Ó na 1990idí deireanacha anuas, tá Oifig na nOibreacha Poiblí (OPW) agus An Roinn Airgeadais, Tuaisceart Éireann (DoF) ag obair i gcomhpháirtíocht le chéile chun taispeántas ealaíne bliantúil taistil a eagrú. Is aidhm don tionscnamh trasteorann seo feasacht an phobail agus rochtain ar shaothar ealaíne san dá bhailiúchán Stáit a chruthú. Is mó láthair a bhí na taispeántais seo ar fáil iontu agus an dá bhailiúchán dá léiriú do lucht féachana nua. Bíonn téamaí éagsúla ins na taispeántais gach bliain. Is é téama na bliana seo ná All Creatures Great and Small agus tá saothar aon ealaíontóir is tríocha ar taispeáint ar líne.
Díríonn an taispeántas ar an saol nádúrtha – feithidí, éanlaith, ainmhithe agus créatúir na mara - agus an gaol idir an saol nádúrtha sin agus an cine daonna. Tá saothair ealaíne de chineálacha éagsúla ar taispeáint – pictiúir, grianghraif, priontaí agus dealbha. Tá cur chuige ar leith dá c(h)uid féin ag gach ealaíontóir maidir le créatúir bheo a léiriú agus cruthaíonn an éagsúlacht seo taispeántas atá machnamhach agus spéisiúil araon.