Ceapacháin ar Bhord Clárúcháin na nEolaithe Míochaine:
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Tá an tAire Sláinte, Stephen Donnelly, T.D, tar éis na daoine seo a leanas a cheapadh ina bhall de Bhord Clárúcháin na nEolaithe Míochaine le héifeacht ón 31 Eanáir 2023 go dtí an 30 Eanáir 2027:
Eolaí míochaine is ea Anne a bhfuil breis agus taithí 24 bliana aici ar shaotharlanna diagnóiseacha, agus 21 bhliain acu siúd caite ag grád Sinsearach nó ag grád an Cheannasaí aici. Tar éis BSc/Dioplóma le hEolaíocht Bhithleighis a bhaint amach in Institiúid Teicneolaíochta Bhaile Átha Cliath, Sráid Chaoimhín, sa bhliain 1995, rinne Anne MSc le taighde sa Roinn Imdhíoneolaíochta, Ospidéal San Séamas. D’oibrigh sí mar Eolaí Míochaine Grád Bunúsach agus mar Eolaí Míochaine Sinsearach in Ospidéal San Séamas ó 1998 go 2011. Ina dhiaidh sin, d’aistrigh sí go dtí an Roinn Imdhíoneolaícohta, Ospidéal Beaumont agus bhí ina Príomheolaí Míochaine in 2011 mar a bhfuil freagracht fhoriomlán aici as an roinn. Is ball gníomhach de ghairm na heolaíochta míochaine í Ann agus páirt glactha aici san iomad ról in Acadamh na hEolaíochta Cliniciúla agus an Leighis Saotharlainne (ACSLM), an comhlacht gairmiúil le haghaidh eolaithe míochaine. Ina ball Comhairle le ceithre bliana di, bhí sí ina comhchathaoirleach agus ina ball de Choiste Eagraithe ACSLM. Bhí sí ina bhall de Coiste Ballraíochta ACSLM le cúig bliana agus bhí sí ina cathaoirleach air le trí cinn de na blianta sin. Bhíodh sí ina ball de Chomhlacht Comhairleach na hImdhíoneolaíochta agus tá sí ina ball den Chomhlacht Comhairleach Bainistíochta, Cáilíochta, TF agus Sábháilteachta faoi láthair. Oileadh Anne ina measúnóir le haghaidh Bord Clárúchán na nEolaithe Míochaine de chuid CORU. Tá seal caite aici freisin mar ionadaí cleachtóra na n-eolaithe míochaine i measc na foirne athbhreithnithe le haghaidh cúrsaí eolaíochta míochaine do CORU.
Chuir Martina tús lena gairmréim tar éis di a bheith i measc an chéad ranga a bhain Dioplóma le hEolaíocht Bhithleighis amach ó Institiúid Teicneolaíochta Bhaile Átha Cliath, Sráid Chaoimhín agus BSc le hEolaíocht Fheidhmeach ó Choláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath sa bhliain 1992. Chaith Martina dhá bhliain mar dhochtúir ionaid san iomad Ranna Paiteolaíochta de chuid Ospidéal Bhaile Átha Cliath sular thriall sí go Sasana le hoiliúint i scagthástáil na Cíteolaíochta Ceirbheacsaí a fháil. Ar fhilleadh go hÉirinn di le haghaidh poist sa scagthástáil cheirbheacsach i Roinn Cíteolaíochta Ospidéal Ollscoile an Choim do Mhná agus do Naíonáin, chuaigh Martina isteach i seirbhís ildisciplíneach ar glao-dhualgas de chuid an Ospidéil. Tar éis don teicneolaíocht aonchiseal le haghaidh na cíteolaíochta a bheith á tabhairt isteach sa Chom, rinne Martina MSc le taighde agus bhí sí ina haoiléachtóir le Cíteolaíocht in Institiúid Teicneolaíochta Bhaile Átha Cliath, Sráid Chaoimhín le haghaidh an chúrsa mar atá Eolaí Míochaine Saotharlainne, agus ina ball de Ghrúpa Comhairleach na Paiteolaíochta Ceallaí de chuid Acadamh na hEolaíochta Cliniciúla agus an Leighis Saotharlainne (ACSLM). Tar éis ceithre bliana i mbun scagthástáil bhí ról ceannasaíochta
Histeolaíochta aici mar Eolaí Míochaine Sinsearach. Ó ceapadh sa phost an Bhainisteora Saotharlainne sa Chom sa bhliain 2006 í, tá Martina tar éis foireann dhinimiciúil a stiúradh, agus ISO 15189 bainte amach aici i ngach roinn agus i seirbhís POCT, breisoideachais agus breis taighde a spreagadh, agus MA le Bainstíocht Cúraim Sláinte a chur i gcrích ó IPA (NUI). Is ball ríthábhachtach den fhoireann ospidéil a bhfuil Saotharlann Náisiúnta na Scagthástála Ceirbheacsaí ar Champas an Choim á bunú acu agus gabhfaidh an t-eolas agus an taithí sin chun tairbhe bord CORU agus feidhm bhainistíochta aici.
Tá Mary ag obair in oiliúint na n-eolaithe míochaine ó bhí 1997 ann. Bhain sí BSc (Onóracha) le hEolaíocht Bhithleighis ó Ollscoil Ulaidh, Cúl Raithin sa bhliain 1990 agus d’oibrigh sí mar eolaí míochaine le hOspidéal na hOllscoile, Gaillimh. I gcaitheamh an achair sin, d’oibrigh sí ina hoideachasóir cleachtóra ar an gclár BSc le hEolaíocht Mhíochaine de chuid Ollscoil Teicneolaíochta an Atlantaigh (nó Insitiúid Teicneolaíochta na Gaillimhe-Maigh Eo mar a bhí uirthi an tráth sin). Chuaigh Mary leis an léachtóireacht lánaimseartha sa bhliain 2006 agus soláthraíonn sé modúil ar na cláir mar atá an BSc (Onóracha) le hEolaíocht Mhíochaine, an MSc le hEolaíocht Mhíochaine agus an tArd-Dioplóma le hEolaíocht Mhíochaine in Ollscoil Teicneolaíochta an Atlantaigh. Chaith Mary seal freisin i dtionscal na diagnóisice cliniciúla in Éirinn agus i Stáit Aontaithe Mheiriceá. Tá MSc ón gColáiste Ollscoile, Gaillimh agus le deireanas tá sí tar éis PhD i réimse an mheasúnaithe in oideachas na heolaíochta míochaine a chur i gcrích. Chríochnaigh sí a lán modúl CPD sa Teagasc agus san Fhoghlaim le tacú lena ról reatha. Mar bhall den fhoireann Teagaisc agus Foghlama in Ollscoil Teicneolaíochta an Atlantaigh, tá Mary tar éis tacaíocht a thabhairt don iomad comhghleacaí ina gcuid taighde oideachasúil. Tugadh cuireadh do Mary bheith ina ball de sainghrúpa comhoibrithe leis an bhFóram Náisiúnta um Theagasc agus um Fhoghlaim a Fheabhsú, agus rinne sí cion dá bhfoilsiúchán mar atá ‘Assessment OF/FOR/AS Learning’. Bhíodh sí ina ball de choiste Acadamh na hEolaíochta Cliniciúla agus an Leighis Saotharlainne (ACSLM). I gcaitheamh a gairmréime, tá léirithe ag Mary tiomantas láidir do thacú le scoláirí barr a gcumais a bhaint amach agus tá sí rí-aireach ar thábhacht na forbartha gairmiúla dóibh siúd a bhfuil baint acu le hoideachas scoláirí.