Athcheapacháin ar Bhord an Údaráis Rialála Táirgí Sláinte
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Tá an tAire Sláinte, Simon Harris TD, tar éis na baill ag seo a leanas a athcheapadh ar Bhord Údaráis Rialála Táirgí Sláinte.
Is comhairleoir sa Leigheas Sláinte Poiblí an Dr. Elizabeth Keane (MB, MPH, FFPHMI). Tá an Dr. Keane ina hOllamh Cúnta leis an Eipidéimeolaíocht agus an tSláinte Poiblí i UCC. D'oibrigh an Dr. Keane sa mhíochaine ospidéil ar feadh 5 bliana sula ndearna sé Máistreacht sa tSláinte Poiblí in UCD agus chríochnaigh sé Ard-Oiliúint Speisialtóra i Leigheas Sláinte Poiblí i 1989. Ceapadh í mar an chéad Stiúrthóir Sláinte Poiblí do Chorcaigh agus do Chiarraí i 1995. Tá an Dr. Keane ina comhalta agus ina Leas-Déan ar Dhámh an Leighis Sláinte Poiblí den RCPI, ina Áisitheoir agus ina Scrúdaitheoir ar na Scrúduithe Ballraíochta agus ina Cathaoirleach ar an gCoiste Oideachais agus Scrúduithe. Is iar-Chathaoirleach í ar Bhord na Clárlainne Náisiúnta Ailse agus ar Bhord an Ionaid Náisiúnta Faireachais Galar (HPSC anois). D'fhóin sí freisin ar bhoird Sheirbhís Fuilaistriúcháin na hÉireann agus ar an Údarás Eatramhach um Fhaisnéis agus Cáilíocht Sláinte. I measc phríomhréimsí spéise an Dr. Keane tá an eipidéimeolaíocht, an stádas sláinte, an chosaint sláinte, gnéithe sláinte poiblí víris a iompraítear san fhuil agus an rialacháin sláinte idirnáisiúnta.
Táthar tar éis an Dr Keane a athcheapadh ón 22 Bealtaine 2019 go dtí an 21 Bealtaine 2022.
Oibríonn an Dr. Diarmuid Quinlan (MB, BCh, BAO, BSc, MICGP, MRCGP, DFFP, DCH, DPD) go lánaimseartha mar dhochtúir teaghlaigh i nGleann Maghair, Co. Chorcaí. Is céimí de chuid UCC é, chríochnaigh sé sainoiliúint sa Chleachtadh Ginearálta in Kent, Sasana agus ansin d’oibrigh sé san Astráil sular fhill sé ar Chorcaigh. Faoi láthair, tá sé ina chathaoirleach ar an Diaibéiteas sa Chleachtadh Ginearálta, carthanas diaibéiteas. Ceapadh é mar cheannaire cliniciúil don Diaibéiteas san FSS Theas, mar chathaoirleach ar ghrúpa feidhmithe seirbhíse Diaibéiteas Theas an FSS agus ar an nGrúpa Comhairleach Cliniciúil Diaibéiteas náisiúnta in 2009. Tá sé ar choiste Chorcaí don tseirbhís lasmuigh d’uaireanta oifige Southdoc. Is comhairleoir riosca creidiúnaithe sa chúram príomhúil é, leis an gCumann Cosanta Leighis. Bhuaigh sé duais ICGP 2013 don Ardchaighdeán sa Cleachtadh as ‘Methotrexate: We can do better: a novel approach to safer use of toxic medication’. Is teagascóir fochéime é i UCC agus teagascóir deirmeolaíochta ar líne d’Ollscoil Caerdydd, an Bhreatain Bheag. Scríobhann sé ailt ar bhonn rialta le haghaidh roinnt foilseachán éagsúla.
Táthar tar éis an Dr Quinlan a athcheapadh ón 22 Bealtaine 2019 go dtí an 21 Bealtaine 2024.