Athcheapacháin do Chumann Haemaifilia na hÉireann - 11 Lúnasa 2021
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Dr Cleona Duggan MB, MRCP (Edin) FFPath FRCPath
Rugadh an Dr. Cleona Dugann sna Stáit Aontaithe agus tógadh i mBaile Átha Cliath í. Bhog a teaghlach go Corcaigh, an áit ina fuair sí a cuid scolaíocht. D’fhreastal sí ar Choláiste na hOllscoile, Corcaigh, agus rinne sí staidéar ar leigheas. Nuair a bhí an céim bainte amach aici, rinne sí a saintraenáíl bunúsach i mBaile Átha Cliath agus i Londain. D’fhill sí ar Bhaile Átha Cliatha chun saintraenáil níos airde a dhéanamh i Haemaiteolaíocht (Cliniciúil agus Saotharlann) agus bronnadh ballraíocht den Choláiste Ríoga na bPaiteolaithe i 1997, agus Comhaltacht i 2005. Bronnadh Comhaltacht de dhámh paiteolaíochta di, i gColáiste Ríoga na bPaiteolaithe i 2000. Oibríonn sí mar Haemaiteolaí Comhairleach le spéis áirithe i Haemastáis agus Trombóis ag Ospidéal Ollscoil Chorcaí agus Colásite na hOllscoile, Corcaigh leis an bhfreagracht as chúram do dhaoine le hAimhréire Fuilteacha Oidhreachtúla ag an Ionad Cúraim Cuimsitheach i gCorcaigh. Tá an post sin aici ó 2010. Tá a athcheapadh ó 4u Meán Fómhair 2021 go 3ú Meán Fómhair 2024.
Dr Niamh O’Connell MB, Ph.D., F.R.C.P.I., F.R.C.Path
Is í an Stiúrthóir Haemaifilia Náisiúnta ag an Ionad Náisiúnta Téachta, Ospidéal San Séamas i mBaile Átha Cliath í an Dr. Niamh Oconnell. D’fhill sí ar Éirinn i 2004 tar éis sainoiliúna i haemastáis agus trombóis san Ríocht Aontaithe, chuaigh an Dr O’Connell isteach san INT mar Haemaiteolaí Comhairleach in 2010 agus ghlac sí leis an ról mar Stiúrthóir an INT i 2018.
Is é an INT an príomhionad cúraim chuimsitheach do dhaoine fásta in Éirinn. Is mol é do sheirbhísí cliniciúla, taighde, oiliúint agus oideachas i neamhoird haemostasis ar bhonn náisiúnta.
Tá an INT, atá ag obair i gcomhpháirtíocht leis an dá Ionad Cúraim Chuimsitheacha eile in Éirinn agus leis an gCumann Haemaifilia na hÉireann, tiomanta do chúram sláinte sábháilte ar ardchaighdeán a sholáthar agus maireachtáil shláintiúil a chur chun cinn do dhaoine agus dá dteaghlaigh atá síos le Haemophilia agus neamhoird téachta eile.
I measc spéiseanna taighde an Dr O’Connell tá trialacha cliniciúla i dteiripí núíosacha do Haemophilia, torthaí cliniciúla i Haemophilia agus réitigh teicneolaíochta faisnéise a chur i bhfeidhm i mbainistíocht Haemophilia. Is ó 11 Iúil 2021 go dtí an 10 Iúil 2024 atá a athcheapachán.