Ceapachán chuig Bord na Comhairle Náisiúnta Haemaifilia
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Tar éis ainmniúcháin ó Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte, tá an tAire Sláinte Stephen Donnelly T.D., tar éis Patricia Byrne a cheapadh chuig Bord na Comhairle Náisiúnta Haemaifilia le héifeacht ón 20ú Nollaig 2022 go dtí an 19ú Nollaig 2025.
Is Príomhshíceolaí Cliniciúil agus Síciteiripeoir í Patricia in Ospidéal San Séamas, Baile Átha Cliath. Is Síceolaí Cliniciúil agus Néarshíceolaí cláraithe í le Cumann Síceolaíochta na hÉireann.
Is céimí í de chuid Choláiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath, agus Institiúid na Síciatrachta, Coláiste na hOllscoile, Londain. Tá breis agus 30 bliain de thaithí aici, ag soláthar seribhísí Síceolaíochta Cliniciúla i gcóras cúram sláinte na hÉireann. Ina post reatha tá sainchúram uirthi cúram síceolaíochta fianaise-bhunaithe a sholáthar d’othair a bhfuil Haemaifilia orthu.