thraicéach ag GOSH (foireann a bhí á stiúradh aige idir 2000 0 2015). Ainmníodh é seo mar Sheirbhís Náisiúnta Shasana le haghaidh Galar Trom Traicéach do Leanaí 2006, an tseirbhís is mó agus is rathúla dá leithéid ar domhan. Bhí sé páirteach i sainchoistí ábhartha NHS.
Ceapadh é mar Stiúrthóir Rannáin seirbhísí cardairiospráideacha agus dianchúraim ag GOSH idir 2000 - 2010. Ceapadh é mar Chomhstiúrthóir Leighis ag GOSH idir 2010-2015, agus mar Chomhalta Boird iomlán. Ghlac sé páirt in iarratas rathúil Iontaobhas Fondúireachta. Ceapadh é mar Stiúrthóir Neamhfheidhmiúcháin d’Iontaobhas Fhondúireacht Ospidéal Ríoga Marsden NHS in 2017, agus cuireadh in iúl in athbhreithniú CQC a rinneadh le déanaí go raibh ag éirí thar cionn leis an Iontaobhas, agus thar barr sa chomhpháirt a bhain le ‘stiúradh éifeachtach’. Tá spéis ar leith aige sa mhodh a oibríonn an earnáil phríobháideach, agus ceapadh é mar Phríomhoifigeach Leighis Allocate Software Ltd in 2017 agus mar chomhalta de Chomhairle Comhairleach Tionscail Novartis in 2018.
An Dr Gavin Lavery
Bronnadh Céim sa Leigheas ar an Dr Lavery ó Ollscoil na Banríona, Béal Feirste (QUB) agus ina dhiaidh sin cháiligh sé mar ainéistéisí, agus dhírigh sé go speisialta ar Leigheas Dianchúraim agus Cúram Tráma. Chríochnaigh sé a Ánracht (FFARCSI) in 1983 agus MD in 1986. Ceapadh é mar Ánra Sinsearach/Príomhdhochtúir Cónaithe sa Chúram Criticiúil in Ollscoil Iarthar Ontario sular ceapadh é in Ospidéal Ríoga Victoria, Béal Feirste mar an chéad Chomhairleach atá oilte go sonrach i Leigheas Dianchúraim. In 2000, dhear sé agus stiúir sé seirbhís nua chun aosaigh a bhí go dona tinn ar fud Thuaisceart Éireann (NICCaTS) a aistriú. Go dtí gur éirigh sé as in 2012, bhí breis is 6000 othar den chineál seo aistrithe.
Bhí neart ról gairmiúil aige; Uachtarán Chumann Dianchúraim na hÉireann; comhalta de Chomhairle Chumann Dianchúraim na Ríochta Aontaithe agus Comhalta de choiste Oideachais Chumann Leigheas Dianchúraim na hEorpa; Comhalta den Choláiste Measúnóirí san Fhoras Sláinte; Scrúdaitheoir le haghaidh trí choláiste.
Idir 2011-2017, bhí an Dr Lavery ag feidhmiú mar Stiúrthóir Cliniciúil, Fóram Sábháilteachta HSC, an eagraíocht ceannais le haghaidh sábháilteacht othar agus feabhas caighdeáin i dTuaisceart Éireann. Idir 2014-2016 bhí sé páirteach i gCoiste Comhairleach na gCaighdeán Cáilíochta san Institiúid Náisiúnta um Fheabhas Sláinte & Cúraim (NICE). Tá breis is 60 páipéar piarmheasúnaithe foilsithe aige, 12 chaibidil agus tá 3 thráchtas iarchéime stiúrtha aige.
Go hidirnáisiúnta, bhí sé ina chomhalta Boird d’Fhondúireacht Mháinlianna Galar Croí ó Bhroinn na hEorpa, agus den Chumann Dianchúraim Phéidiatraigh (idirnáisiúnta). Tá Bunachar Sonraí Eorpach le haghaidh Éalaing Galar Croí ó Bhroinn bunaithe aige (Bunachar sonraí EACTS anois). Ba é Uachtarán bunaidh an Chumainn Idirnáisiúnta le haghaidh Ainmníochta i nGalar Croí Péidiatrach agus ó Bhroinn agus bhí spéis ar leith aige i gcumarsáid leictreonach sa réimse seo a chaighdeánú.
Catherine Guy
Ceapadh Catherine Guy ar bhord Shláinte Leanaí Éireann in 2019. I láthair na huaire, tá Catherine ag obair mar POF Auto Lease Fleet Management Limited. Is aturnae cáilithe í, agus bhí Catherine ag obair mar Chomhpháirtí Bainistíochta comhlacht dlí Byrne Wallace (2012 - 2018) agus bhí sí freagrach as bainistíocht agus treo stratéis an ghnólachta, cúrsaí airgeadais, rialachas corparáideach agus forbairt ghnó. Roimhe sin, bhí Catherine ag obair mar chomhpháirtí sa ghnólacht agus bhí sí i gceannas ar an rannán Maoine agus Tógála. Tá sí ainmnithe mar "Cleachtóir Iomráiteach" ag Chambers Europe. Is Stiúrthóir Cairte í agus tá dioplóma i dTreo Cuideachta aici ó Institiúid na Stiúrthóirí, Teastas Gairmiúil sa Rialachas ó An Foras Riaracháin (2021). Ceapadh í mar stiúrthóir neamhspleách ar Chumann Peile na hÉireann (FAI) in Eanáir 2020 agus tá sí i mbun cathaoirleachta ar Choiste Rialachais bhord FAI.
Brigid McManus
Bhí Brigid McManus ag obair mar Ard-Rúnaí sa Roinn Oideachais agus Scileanna idir 2005 - 2012. Sular ceapadh í mar Ard-Rúnaí, bhí poist bhainistíochta shinsearacha aici sa Roinn Airgeadais agus sa Roinn Ealaíon, Oidhreachta, Gaeltachta agus Oileán, áit ar oibrigh sí ar raon leathan ceisteanna a bhain le beartas poiblí agus bainistíocht. Le linn di a bheith ag obair mar Ard-Rúnaí sa Roinn Oideachais agus Scileanna, rinne sí maoirseacht ar an gcreat beartais a bhaineann le maoiniú agus rialacha an oideachais bhunscoile, dara leibhéal, breisoideachais agus ardoideachais. I rith an ama sin, ceapadh í mar chomhalta de Choiste na gCeapachán Barrleibhéil le haghaidh ceapachán sinsearach sa státseirbhís.
Bhí Brigid páirteach i roinnt Bord Comhlachtaí Poiblí agus Seachbhrabúsacha. Is comhalta í de Bhord CHI ón mbliain 2018 agus i láthair na huaire is comhalta í de Bhord Rialaithe Choláiste Náisiúnta na hÉireann, Cathaoirleach Choiste um Dhearbhú Tola an Taighde Sláinte (HRCDC) agus tá sí i mbun cathaoirleachta ar an nGrúpa Oibre um Pleanáil Bhreithiúnach.