Athcheapacháin chuig Bord Clárúcháin na gCoslianna
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Tá na baill seo a leanas athcheaptha ag an Aire Sláinte, Stephen Donnelly TD, chuig Bord Clárúcháin na gCoslianna le héifeacht ón 16 Deireadh Fómhair 2022, go dtí an 15 Deireadh Fómhair 2026.
Chuir Angela tús lena turas Cosliachta le Dioplóma sa Chosliacht tar éis cúrsa 3 bliana i Scoil Cosliachta Thuaisceart Éireann ó 1983 go 1986, a chuimsigh +1,000 uair an chloig de chleachtadh cliniciúil teagmhálach. Cé gur dioplóma comhionann céime a bhí anseo, thosaigh sí ag staidéar arís i 1992, ag uasghrádú chuig Céim Onóracha sa Leigheas Péidiatraiceach ó New College Durham tar éis tráchtas taighde a chur isteach. Leanann sí uirthi ag cur 30+ uair d'fhorbairt ghairmiúil leanúnach i gcrích in aghaidh na bliana, tá modúil iarchéime déanta aici i Réamaiteolaíocht (Ollscoil Uladh), Deirmeolaíocht Cosliachta (Ollscoil Southampton), Ailléirge (Ollscoil Greenwich) agus Litearthacht Sláinte (OÉ Gaillimh). In 2010 bhain sí Céim Mháistreachta i gCur Chun Cinn na Sláinte amach ó OÉ Gaillimh, agus ina dhiaidh sin bhí sí ina comhordaitheoir ar dhá mhodúl sa chúrsa BSc sa Leigheas Cosliachta in OÉ Gaillimh. Tá Angela ina ball gníomhach de Cumann Coslianna na hÉirean (SCPI) ó 1988 agus ina Comhalta Boird le cúig bliana. Tá a cleachtadh príobháideach féin aici i gCathair na Gaillimhe a bhfuil sí ag obair ann le tríocha bliain anuas. Tá sí paiseanta faoi ghairm na Cosliachta agus ba mhaith léi rialáil chun an pobal a chosaint a fheiceáil agus deiseanna méadaithe do chomhghleacaithe sóisearacha a thagann isteach sa ghairm.
Tá David Watterson ina bhainisteoir cosliachta cliniciúil i FSS i Limistéar CHO 2, agus tá sé ag obair don tSeirbhís Sláinte Poiblí ó 2002. Chomh maith le bheith freagrach as rialachas sonrach gairmiúil do chliniceoirí i gcúram príomhúil agus i seirbhísí ospidéil, tá David freagrach as bainistíocht agus rialachas do Chlinic Cosliachta Pháirc Mhuirlinne. Soláthraíonn an clinic atá bunaithe i nGaillimh formhór an oideachais chliniciúil do na mic léinn ón gclár um Leigheas Cosliachta in OÉ Gaillimh. In éineacht lena ról i FSS, is léachtóir sinsearach oinigh é David leis an gclár um Leigheas Cosliachta agus múineann sé gnéithe acadúla agus cliniciúla den chlár. Ceadaíonn a ról dó páirt a ghlacadh i dtaighde freisin, nuair a bhíonn am aige.
Tá an tUas. Kieran O’Leary ina Phríomhoifigeach Feidhmiúcháin ar Dhiaibéiteas Éireann agus tá sé freagrach as bainistíocht éifeachtach na heagraíochta ó 1998 i leith. Áiríonn sé seo maoirsiú ar dhá Ionad Cúraim, a bhfuil soláthar seirbhíse coiscthe cúram coise neamhbhrabúis le táille do chliaint mar chuid lárnach díobh. Oibríonn sé go dlúth le FSS freisin chun coslianna a oibríonn sa phobal a sholáthraíonn seirbhís ardriosca cúram coise do chliaint a sholáthar. Tá sé ina Stiúrthóir ar Diabetes Ireland Research Alliance faoi láthair. D'oibrigh sé roimhe seo i Roinn Sláinte na RA agus i bhFeidhmeannacht an NHS.
Chríochnaigh Catherine téarma dhá mhí dhéag le déanaí mar Stiúrthóir Feidhmiúcháin Gníomhach (Deireadh Fómhair 17-Meán Fómhair 18) ar Dhámh an Altranais & an Chnáimhseachais, Coláiste Ríoga na Máinlia in Éirinn (RCSI). Ag tógáil ar a taithí reatha agus a ceannaireacht feidhmiúcháin, fuair sí scileanna breise i bpleanáil straitéiseach, rialachas corparáideach, cathaoirleacht agus líonrú le linn na tréimhse seo. Is é an ról reatha atá ag Catherine ná Bainisteoir Oibríochtaí agus Oideachais ag an Dámh. Sa ról seo, oibríonn sí i gcomhar leis an Stiúrthóir Feidhmiúcháin agus le Bord na Dáimhe chun a chinntiú go gcuireann gníomhaíochtaí oideachais agus taighde ,ó lá go lá, lena n-áirítear an Chomhdháil Idirnáisiúnta Bhliantúil, le plean straitéiseach na Dáimhe a sheachadadh. Thosaigh Catherine ag obair leis an RCSI in Eanáir 2006 mar Léachtóir Sinsearach. Roimhe seo, bhí post aici mar Bhainisteoir Altranais Chliniciúil 11 san ICU/HDU, Ospidéal Mhuire, an Uaimh, Co. na Mí (2004 -2005) agus altra foirne i dtrasphlandú duánach, ortaipéidic agus dianchúram in Ospidéal Beaumont, Baile Átha Cliath (1996-2003). Tá Ard-Dioplóma (Altranas Dianchúraim), BSs (Altranas), MSc (Altranas), Dioplóma Iarchéime (Oideachas sna hEolaíochtaí Sláinte Cliniciúla) agus Comhaltacht Dhámh an Altranais & an Chnáimhseachais, RCSI (FFNMRCSI) aici. Tá Catherine cláraithe mar Theagascóir Altranais freisin.
Tá taithí fhairsing ag an Dr Aonghus O’Loughlin ar chúram sláinte a sholáthar in Éirinn. Oibríonn sé i soláthar cúraim chliniciúil, i bhforbairt seirbhíse, in oideachas agus i dtaighde. Tá taithí shuntasach aige ar a bheith ag obair mar chuid d’fhoireann ildisciplíneach le coslianna freisin. Chuir sé tús lena ghairm i mBostún sna Stáit Aontaithe sa bhliain 1997. D’oibrigh sé ina dhiaidh sin in Ospidéal Choláiste na hOllscoile, Gaillimh (GUH) agus i roinnt ospidéal eile in Éirinn inar shealbhaigh sé poist shinsearacha. San am i láthair, tá sé ina Lia Comhairleach in Inchríneolaíocht, Diabetes Mellitus agus Leigheas Inmheánach Ginearálta in Ospidéal Ollscoile na Gaillimhe. Bhí dlúthbhaint ag Aonghus le seirbhís éifeachtach cúram diaibéiteas agus inchríneolaíochta a bhunú agus reáchtáil sé clinic inchríneolaíochta as an ionad lae diaibéitis in GUH. Ina theannta sin, chuir sé seirbhís chomhairleach sheachtainiúil ar fáil sa chlinic coise casta in Ospidéal Ollscoile na Gaillimhe. Is léachtóir sinsearach oinigh é le hOllscoil na hÉireann, Gaillimh (OÉG). Bronnadh cuid mhór scoláireachtaí agus gradaim acadúla ar an Dr O’Loughlin agus d’fhoilsigh sé a lán saothar in irisleabhair ghairmiúla. Thug sé a lán láithreoireachtaí ó bhéal agus láithreoireachtaí póstaeir freisin. I measc na gcáilíochtaí gairmiúla atá aige tá an chéim PhD i Leigheas a bhronn OÉ Gaillimh air in 2012.