Ceapacháin comhaltaí ar an gComhairle um Ghairmithe Sláinte agus Cúraim Shóisialaigh, ar Bhord Clárúcháin na bhFisiteiripeoirí agus ar Bhord Clárúcháin na Síceolaithe.
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Tar éis feachtais ón tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí do phoist neamhghairmiúla ar an gComhairle um Ghairmithe Sláinte agus Cúraim Shóisialaigh (CORU) agus ar na Boird Chlárúcháin tá na comhaltaí seo a leanas ceaptha ag an Aire Sláinte, Stephen Donnelly T.D.
Is as Iarthar Chorcaí ó dhúchas é John Hennessy a bhfuil cónaí air i gCloich na Coillte agus tá céim aige i mBainistíocht Sláinte agus dioplóma i Rialachas Corparáideach. Tá os cionn 35 bliain de thaithí bainistíochta aige i gCúram Sláinte na hÉireann ag clúdach seirbhísí Leasa, Cúram Ospidéil agus Seirbhísí Príomhúil/Pobail.
Tá an ceapachán seo le héifeacht ón 5 Nollaig 2022 go dtí an 5 Bealtaine 2025.
Is Síceolaí Fóiréinseach Cairte agus Cláraithe agus Eolaí Cairte í an Dr Geraldine O’Hare. D’oibrigh Geraldine mar Cheann na Seirbhísí Síceolaíochta agus mar Stiúrthóir Athshlánaithe le Bord Promhaidh Thuaisceart Éireann ar feadh 27 bliain, agus tá roinnt post aici faoi láthair lena n-áirítear comhlachtaí rialála gairmiúla in Éirinn agus sa RA.
Tá an ceapachán seo le héifeacht ón 5 Nollaig 2022 go dtí an 20 Márta 2023. Ceaptar an Dr O’Hare le toiliú an Aire Fiontar, Trádála agus Fostaíochta.
Tá an Dr Martina Ní Chúlain ina Stiúrthóir ar Fhorbairt Straitéiseach agus Feabhsú Próisis i gColáiste an Leighis, an Altranais agus na nEolaíochtaí Sláinte, Ollscoil na Gaillimhe. Comhéadanaíonn an ról ceannaireachta sinsearach seo ar leibhéal straitéiseach ag nasc na hearnála oideachais, na hearnála cúram sláinte, gníomhaireachtaí rialtais, carthanachtaí agus tionscal. Tá Martina freagrach as pleanáil straitéiseach gnó agus as maoirseacht agus ceannaireacht a dhéanamh ar phunann casta de luach €70 milliún de ghníomhaíochtaí creidiúnaithe oideachais cliniciúla agus taighde, lena n-áirítear trialacha cliniciúla rialaithe agus neamhrialaithe agus bainistíocht ar chláir oideachais cúram sláinte creidiúnaithe agus rialaithe (Leigheas, Altranas agus Cnáimhseachas, SLT, TS, Leigheas Péidiatrach agus Cúram Sóisialta). Bhain Martina céim B.Sc (Onóracha) sa Bhith-theicneolaíocht agus PhD i Micribhitheolaíocht Leighis amach ó Ollscoil na Gaillimhe. Thosaigh sí le hOllscoil na Gaillimhe i 2009 tar éis di a bheith ag obair roimhe seo sna hearnálacha feistí leighis agus cógaisíochta agus ó 2015 i leith tá ról an Stiúrthóra um Fhorbairt Straitéiseach agus Feabhsú Próisis aici ag Coláiste an Leighis, an Altranais agus na nEolaíochtaí Sláinte. Bhí ról ag Martina roimhe seo mar Cheann Iontrála agus mar Oifigeach le freagracht as Pleanáil Acadúil agus Acmhainní laistigh den Ollscoil, agus tá taithí fhairsing aici ar cheannaireacht ardoideachais, rialachas, airgeadas, píosaí móra taighde, bainistíocht athruithe agus forbairt polasaithe, seirbhísí agus cláir a thacaíonn le misean na hOllscoile agus misean Ghrúpa Cúraim Sláinte Ollscoil Saolta.
Tá an ceapachán seo le héifeacht ón 5 Nollaig 2022 go dtí an 20 Márta 2023. Ceaptar an Dr Ní Chúlain le toiliú an Aire Fiontar, Trádála agus Fostaíochta.
Tá Denis Joyce ag obair faoi láthair mar Chomhairleoir Roghnú Iarrthóirí le gníomhaireacht earcaíochta mhór agus is ball é freisin de phainéal an Bhoird Agallaimh um Cheapacháin Phoiblí. Tá trí bliana caite aige mar Chathaoirleach ar Ghrúpa Fostóirí na Seirbhíse Náisiúnta um Fhaisnéis do Shaoránaigh. Tá sé ar bhord Thuaisceart Chonnacht/Seirbhís Faisnéise do Shaoránaigh Uladh (Cathaoirleach), MS Iarthuaiscirt (Leas-Chathaoirleach). Tá cáilíochtaí acadúla aige sa Cheannaireacht, sa Chaidreamh Tionsclaíoch, sa Bhainistíocht, sa Rialachas agus sa Chosaint Sonraí.
Tá an ceapachán seo le héifeacht ón 5 Nollaig 2022 go dtí an 25 Samhain 2026. Ceaptar an tUasal Joyce le toiliú an Aire Fiontar, Trádála agus Fostaíochta.
Bhí gairmréim fhairsing ag Hugh Farrell i bpoist bhainistíochta meánacha agus shinsearacha i suíomhanna Pobail agus Ospidéil, agus é fostaithe ag Bord Sláinte an Iarthair thar 24 bliana, agus 17 mbliana ina dhiaidh sin mar Bhainisteoir Réigiúnach, Cumann Cathaoireacha Rothaí na hÉireann freagrach as 4 Limistéar Eagraíochtaí Cúram Sláinte Pobail. Tá B. Tráchtáil (Onóracha) ag Hugh ó Choláiste na hOllscoile Gaillimh agus Dioplóma i mBainistíocht Cúraim Sláinte, An Foras Riaracháin. Ar scor anois tá suim mhór aige i gcúrsaí Pobail, Sláinte agus Cúraim Shóisialaigh agus tá sé ina Chomhalta Boird agus Coiste de roinnt Eagraíochtaí san Earnáil faoi láthair.
Tá an ceapachán seo le héifeacht ón 5 Nollaig 2022 go dtí an 19 Bealtaine 2024.
Is feidhmeannach sinsearach í June Stanley a bhfuil cuntas teiste 30 bliain bainte amach aici i gCúram Sláinte agus Seirbhísí Airgeadais. Tar éis di tús a chur lena gairm ag obair sa bhaincéireacht agus san árachas araon, bhog June isteach sa chúram sláinte i 2003; tá poist bhainistíochta shinsearach aici i nGrúpa Cúraim Sláinte Naomh Uinseann, i gClinic Leighis Hermitage, i Ospidéal Ollscoile Mater Misericordiae agus tá post aici anois mar Leas-Phríomhfheidhmeannach/Stiúrthóir Seirbhísí Oibriúcháin san Ospidéal Náisiúnta Athshlánaithe. Le linn an ama seo bhí June i gceannas ar go leor tionscadal straitéiseach lena n-áirítear forbairtí caipitil agus tionscnaimh bhainistíochta athruithe. Go gairmiúil, is Iniúchóir agus Cuntasóir Inmheánach Cairte (FCCA) í June le MSc i mBainistíocht agus Feidhmiú TF sa chuntasaíocht, Dioplóma i Rialachas Corparáideach agus Crios Glas i Lean Six Sigma do chúram sláinte agus tá sí ag staidéar faoi láthair le haghaidh Dochtúireacht i Riarachán Gnó. D’fhóin June ar Bhord carthanachta Éireannach roimhe seo, le maoirseacht shonrach ar Rialachas.
Tá an ceapachán seo le héifeacht ón 5 Nollaig 2022 go dtí an 25 Samhain 2026.
Tá James Doorley ina Ard-Rúnaí ar Chomhlachais Loingis na hÉireann faoi láthair. Is comhalta boird é freisin den Bhord um Thionóntachtaí Cónaithe agus bhí sé ina bhall den Chomhairle Fiaclóireachta roimhe seo. Fónann sé freisin ar choistí rialála leis an mBord Altranais agus Cnáimhseachais agus leis an Údarás Rialála Seirbhísí Dlí. Tá sé gníomhach le roinnt carthanachtaí, lena n-áirítear mar Chathaoirleach ar MABS Laighean Thuaidh. Tá cáilíochtaí ag James i staidéir shóisialta, sa dlí agus sa rialachas corparáideach.
-Tá an ceapachán seo le héifeacht ón 5 Nollaig 2022 go dtí an 20 Iúil 2023. Ceaptar an tUasal Doorley le toiliú an Aire Fiontar, Trádála agus Fostaíochta.
Is Príomhoifigeach Sláinte Comhshaoil é John Hanily le Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte i Ros Comáin. Is gairmí é sa tSláinte Chomhshaoil a bhfuil an-taithí aige le meascán de níos mó ná 40 bliain taithí sa tSeirbhís Sláinte agus 35 bliain taithí ardbhainistíochta. Tá John ina bhall de Bhord Clárúcháin na dTeiripeoirí Ceirde faoi láthair agus roimhe seo chaith sé 2 théarma ar Bhord Clárúcháin na mBia-Eolaithe agus na nOibrithe Sóisialta araon.
Tá an ceapachán seo le héifeacht ón 5 Nollaig 2022 go dtí an 20 Iúil 2025. Ceaptar an tUasal Hanily le toiliú an Aire Fiontair, Trádála agus Fostaíochta.
Tá Adrienne Byrne paiseanta agus tiomanta d’obair a dhéanamh le leanaí agus le teaghlaigh tríd an Earnáil Cúraim, Leasa agus Chosaint Leanaí le breis is 30 bliain. Tá Adrienne ina hoibrí deonach agus ina tiomsaitheoir airgid d’Eagraíochtaí Carthanúla ó bhí sí sna déaga. Tá sé de phribhléid aici oibriú i ngairm atá paiseanta aici. Obair Shóisialta í an ghairm sin. Bhain Adrienne Baitsiléir san Obair Shóisialta amach i gColáiste na hOllscoile, Corcaigh agus ansin roinnt blianta ina dhiaidh sin rinne sí Máistreacht i dTaighde in Obair Shóisialta agus sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath. Tá Adrienne ina hOibrí Sóisialta ag cleachtadh ó 1996. Tá sí ag obair ag abhcóideacht ar son leanaí agus teaghlaigh le haghaidh Tithíocht, Seirbhísí Tacaíochta, Seirbhísí Meabhairshláinte, Comhairleoireacht agus idirghabhálacha teiripeacha Teaghlaigh. D’oibrigh sí le Gníomhaireachtaí Deonacha agus Reachtúla chun na seirbhísí a sholáthar agus leanann sí ar aghaidh ag déanamh amhlaidh i gcleachtas leanúnach na hOibre Sóisialta le Gníomhaireacht Leanaí & Teaghlaigh Tusla. Bhí Adrienne ina ball de Choiste Feidhmiúcháin Náisiúnta Snr a hAontais ar a dtugtar Forsa anois agus bhí sí ina Leas-Chathaoirleach ar Rannán Fheidhmeannais Náisiúnta Sláinte agus Leasa a Aontais. Tá sí ag obair go deonach le blianta beaga anuas le daoine gan dídean um thráthnóna agus oícheanta. Faoi láthair tá Adrienne ina ball de Chlub Lions Dhún Laoghaire a thacaíonn le daoine leochaileacha, daoine scothaosta, teaghlaigh agus carthanachtaí sa phobal áitiúil. Toghadh Adrienne chuig an mBord Clárúcháin um Obair Shóisialta ag CORU 2014 go 2016 agus bhí sé de phribhléid í a bheith tofa don dara téarma.