Ceapacháin chuig an gComhairle um Ghairmithe Sláinte agus Cúraim Shóisialaigh
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Tar éis iad a bheith ainmnithe, tá na baill a leanas ceaptha ag an Aire Sláinte, Stephan Donnelly T.D., ar an gComhairle um Ghairmithe Sláinte agus Cúraim Shóisialaigh
Paul Hersee
Is Radharceolaí Fodháilte cláraithe é Paul leis an mBord Clárúcháin Súil-Liachta agus is comhpháirtí é leis na Radharceolaithe Specsavers bunaithe i mBaile an Inbhir Mhóir. Cháiligh Paul mar Racharceolaí Fodháilte sa bhliain 1989 agus tá tríocha trí bliana taithí aige sa tionscal radharceolaíochta. I ndiaidh dó cáiliú, chuaigh sé i mbun staidéir leis an gCumann Racharceolaithe Dáiliúcháin Briotanach mar scrúdaitheoir praiticiúil san fhodháileadh radharceolaíochta.
Téann Paul ar cuairteanna cleachtaidh ina ndéanann sé dul chun cinn mac léinn, atá i mbun staidéir mar radharceolaithe fodháilte a mheasúnú, agus cé chomh oiriúnach is atá an cleachtadh chun an oiliúint sin a sholáthar. Tá comhairle tugtha aige maidir leis na modúil fhodháilte don chúrsa fodháilte a chuireann Ollscoil Teicneolaíochta Bhaile Átha Cliath ar fáil. Tá treoir ghairmiúil tugtha aige faoi na Caighdeáin Eorpacha a bhaineann leis an ngairm súl tríd a chuid oibre le hÚdarás um Chaighdeáin Náisiúnta na hÉireann.
Faoi láthair tá baint ag Paul le foirne tacaíochta laistigh de Specsavers in Éirinn agus sa Ríocht Aontaithe a oiliúint tríd na módúlachtaí Cert 4 agus ABDO. Is iar-uachtarán é de Chumann Radharceolaithe Fodháilte na hÉireann (Irish Association of Dispensing Opticians, IADO,) Bhí sé ina bhall de chomhairle IADO agus ina Chisteoir agus ina Rúnaí don Chumann. Tá Baitsiléir Eolaíochta i Riarachán Gnó ag Paul freisin ó Ollscoil Brunel.
Bronnadh Comhaltacht den Acadamh Eorpach Optaiméadrachta agus Súl ar Paul sa bhliain 2022. Déanann sé ionadaíocht do IADO ag cruinnithe den Chomhairle Eorpach Optaiméadrachta agus Súl.
Tá Paul á ainmniú ag an mBord Clárúcháin Súil-Liachta agus mairfidh an ceapachán ó 6 Márta 2023 go dtí 10 Feabhra 2025.
Noelle Reilly
Is gairmí cúraim shóisialta spreagtha í Noelle Reilly a bhfuil mar aidhm aici cinnte a dhéanamh de go neadaítear na caighdeáin is airde san earnáil chúraim shóisialta. Tá sí tiomanta do rialú agus clárú reachtúil a chur i bhfeidhm go diongbháilte. Is í Noelle an comhordaitheoir cleachtaidh cúraim shóisialta in Ollscoil Teicneolaíochta an Oirdheiscirt ar an gCampas i gCeatharlach agus is baill gníomhach í de Cúram Sóisialta Éireann.
Sa ról a bhí aici roimhe seo mar Oifigeach um Chomhlíonadh agus Oiliúna i seirbhís chónaithe phríomhshrutha, fuair Noelle tuiscint ar cé chomh tábhachtach is atá an rialachán, an fhorbairt straitéise, an bainistiú riosca agus an bainistiú athruithe chun tacú leis an gcleachtadh agus chun úsáideoirí seirbhíse agus foirne cúraim araon a chosaint. Tugann Noelle an tuiscint seo mar aon lena léargas agus a taithí phraiticiúil do Bhord Clárúcháin na nOibrithe Cúraim Shóisialaigh
Tá Noelle á hainmniú ag Bord Clárúcháin na nOibrithe Cúraim Shóisialaigh agus leanfaidh an ceapachán ó 27 Márta 2023 go dtí 30 Meitheamh 2025
Tá an tAire Sláinte Stephen Donnelly TD, le toiliú an Aire Fiontar, Trádála agus Fostaíochta, tar éis na comhaltaí seo a leanas a athcheapadh ar an gComhairle um Ghairmithe Sláinte agus Cúraim Shóisialaigh le héifeacht ón 21 Márta go dtí an 20 Márta 2027.
Dr Geraldine O’Hare
Is Síceolaí Fóiréinseach Cairte agus Cláraithe agus Eolaí Cairte í an Dr Geraldine O’Hare. D’oibrigh Geraldine mar Cheann na Seirbhísí Síceolaíochta agus mar Stiúrthóir Athshlánaithe le Bord Promhaidh Thuaisceart Éireann ar feadh 27 bliain, agus tá roinnt post aici faoi láthair lena n-áirítear comhlachtaí rialála gairmiúla in Éirinn agus sa RA.
Dr Martina Ní Chúlain
Tá an Dr Martina Ní Chúlain ina Stiúrthóir ar Fhorbairt Straitéiseach agus Feabhsú Próisis i gColáiste an Leighis, an Altranais agus na nEolaíochtaí Sláinte, Ollscoil na Gaillimhe. Comhéadanaíonn an ról ceannaireachta sinsearach seo ar leibhéal straitéiseach ag nasc na hearnála oideachais, na hearnála cúram sláinte, gníomhaireachtaí rialtais, carthanachtaí agus tionscal. Tá Martina freagrach as pleanáil straitéiseach gnó agus as maoirseacht agus ceannaireacht a dhéanamh ar phunann casta de luach €70 milliún de ghníomhaíochtaí creidiúnaithe oideachais cliniciúla agus taighde, lena n-áirítear trialacha cliniciúla rialaithe agus neamhrialaithe agus bainistíocht ar chláir oideachais cúram sláinte creidiúnaithe agus rialaithe (Leigheas, Altranas agus Cnáimhseachas, SLT, TS, Leigheas Péidiatrach agus Cúram Sóisialta). Bhain Martina céim B.Sc (Onóracha) sa Bhith-theicneolaíocht agus PhD i Micribhitheolaíocht Leighis amach ó Ollscoil na Gaillimhe. Thosaigh sí le hOllscoil na Gaillimhe i 2009 tar éis di a bheith ag obair roimhe seo sna hearnálacha feistí leighis agus cógaisíochta agus ó 2015 i leith tá ról an Stiúrthóra um Fhorbairt Straitéiseach agus Feabhsú Próisis aici ag Coláiste an Leighis, an Altranais agus na nEolaíochtaí Sláinte. Bhí ról ag Martina roimhe seo mar Cheann Iontrála agus mar Oifigeach le freagracht as Pleanáil Acadúil agus Acmhainní laistigh den Ollscoil, agus tá taithí fhairsing aici ar cheannaireacht ardoideachais, rialachas, airgeadas, píosaí móra taighde, bainistíocht athruithe agus forbairt polasaithe, seirbhísí agus cláir a thacaíonn le misean na hOllscoile agus misean Ghrúpa Cúraim Sláinte Ollscoil Saolta.
Tar éis feachtais ón tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí, cheap an tAire Sláinte Stephen Donnelly TD, Emma Benton Uasal ar an gComhairle um Ghairmithe Sláinte agus Cúraim Shóisialaigh le héifeacht ón 21 Márta 2023 go dtí an 20 Márta 2027.
Emma Benton
Tá Emma Benton ina Bainisteoir Ginearálta faoi láthair in Oifig an Chomhairleora Cliniciúil Náisiúnta agus ina Ceannaire Grúpa d'Oibríochtaí Géarmhíochaine laistigh de FSS. Is céimí de chuid Choláiste na Tríonóide í agus tá BSc aici i dTeiripe Shaothair, chomh maith le Máistreacht i Riarachán Gnó ó Ollscoil Uladh agus Dioplóma Iarchéime i gCeannaireacht agus Feabhsú Cáilíochta ó Choláiste Ríoga Lianna na hÉireann. Tá taithí os cionn 30 bliain ag Emma ar leibhéal cliniciúil agus bainistíochta araon, tar éis di a bheith i mbun oibre ag grád bunúsach, sinsearach agus bainisteora laistigh de Theiripe Shaothair agus mar Chomhairleoir Gairmeacha Teiripe a thacaíonn leis na Cláir Chliniciúla Náisiúnta. D'oibrigh sí ar fud suíomhanna éagsúla lena n-áirítear ospidéal géarmhíochaine, cúram lae, cúram pobail agus míchumas intleachtúil agus ar leibhéal réigiúnach agus náisiúnta i FSS. Ina theannta sin, bhí baint aici le líon suntasach tionscadal athraithe agus grúpaí oibre ina gairm mar bhunú an Bhunachair Sonraí um Míchumas Fisiciúil, forbairt caighdeán do Shuíomhanna Cónaithe do Dhaoine Aosta, Clár Athraithe an Oirthuaiscirt, an Painéal Saineolaithe ar Incháilitheacht Leighis do Chártaí Leighis, an Grúpa Comhairleach Cliniciúil do Chártaí Leighis agus bhí sí ina ball d'Athbhreithniú Chomhairle na nDochtúirí Leighis ar Mheasúnú Feidhmíochta.
Tá na daoine seo a leanas ceaptha ag an Aire Sláinte Stephen Donnelly TD mar bhaill ar an gComhairle um Ghairmithe Sláinte agus Cúraim Shóisialaigh.
Patricia Jordan
Tá Ms. Jordan ag obair mar shíciteiripeoir le 12 bhliain anuas. Cháiligh sí le máistreacht i gComhairleoireacht agus Síciteiripe ón Institiúid Náisiúnta um Chomhairleoireacht agus Síciteiripe (NCPII) in 2010 agus tá cáilíochtaí iarchéime aici freisin i dTeiripe Chognaíochta agus Iompraíochta agus Maoirseacht Chliniciúil. Sular oibrigh sí mar shíciteiripeoir, d'oibrigh Ms Jordan mar bhall sinsearach den fhoireann náisiúnta comhordaithe i POBAL, a raibh sé de chúram uirthi cláir rialtais agus cláir AE a bhain le cuimsiú sóisialta a fhorbairt agus a chur i bhfeidhm. Sa cháil sin, d'fhóin Ms. Jordan ar chúig bhord réigiúnacha déag a bhunaigh an Rialtas, lena n-áirítear PAUL Partnership Limerick, Tralee Area Partnership agus West Limerick Resources. Tá cáilíocht mhúinteoireachta ag Ms. Jordan freisin agus d'oibrigh sí in obair forbartha oideachais thar lear. Tá a cleachtas príobháideach féin aici faoi láthair agus tá taithí aici dá bhrí sin ar a bheith ag obair mar shíciteiripeoir laistigh de raon pobal imeallaithe, le teaghlaigh a bhfuil tionchar ag úsáid substaintí orthu agus le tearmainn baile. Ceapadh Ms. Jordan Uasal ar Bhord Comhairleoireachta agus Síciteiripe CORU in 2019 agus ceapadh ina dhiaidh sin í ar Chomhairle CORU in 2020.
Tá Patricia Jordan ainmnithe ag Bord Clárúcháin na gComhairleoirí agus na Síciteiripeoirí agus mairfidh an ceapachán ón 25 Feabhra 2023 go dtí an 24 Feabhra 2027.
An Dr Mary Tumelty
Is léachtóir í Mary Tumelty i Scoil an Dlí, COC. Tá LLB agus PhD (Ollscoil Luimnigh) aici agus i measc a cuid spéiseanna taighde tá dlí leighis, sábháilteacht othar agus réiteach malartach díospóide. Tá cuntas teiste láidir ag Mary i dtaighde idirdhisciplíneach agus eimpíreach, lena n-áirítear foilsiú, cistiú a mhealladh, agus teagmháil a dhéanamh le páirtithe leasmhara. Tá a cuid oibre cistithe ag an gComhairle um Thaighde in Éirinn agus ag an bhFóram Náisiúnta um Fheabhsú Múinteoireachta agus Foghlama san Ardoideachas. Chomhoibrigh sí freisin ar thionscadail arna gcistiú ag an gComhairle Taighde Eacnamaíochta agus Sóisialta, agus COST (An Comhar Eorpach san Eolaíocht agus sa Teicneolaíocht). In 2019, cheap an tAire Sláinte an Dr Tumelty chuig an gComhairle um Ghairmithe Sláinte agus Cúraim Shóisialaigh (CORU). Tá sí ina ball den Choiste um Dhearbhú Toilithe Taighde Sláinte (HRCDC) (arna cheapadh ag an Aire Sláinte i mí Eanáir 2021).
Baineann an t-athcheapachán seo leis an tréimhse ón 21 Márta 2023 go dtí an 20 Márta 2027.
An Dr Marcella Finnerty
Tá Dochtúireacht i Síciteiripe ag Marcella Finnerty ó Institiúid Metanoia, Londain. Dhírigh a taighde ar chomhtháthú agus iolrachas laistigh de chleachtas na síciteiripe. Is teiripeoir agus maoirseoir cleachtaigh í Marcella. Tá sí ina ball de roinnt comhlachtaí gairmiúla lena n-áirítear Cumann Comhairleoireachta agus Síciteiripe na hÉireann (IACP); Cumann Síciteiripe Daonnúil agus Comhtháite na hÉireann (IAHIP); Comhairle na hÉireann um Shíciteiripe (ICP); Cumann Síciteiripe na hEorpa (EAP) agus Cumann Síceolaíochta Mheiriceá (APA). Tá Marcella ag cleachtadh, ag múineadh, ag déanamh taighde, ag foilsiú agus ag cur i láthair go forleathan, go náisiúnta agus go hidirnáisiúnta araon, agus i gcomhar le go leor ceannairí i réimse na síciteiripe. Mar Uachtarán ar Choláiste IICP tá taithí fhairsing aici ar rialachas, comhlíonadh, beartas agus gnóthaí rialála. Ina theannta sin, tá Marcella ar Bhord an Chumainn an Ardoideachais agus na gColáistí (HECA) agus ar Bhord Seirbhísí Comhairliúcháin an tSráidbhaile (VCS). Cuimsíonn gairm Marcella ceannaireacht ghairmiúil, chliniciúil, acadúil, teagaisc agus taighde. Éascaíonn sé seo a cumas tarraingt ar raon leathan eolais, scileanna agus saineolais le fócas ar chleachtadh laistigh den ghairm.
Tá an Dr. Marcella Finnerty ainmnithe ag Bord Clárúcháin na gComhairleoirí agus na Síciteiripeoirí agus mairfidh an ceapachán ón 25 Feabhra 2023 go dtí an 24 Feabhra 2025.
Deirdre Saul
Is Cuntasóir Cairte cáilithe í Deirdre agus is Comhairleoir Cánach cláraithe le breis is fiche bliain taithí san earnáil phríobháideach agus phoiblí araon. Roimhe seo, bhí sí ina ball den Chomhairle ar feadh deich mbliana ar Chumann Cógaiseoirí na hÉireann. Faoi láthair tá sí ina Stiúrthóir Airgeadais ag Seirbhísí Ospís agus Cúraim Mhuire, áit a mbíonn sí ag plé go laethúil le réimse leathan gairmithe cúraim sláinte agus í ag déileáil go príomha le cúrsaí airgeadais na heagraíochta. Is eagraíocht í seirbhísí Ospís agus Cúraim Mhuire atá 90% cistithe ag FSS. Mar Stiúrthóir Airgeadais, suíonn sí ar an bhFoireann Bainistíochta Sinsearaí agus freastalaíonn sí ar chruinnithe riachtanacha an Bhoird agus na bhfochoistí. Tá Deirdre díograiseach faoi obair sheirbhísí Ospís agus Cúraim Mhuire don fhoireann, d'othair agus do theaghlaigh. Sular ceapadh í chuig seirbhísí Ospís agus Cúraim Mhuire, bhí sí ina Stiúrthóir Airgeadais agus ina POF Eatramhach ag Down Syndrome Ireland le linn tréimhse dheacair don eagraíocht le linn na paindéime COVID. Lena chois sin bhí róil airgeadais éagsúla aici san earnáil phríobháideach d'ilnáisiúntaigh na Stát Aontaithe san earnáil TF.
Ceapadh Deirdre Saul Uasal tar éis feachtais de chuid na Seirbhíse um Cheapacháin Phoiblí, agus mairfidh an ceapachán ón 21 Márta 2023 go dtí an 20 Márta 2027.