Ceapann an tAire Stephen Donnelly, T.D., beirt bhall le bord Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Anne Carrigy
Altra ó thaobh gairm bheatha de í, agus i ndiaidh dí speisialú agus oibriú i nDianchúram, thosaigh sí ag oibriú le bainistíocht altranais mar Stiúrthóir Altranais agus Ceann Gnóthaí Corparáideacha ag Ospidéal Ollscoile an Mater Misericordiae, Baile Átha Cliath. Thosaigh sí ag oibriú ina dhiaidh sin le FSS mar Stiúrthóir na Foirne Bainistíochta Teagmhas agus rinneadh Ceannasaí Náisiúnta Sheirbhísí Ospidéil Ghéarmhíochaine FSS di ina dhiaidh sin. D’oibrigh sí ar Bhoird agus Coistí Náisiúnta agus Idirnáisiúnta araon ar feadh go leor blianta agus í ag fónamh mar Uachtarán Bhord Altranais agus Cnáimhseachais na hÉireann; Ball de Bhord ENDA (Cumann Stiúrthóirí Altranais na hEorpa); Uachtarán FEPI (an Chónaidhm Eorpach um Ghairmeacha Beatha Altranais); Ball de Chomhairle na nDochtúirí Leighis na hÉireann; Ball Boird de HIQA (an tÚdarás um Fhaisnéis agus Cáilíocht Sláinte); agus Ball de Chomhlacht Rialaithe Institiúid Teicneolaíochta Leitir Ceanainn. Tá sí paiseanta faoi othair agus thacaigh sí go tréan le cúram otharlárnach, i ndiaidh di a shaol a chaitheamh le feabhas a chur ar sheirbhísí cúraim othar.
Brendan Whelan
Is é Brendan Whelan POF an Fhorais Airgeadais Shóisialta, eagraíocht a chuireann maoiniú iasachta ar fáil d’eagraíochtaí san earnáil shóisialta nach gcomhlíonann critéir chreidmheasa na n-iasachtóirí príomhshrutha de ghnáth. Roimh don ról seo a bheith aige, bhí sé mar chuid den fhoireann Bainistíochta Sinsearaí i mBanc na hÉireann agus freagracht aige as Oibríochtaí, an TF agus AD. Tá céim aige sa Tráchtáil é ó Choláiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath, chomh maith le céim sa Bhainistíocht ó Ollscoil Stanford, agus is Comhalta de chuid Institiúid na mBancéirí in Éirinn é freisin.
Tá dúil chroíúil aige cúnamh a thabhairt do dhaoine a bhfuil riachtanais bhreise acu. Tá sé seo léirithe sa tslí a bhfuil sé ina Chathaoirleach ar na Cluichí Oilimpeacha Speisialta (SO) in Éirinn agus sa bhaint a bhí aige le dhá chlub SO áitiúla. Tá sé ina Chathaoirleach ar Chumann Naomh Caitríona freisin, eagraíocht cúraim shóisialta Alt 39 i gCill Mhantáin agus is Pátrún é de Scoil Speisialta Naomh Caitríona atá nascadh leis an gcumann sin.