Cruthaímis i dteannta a Chéile ár dTodhchaí
Ó An Roinn Breisoideachais agus Ardoideachais, Taighde, Nuálaíochta agus Eolaíochta
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Breisoideachais agus Ardoideachais, Taighde, Nuálaíochta agus Eolaíochta
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Is comhphlé leatsa atá i gceist ‘Cruthaímis le Chéile ár dTodhchaíí’, leatsa agus le muintir na hÉireann go léir, chun do chuid smaointe a bhailiú faoi na deacrachtaí ar mhaith leat go ndéanfaí taighde agus nuálaíocht d’fhonn aghaidh a thabhairt orthu, chun todhchaí níos fearr a chruthú do chách.
Cé go mb’fhéidir nach smaoinímid air i gcónaí, bíonn tionchar ag an taighde agus an nuálaíocht ar bheagnach gach cuid dár saol. Bíonn tionchar aige ar shláinte agus ar fholláine, ar an gcomhshaol agus ar an athrú aeráide, ar chúrsaí oideachais, fostaíochta, ar ár gcaighdeán maireachtála, agus feabhsaíonn sé rannpháirtíocht ghrúpaí agus daoine faoi mhíbhuntáiste sa tsochaí.
Mar shampla, leis an taighde ar an am a chuaigh thart tugtar tuiscint agus peirspictíocht dúinn maidir le conas ár saol a threorú sa todhchaí. Léirigh an phaindéim COVID-19 tábhacht agus luach an taighde agus na nuálaíochta inár saol — ó thaobh leighis de, ar bhonn sóisialta, polaitiúil agus eacnamaíoch.
Is le smaointe agus inspioráid a thugtar pointe tosaigh gach taighde, agus is féidir leat do chuid smaointe a roinnt anois maidir le tionscadail taighde agus nuálaíochta ar mhaith leat a fheiceáil ag tarlú in Éirinn.
Nuair a chuireann tú do chuid tuairimí in iúl, baileoidh painéal saineolaithe do chuid smaointe chomh maith le smaointe gach duine eile agus déanfar iad a bhreithniú. Ansin cruthóidh an painéal tuarascáil bunaithe ar na moltaí agus na hábhair nó an spéis a spreagadh mar thoradh ar an gcomhrá náisiúnta seo.
Trí rannchuidiú leis an deis uathúil seo, cinnteofar go mbeidh riachtanais mhuintir na hÉireann mar chuid riachtanach de threo an taighde in Éirinn. Féadfaidh tú tionchar a imirt ar obair taighdeoirí agus nuálaithe, d’fhonn freagairt do riachtanais na sochaí.
Breithneoidh taighdeoirí smaointe agus topaicí an phobail ina gcuid taighde reatha. D’fhéadfadh go mbeadh maoiniú breise rialtais ann freisin chun déileáil le dúshláin a d’aithin an pobal.
Beidh tionchar ag an tuarascáil freisin ar bheartas na hÉireann maidir le taighde agus nuálaíocht.
Ó mhí Iúil go mí na Samhna, beidh imeachtaí ar siúl ar fud na tíre. Tabhair cuairt ar an suíomh gréasáin ‘Cruthaímis i dteannta a Chéile ár dTodhchaí’ agus faigh amach faoi na cinn atá ag tarlú gar duit nó ar líne. Beidh an suíomh gréasáin beo ó mhí Iúil.
Má tá baint agat le heagraíocht nó le grúpa pobail, is féidir linn cabhrú leat do thuairimí a roinnt. Cén fáth nach ndéanann tú d’imeacht nó do ghrúpa díospóireachta féin a reáchtáil? Beidh tú in ann treoir a fháil maidir le conas é seo a dhéanamh ar an suíomh gréasáin ‘Cruthaímis i dteannta a Chéile ár dTodhchaí’.
Féadfaidh tú smaointe a chur isteach go díreach, nó a fháil amach conas d’imeacht féin a reáchtáil, tríd an suíomh gréasáin ‘Cruthaímis i dteannta a Chéile ár dTodhchaí’.
Smaoinigh ar na deiseanna nó na dúshláin i do shaol a d’fhéadfaí a fheabhsú trí theacht ar réitigh mar thoradh ar thaighde agus nuálaíocht.
Smaoinigh ar na bealaí a d’fhéadfadh taighde agus nuálaíocht a bheith chun leasa duit féin nó do do phobal. D’fhéadfadh sé sin a bheith ag baint le rud ar bith faoin spéir, lena n-áirítear mar shampla:
Sna blianta amach romhainn, beidh ar Éirinn réitigh a fháil ar na dúshláin is mó atá roimh ár sochaí. Chun cáilíocht na beatha a fheabhsú do gach duine, ní mór dúinn bealaí a aimsiú chun an méid a leanas a dhéanamh:
Is ionann fiosracht agus smaoineamh maith agus an pointe tosaigh do gach taighde agus nuálaíocht. Tá sé mar aidhm leis an tionscnamh ‘Cruthaímis i dteannta a Chéile ár dTodhchaí’ smaointe ón bpobal a bhailiú mar inspioráid do thaighde a d’fhéadfaí a dhéanamh in Éirinn.
Múineann an eispéireas a bhain dúinn de dheasca COVID-19 go gcaithfimid oibriú le chéile chun dúshláin mhóra a réiteach dár sochaí, le taighdeoirí agus leis an bpobal i gcoitinne d’fhonn cur le beartais agus cinnteoireacht an rialtais.
Spreagfar le ‘Cruthaímis i dteannta a Chéile ár dTodhchaí’ comhrá idir daoine as gach cearn agus gné de shaol na hÉireann, maidir le smaointe le haghaidh taighde agus nuálaíochta sa todhchaí.
Sa chomhrá seo déanfar plé faoin taighde atá ag tarlú cheana féin. Níos tábhachtaí fós, cuirfidh sé ceisteanna ar phobal na hÉireann maidir le cad iad na fadhbanna agus na deiseanna is dóigh leo is tábhachtaí dár gcultúr, sochaí agus geilleagar.
Baileofar agus roinnfear gach smaoineamh agus cuideoidh sé le tionchar a imirt ar threo an taighde agus na nuálaíochta in Éirinn sa todhchaí.