Ceapacháin chuig Comhairle na nGairmithe Sláinte agus Cúraim Shóisialaigh (CORU)
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Alan Hughes
Faoi láthair ritheann Alan a ghnó sainchomhairleoireachta féin, LTI Healthcare, agus cuireann sé saineolas ar fáil i dtimpeallachtaí casta cúraim sláinte chun feabhas a chur ar thorthaí othar. Sular bhunaigh sé a ghnó féin, d'oibrigh Alan mar shainchomhairleoir bainistíochta cúraim sláinte agus straitéisí beartais le KPMG ar feadh ceithre bliana déag.
Rinne Alan obair maidir le hathchóiriú géarchúraim agus cúraim pobail, cúram digiteach, athchóiriú íocaíochtaí, réitigh lucht oibre sóisialta agus beartas cúraim sláinte. Bhainistigh sé foirne tionscadail le haghaidh tionscadail cúraim sláinte ar fud Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte, NHS England, HSC Thuaisceart Éireann agus sa Mheánoirthear. Chomh maith leis sin, d'oibrigh sé ar go leor tionscadal chun cúram in ospidéil agus cúram pobail a ailíniú chun liostaí feithimh le haghaidh cúram roghnach a laghdú agus feabhas a chur ar thorthaí othar.
Tá saineolas airgeadais nach beag aige mar d'oibrigh sé mar anailísí airgeadais i Londain ar feadh na mblianta le Dresdner Kleinwort/Lehman Brothers. Mar chuid dá ról sna heagraíochtaí sin, rinne sé gnólachtaí eolaíochta beatha, gléasanna leighis agus cúraim sláinte a athbhreithniú agus a phróifíliú. Thug sé faoi luachálacha agus anailís straitéiseach agus iomaíoch ar eagraíochtaí cúraim sláinte i dtaca le tionscadail dhomhanda cumaisc agus éadálacha.
Tá MBA ag Alan ó London Business School agus BA Idirnáisiúnta (Eacnamaíocht) le Gearmáinis ó Ollscoil na hÉireann, Baile Átha Cliath.
Tá taithí shuntasach ag Alan ar a bheith ina chomhalta boird ó 2013 go dtí 2017 ar Bhord Bunaidh Ospidéal Náisiúnta na Leanaí agus faoi láthair is ball tuata den Choiste Comhairleach Náisiúnta ar Imdhíonadh é.